AR NA SAOLTA SEO
An-dochar déanta do ghluaiseacht na poblachta le tamall anuas
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

Tá robáil Bhanc an Tuaiscirt tar éis droch-chlú a tharraingt ar ghluaiseacht na poblachta ach, mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail, tá sé seo tar éis tarlú go minic ó bhí tús na dTrioblóidí ann.

Íomhá
Príomh-Chonstábla an PSNI, Hugh Orde
Íomhá
Banc an Tuaiscirt i mBéal Feirste, as ar goideadh £26.5 milliún
Íomhá
Keith agus Kenneth Littlejohn

Is fada an lá ó bhí Sinn Féin chomh mór faoi bhrú agus atá faoi láthair. B’fhéidir gur ar chomóradh 100 bliain bhunú an pháirtí a bhí ceannairí Shinn Féin ag súil le bheith ag caint i mbliana ach, ina ionad sin, ó thús 2005 táid ag séanadh líomhaintí go bhfuil gluaiseacht na poblachta freagrach as robáil bainc, sciúradh airgid agus dúnmharú fir i mBéal Feirste. An é go bhfuil an IRA imithe go hiomlán as smacht nó an bhfuil míniú eile ar Shinn Féin bheith gann ar fhreagraí sásúla an babhta seo!

I dtosach chuir ceannaire an PSNI, Hugh Orde, i leith an IRA gurbh iadsan a bhí freagrach as robáil Bhanc an Tuaiscirt, ansin dúirt an Taoiseach gur chreid sé siúd go raibh a fhios ag ceannairí Shinn Féin faoin robáil roimh ré. Lean ráiteas ó na Gardaí ag rá gur bhain na daoine a gabhadh i gCorcaigh – agus airgead Sasanach ina seilbh – le fáinne sciúrtha airgid de chuid ghluaiseacht na poblachta. Ainneoin nach bhfuil na Gardaí ná an PSNI tar éis aon dearbhú a thabhairt go fóill gur bhain an t-airgead Sasanach a aimsíodh i gCorcaigh le robáil Bhanc an Tuaiscirt, deir an tAire Dermot Ahern nach bhfuil aon amhras ar an rialtas ach gur ón robáil seo a tháinig ar a laghad cuid den airgead a fuarthas.

Is fíor go raibh comhairleoir de chuid Shinn Féin, Tom Hanlon, i measc an ochtair a ghabh na Gardaí. Ach ba é Hanlon an t-aon duine amháin a gabhadh nach bhfuarthas aon airgead, ná aon fhianaise eile a rachadh in choinne, ina sheilbh. Ainneoin gur thuairiscigh nuachtán áirithe gur gníomhaí de chuid Shinn Féin ab ea George Hegarty, a bhfuarthas £60,000 ina theach i nDúglas i gContae Chorcaigh, tuigtear do Beo! nach ball de chuid Shinn Féin é. Ní heol aon cheangal ach oiread a bheith ag Ted Cunningham ná ag a pháirtnéir Cathy Armstrong, ar aimsigh na Gardaí £2.5 milliún ina teach, le gluaiseacht na poblachta. Is é an fhírinne nár cúisíodh ach aon duine amháin as an eachtra uilig agus, más fíor do na Gardaí féin, ba “easaontóir poblachtánach” é siúd.

Níl aon amhras ach thar tréimhse chogaíochta 30 bliain go raibh an IRA freagrach as go leor bancanna a robáil agus go leor daoine a dhúnmharú. Ach bhí an clú ar an eagraíocht chéanna as freagracht a ghlacadh as aon eachtra a rabhadar páirteach inti. Ba gheall le hadmháil é ag an IRA go raibh baill dá gcuid páirteach i ndúnmharú Robert Mc Cartney nuair a d’fhógair siad go poiblí go raibh triúr óglach díbeartha acu de bharr an dúnmharaithe. Ach chomh fada agus a bhaineann sé le robáil Bhanc an Tuaiscirt, tá an IRA fós ag séanadh go láidir na líomhaintí gurbh iad a bhí freagrach.

In arm ar bith, bíonn i gcónaí daoine le claonadh chun coiriúlachta agus nuair a chríochnaíonn cogadh agus iad díomhaoin is minic go ngéilltear don chlaonadh seo. Ní chuirfeadh sé iontas dá laghad orm mar sin más amhlaidh go raibh baill den IRA páirteach i robáil Bhanc an Tuaiscirt. Fiú más fíor seo, ní hionann sin is a rá, dár ndóigh, gur robáil é a d’ordaigh an IRA. Aon duine a léigh leabhair bhleachtaireachta tá a fhios aige gurb é an ceannfháth is minicí a chaitheann solas ar cérbh é an dúnmharfóir.

Tá rud amháin cinnte: ní dhearna robáil Bhanc an Tuaiscirt pioc maitheasa do thacaíocht ghluaiseacht na poblachta i gcoitinne, ach a mhalairt ghlan. Tharraing an robáil aird gach duine ón bhfíorfhadhb, is é sin le rá, cinneadh rialtas na Breataine uair amháin eile géilleadh don Dr. Paisley.

Tacaíocht sa deisceart

Níorbh é seo an chéad uair a tharraing robáil bainc drochchlú ar phoblachtánaigh. Músclaíodh mothúcháin láidre phoblachtánacha i measc phobal an deiscirt nuair a bhris na Trioblóidí amach i 1968. Ach taobh istigh de thréimhse ghairid, tháinig laghdú ar an tacaíocht seo arís. Ceann de na cúiseanna leis an titim seo ba é an líon mór robálacha bainc a tharraing drochchlú ar phoblachtánigh. Idir 1968-72 robáladh dhá bhanc déag. I gcás go leor de na robálacha seo, níor ciontaíodh riamh aon duine. Agus murach go raibh duine de na robálaithe dúr go leor le fianaise a fhágáil ina dhiaidh, bheimis fós dall go dtí an lá inniu ar cé a bhí freagrach as róbáil na mbanc seo. Ag fiosrú robáil brainse AIB i Sráid Grafton i nDeireadh Fómhair 1972 a bhí na Gardaí nuair a d’aimsigh siad bille leictreachais sa ghluaisteán éalaithe. Bhain an bille seo le duine darbh ainm Kenneth Littlejohn, a bhí tar éis teitheadh go dtí an Bhreatain faoin am seo. Chuaigh na Gardaí i dteagmháil le póilíní na Breataine agus deineadh iarracht Kenneth agus a dheartháir Keith a eiseachadadh. Anois a chloisfí an fíorscéal. Saighdiúir sa Reisimint Pharaisiúit ab ea Kenneth Littlejohn go dtí gur caitheadh amach as arm na Breataine é i 1959 de bharr amhras go raibh sé páirteach i ngadaíocht. I 1969 theith sé go hÉirinn nuair a bhí póilíní na Breataine á lorg chun é a cheistiú maidir le £30,000 a robáil. Más fíor do na Littlejohns, le cabhair Lady Pamela Onslow, a bhí cairdiúil le Lord Carrington – a bhí ina Aire Cosanta i rialtas Coimeádach Edward Heath ag an am – eagraíodh cruinniú idir iad agus aire sóisearach de chuid Rialtas na Breataine, Geofrey Johnson Smith, i Kensington House. Mar thoradh ar an gcruinniú sin, an lá dár gcionn bhuail Kenneth le ball den MI6. Maíonn na Littlejohns gur iarr an MI6 orthu filleadh ar Éirinn agus tathaint ar phoblachtánaigh bainc a robáil, ag súil go dtarraingeodh seo drochchlú ar ghluaiseacht na poblachta agus go spreagfadh sé rialtas na hÉireann le himtheorannú a chur i bhfeidhm sa deisceart. Deineadh éisteachtaí eiseachadta na Littlejohns a reáchtáil i Londain in camera. I Márta 1973, cuireadh an bheirt deartháireacha ar ais go hÉirinn agus cuireadh iad faoi thriail sa Chúirt Choiriúil Speisialta. Ach dhiúltaigh an chúirt líomhaintí na Littlejohns go rabhadar ag obair do MI6 a scrúdú. I dtosach shéan an Taoiseach Jack Lynch go raibh aon eolas aige faoi na Littlejohns a bheith ag obair do MI6, ach níos déanaí d’admhaigh sé go rabhthas tar éis é sin a chur in iúl dó ach go raibh sé ligthe i ndearmad aige. Ocht mbliana níos déanaí scaoileadh na Littlejohns saor ar chúiseanna daonnachtúla. Le linn na tréimhse 30 bliain inar mhair an cogadh, níor chreid mé riamh go raibh dualgas ar cheannairí Shinn Féin cáineadh poiblí a dhéanamh ar ghníomhartha barbartha an IRA, ná go raibh orthu míniú nó freagra a thabhairt ar na huafáis chéanna. Cé nach bhfuil aon amhras orm ach go bhfuil baill i gcoiteann ag an dá eagraíocht, rud a chothaíonn gaol ann féin, gaol as ar eascair ar uairibh comhoibriú áirithe, chreid mé agus creidim fós gur dhá eagraíocht atá go hiomlán neamhspleách iad Sinn Féin agus an IRA. Cháin Sinn Féin (agus an ceart acu) iadsan a dhúnmharaigh an tUasal Robert McCartney agus iadsan a robáil Bhanc an Tuaiscirt, ach má chuirtear fianaise chun tosaigh amach anseo a léiríonn gurb iad an IRA a bhí freagrach as robáil Bhanc an Tuaiscirt – agus, mar a luaigh mé, níl aon chinnteacht gurbh iad – beidh dualgas ar Shinn Féin an IRA a cháineadh go poiblí agus, dá réir, deireadh ar bhonn buan a chur le pé gaol a bhí riamh eatarthu.

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.