CÚRSAÍ SPÓIRT
An bua ag Áth Cliath - san iomáint!
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Bhí go leor cluichí iontacha iománaíochta le feiceáil sa bhliain 2001 ach measann Colm Mac Séalaigh gur beag ceann a bhí inchurtha le cluiche leathcheannais Choláistí Laighean “A” idir Coláistí Átha Cliath agus Coláiste Chiaráin, Cill Chainnigh.

Tá sé mar nós an t-am seo den bhliain súil siar a chaitheamh ar imeachtaí éagsúla agus ar chluichí móra na bliana atá díreach thart. Is iondúil gur ar na cluichí móra peile agus iománaíochta idir-chontae a bhíonn aird an phobail agus na dtuairisceoirí dírithe. Dar ndóigh, bhí mórchuid cluichí peile ann sa bhliain atá caite de bharr an chórais nua a bhí i bhfeidhm agus tabharfaidh siad sin neart ábhar cainte go ceann i bhfad!

Ó thaobh na hiománaíochta de, bliain chiúin a bhí inti ar bhealach i ngeall ar an oiread cluichí peile a imríodh. Mar sin féin tá roinnt cluichí iontacha le cuimhneamh siar orthu, ina measc Luimneach v Corcaigh, Luimneach v Loch Garman, i ngrád na sinsear agus faoi 21 bliain, agus Gaillimh v Cill Chainnigh. Sea, cluichí iontacha agus gaiscí móra ag sárimreoirí.

Ach, ar bhonn pearsanta má bhí cluiche amháin a sheas amach i bhfad os cionn gach ar tharla i 2001 is é an bua iontach a bhí ag foireann iomána Choláistí Átha Cliath ar Choláiste Chiarán as Cill Chainnigh i gcluiche leathcheannais Choláistí Laighean ‘A’ ar an 24 Márta i bPáirc Pharnell. Agus nuair a bhuaigh Coláistí Átha Cliath Corn Uí Dhúill seachtain ina dhiaidh sin i bPáirc Uí Nualláin, Ceatharlach chuir sé an sméar mhullaigh ar imeachtaí na bliana. Ach dob é an bua úd ar Choláiste Chiaráin an bua ba mhilse ar fad mar gurbh iadsan curaí Laighean agus na hÉireann agus ceann de na coláistí is láidre a bhí riamh ann i stair na hiománaíochta. An lá úd, an 24 Márta, thug foireann Choláistí Átha Cliath sárthaispeántas i bPáirc Pharnell agus léirigh an fhoireann céard ab fhéidir a bhaint amach trí shíorchleachtadh, obair dhian agus féinmhuinín.

Rogha na n-imreoirí

Cuireadh tús le foireann iománaíochta Choláistí Átha Cliath sa bhliain 1994 de bharr rúin ar glacadh leis ag cruinniú cinn bhliana Chomhairle Choláistí Laighean, is é sin go mbeadh cead ag foireann thar ceann Choláistí Átha Cliath páirt a ghlacadh i gCraobhchomórtas Choláistí Laighean ‘A’. Is éard atá sa bhfoireann seo ná rogha na n-imreoirí ó na meánscoileanna go léir i gContae Átha Cliath.

Is é an cuspóir ná deis a thabhairt do scoth na n-iománaithe óga as Baile Átha Cliath imirt i gcoinne na n-imreoirí is fearr sna coláistí is láidre i gCúige Laighean ar nós Choláiste Naomh Ciarán, Cill Chainnigh, Coláiste Naomh Peadar, Loch Garman, Coláiste na Dea-Chomhairle, Ros Mhic Thriúin, etc, agus ar an gcaoi sin caighdeán na himeartha i mBaile Átha Cliath a ardú.

Sna blianta tosaigh ní go rómhaith a d’éirigh le foireann Choláistí Átha Cliath. Craobhchomórtas a bhí ann agus ní bhíodh an dara seans ná cúldoras ar fáil. Is mar sin a bhí an scéal fiú tar éis athrú a bheith déanta ar an gcóras agus cúpla cluiche cáilithe a bheith le himirt le dul chun cinn go dtí babhta leathcheannais den chraobhchomórtas. An fhadhb a bhí ag foireann na gColáistí ná nach mbíodh dóthain ama acu chun foireann a chur le chéile i gceart agus aghaidh a thabhairt i gcoinne foirne oilte, fadbhunaithe na gcoláistí móra.

Tugadh córas eile chun cinn i 1998, is é sin dhá ghrúpa de cheithre fhoireann, sraithchomórtas sa chéad téarma agus gach foireann páirteach sa chluiche ceathrú ceannais sa dara téarma. Chiallaigh sé sin go mbeadh trí chluiche breá deacair i mí na Samhna ag foireann Átha Cliath agus iad mar ullmhúchán don chraobhchomórtas san earrach.

Feabhas mór

Tar éis comórtas na sraithe a bheith bunaithe tháinig feabhas mór ar fhoireann Choláistí Átha Cliath láithreach. De bharr taithí agus chleachtadh na gcluichí sraithe d’éirigh le foireann na gcoláistí cluiche ceannais Laighean a bhaint amach trí bliana i ndiaidh a chéile. Chaill siad i ‘99 agus ‘00 i gcoinne Choláiste Naomh Ciarán ach i 2001 bhí an bua acu ar deireadh, bua a bhí ina bhrionglóid roimhe sin, i gcoinne Choláiste na Dea-Chomhairle.

Ní go rómhaith a thosaigh an bhliain seo caite áfach. Sa chéad chúpla cluiche sraithe bhí an bua ag Coláiste na Dea-Chomhairle agus ag Coláiste Cistercian, Ros Cré ar Choláistí Átha Cliath, ach sa tríú cluiche bhí bua mór ag Áth Cliath ar Choláiste Naomh Peadar. I mí Feabhra bhuaigh Áth Cliath ar Scoil na mBráithre Críostaí, Inis Córthaidh sa chluiche ceathrú ceannais ach ní mó ná sásta a bhí an lucht bainistíochta le caighdeán na himeartha agus ní raibh aon chosúlacht go raibh éacht ar tí tarlú.

Chuir an chinniúint a ladhar isteach sa scéal ansin nuair a tharla an galar crúibe agus béil. Chuir sin stad le himeachtaí spóirt ar fud na tíre ar feadh roinnt seachtainí. Nuair a tugadh cead arís dul i mbun imeartha bhí an aimsir agus na páirceanna níos fearr agus na laethanta níos faide. Thug an sos imeartha sin deis do Choláistí Átha Cliath tuilleadh traenála a dhéanamh agus ullmhú i gceart don chluiche leathcheannais i gcoinne Choláiste Chiaráin, Cill Chainnigh, curaí Laighean agus uile-Éireann na bliana roimhe. Bhí an cluiche sin socraithe don Satharn, 24 Márta i bPáirc Pharnell in ainneoin cás den ghalar crúibe agus béil a bheith aimsithe i gContae Lú cúpla lá roimhe. Shíl gach duine go raibh deireadh leis an gcluiche, ach ar an Aoine tugadh cead dul ar aghaidh leis. Mar sin, ar an Satharn bhí gach rud i gceart le haghaidh na coimhlinte.

Cluiche iontach iomána a bhí ann. Bhí an scil, an cur chuige, an dráma go léir a bhaineann leis an iomáint ar taispeáint an lá sin. Ag Coláiste Chiaráin a bhí an lámh in uachtar go luath sa chluiche agus an scór tar éis 14 nóiméad ná 2-2 i gcoinne 0-1. Don chuid eile den leath bhí na foirne cothrom go leor de bharr feabhas a bheith tagtha ar imirt Choláistí Átha Cliath, ach an scór ag leathama ná 0-4 i gcoinne 2-4 ar son Choláiste Chiaráin.

Teannas

Is beag duine a shíl go dtiocfadh mórán athrú ar threo na himeartha sa dara leath ach ní mar a shíltear a bítear! Trí chúilín ó phocanna saora do na Coláistí go luath sa dara leath agus bhí an scór ag 0-7 i gcoinne 2-4. An chéad rud eile an sliotar i gcúl eangach Choláiste Chiaráin. Comhscór! Bhí an teannas agus an choimhlint ag méadú go tapa faoin tráth sin agus le 60 nóiméad caite bhí na foirne fós ar comhscór, 1-10 i gcoinne 2-7. Am breise de bharr gortú agus cúilín do Chill Chainnigh. Ionsaí amháin eile ag Coláistí Átha Cliath agus poc éirice gnóthaithe acu. An treoir ón taobhlíne ná cúilín a aimsiú. 1-11 i gcoinne 2-8. Tríocha nóiméad d’am breise le himirt!

An cheist mhór agus na foirne ag dul i mbun comhraic arís ná cé acu a raibh an toil agus an croí acu chun an bua a ghnóthú.

Coláistí Átha Cliath a chuaigh chun cinn ar dtús le trí chúilín bhreátha ach níor ghéill muintir Chill Chainnigh agus faoi leathama ní raibh ach dhá chúilín idir na foirne. Cúig nóiméad déag le dul agus Cill Chainnigh ar an ionsaí arís is arís eile agus is gearr go raibh na foirne ar comhscór arís, 1-14 i gcoinne 2-11. An teannas dochreidte agus na Cait réidh chun buille marfach a thabhairt d’Áth Cliath. Ach, fan. Laistigh de dhá nóiméad eile bhí dhá chúl aimsithe ag na Dubs! Ar ais le Cill Chainnigh ar an ionsaí chun cúl agus cúilín a aimsiú agus an scór ná 3-14 in aghaidh 2-12. Dá bhfaigheadh Cill Chainnigh cúl eile! Ach ina ionad sin, ba iad na Coláistí d’aimsigh an dá scór deiridh agus an lá leo leis an scór 3-16 i gcoinne 3-12.

Seachtain ina dhiaidh sin bhuaigh foireann as Áth Cliath craobh Choláistí Laighean agus Corn Uí Dhúill den chéad uair le 47 mbliana.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.