AR NA SAOLTA SEO
An breithiúnas deireanach
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Reáchtálfar toghcháin Údarás na Gaeltachta ar an 2 Aibreán. Scór ball a bheas ar an bhord úr - toghfar seacht nduine dhéag agus ainmneofar triúr eile (an Cathaoirleach san áireamh). Féachann Breandán Delap siar ar an téarma atá curtha isteach ag na comhaltaí tofa agus bronnann marc ar gach duine acu as an obair atá déanta aige nó aici.

Gaillimh

Seán Creavan (Ball ainmnithe, an Páirtí Daonlathach)

Níor fhág sé a rian ar Bhord Údarás na Gaeltachta le cúig bliana anuas. Míbhuntáiste aige sa mhéid is go bhfuil sé ag déanamh ionadaíochta do cheantar nach raibh ina cheantar Gaeltachta i ndáiríre le fada an lá. Níor éirigh leis a pháirtí a chosaint go rómhaith ó ionsaithe rialta Sheosaimh Uí Chuaig. Thacaigh sé le rún Uí Chuaig a cháin an rialtas (a pháirtí féin san áireamh) as easnamh i gclár caipitil an Údaráis. Deirtear go bhfuil suim mhór léirithe aige i gcúrsaí iascaireachta ach i mbeagán ábhar eile. Ní aithneofaí é i stiúideonna TG4 ná Raidió na Gaeltachta.

Marc: E

*Pádhraic Ó Biadh (FF) *

Post lánaimseartha déanta aige as abhallraíocht ar Bhord an Údaráis agus costais arda éilithe aige thar na blianta. Mhaígh sé ina fheachtas toghcháin go raibh sé ag iarraidh go gcloisfí glór an ghnáthdhuine ar bhord an Údaráis. Más cruthú ar bith iad na seisiúin oscailte agus miontuairiscí na gcruinnithe, áfach, ní léir gur cloiseadh an glór seo go rómhinic. Rinne sé tréaniarracht a chinntiú i gcónaí go bhfaigheadh Ceantar na hOileán a sciar féin d’infheistíocht an Údaráis. Mhol sé, mar shampla, gur cheart go rachadh céatadán áirithe den airgead a gheobhfaí as díol thithe saoire Eanach Mheáin siar go dtí Ceantar na n-Oileán, rud nár tharla.

Marc: D

Seosamh Ó Cuaig (Neamhspleách)

Cainteoir iontach agus fear nach gcailleann deis poiblíocht a fháil dó féin, fiú i gcás ceisteanna nach mbaineann le gnó an bhoird ar nós na bhfadhbanna uisce ar an Cheathrú Rua. Ar cheann de na polaiteoirí is glice ar an Bhord ach amanna bíonn sé róghlic. An-cháinteach, mar shampla, faoi easnamh i gclár caipitil an Údaráis ach ag an am chéanna bhí sé ar dhuine de na comhaltaí a mhol go ndíolfaí Tithe Saoire Eanach Mheáin don tríú tairiscint ba mhó, ar chaillteanas €0.5m don Údarás! Díomá ar lucht na Gaeilge faoin seasamh a ghlac sé i gcoinne coinníoll teanga a bheith leagtha síos i gcás eastáit tithe sóisialta i gCarna. Tapaíonn sé an deis go rímhinic sonc a thabhairt don Aire Éamon Ó Cuív agus saighid a chaitheamh i dtreo an Pháirtí Dhaonlathaigh. Bíonn a chuid obair bhaile déanta i gcónaí aige agus cáipéisí na bhfeidhmeannach léite go cúramach aige.

Obair mhór déanta aige d’iascairí beaga na Gaeltachta cé nach bhfuil aon toradh le feiceáil ar an saothar sin go fóill. Ní labhraíonn sé leis na meáin ach nuair a oireann sé dó féin.

Marc: B

Connie Ní Fhatharta (FF)

Rud beag róchúramach faoin teagmháil atá aici leis na méain chumarsáide. É sin ráite, ní chuireann sí am amú ag clabaireacht agus labhraíonn sí go ciallmhar ag cruinnithe an Bhoird. Duine de na comhaltaí is mó taithí ar an bhord agus í ina Comhairleoir Contae agus ina hiar-Chathaoirleach ar Chomhairle Contae na Gaillimhe. Dá réir sin, bheifeá ag súil le rud beag níos mó uaithi i gcur chun cinn an mhórphictiúir. Cosúil le go leor de na comhaltaí eile, bíonn sí de shíor ag faire ar sheansanna áitiúla. Rinne sí obair mhaith i leith scéim séarachais agus fadhbanna uisce na Ceathrún Rua, cé nach mbaineann sé sin lena bunchúram. Moladh tuillte aici as seasamh siar ón vóta faoi dhíol thithe Eanach Mheáin mar go raibh comhairleoir polaitiúil dá cuid ar dhuine dóibh siúd a chuir tairiscint isteach.

Marc: C-

Pól Ó Foighil (FG)

Conspóideach agus fuinniúil. Choinnigh sé na feidhmeannaigh faoi bhrú i gcónaí cé gur minic a bhí sé ag tarraingt uisce ar a mhuileann féin. Bhíodh cruinnithe spreagúla ann i gcónaí nuair a bhíodh sé i láthair agus níor chuir sé fiacail ann riamh. D’éirigh sé as anuraidh nuair a theip ar a shláinte. Crothnófar é ón bhord úr.

Marc: B-

Seán (Jackie) Ó Droighneáin (AMICUS)

Ní dheachaigh sé i bhfeidhm rómhór ar an bhord ó ceapadh anuraidh é le teacht i gcomharbacht ar Phól Ó Foighil. Seans go raibh míthuiscint éigin aige faoina ról. Ó tharla gur ionadaí foirne a bhí ann agus go raibh sé lárnach sa cheardchumann, bhí dualgas air freastal ar mhianta na bhfeidhmeannach. Ach ba bheag tionchar a bhí aige ar na cruinnithe boird. Tá foireann an Údaráis thar a bheith sásta, áfach, go bhfuil glór acu ar an bhord ag am nuair atá airgead gann.

Marc: D

*Cathy Ní Ghoill (Ball ainmnithe, Neamhspleách) *

D’éirigh go maith le Cathy Ní Ghoill riachtanais na n-oileán a chur ar an chlár oibre. Tá plean oileánda curtha le chéile anois ag an Údarás agus ag Roinn na Gaeltachta. Labhair sí go stuama is go ciallmhar agus is léir ó na miontuairiscí gur suim léi ábhair níos leithne ná ceisteanna oileánda amháin. Tá easpa ban agus oileánach ar an bhord agus seans maith, mar sin, go n-athcheapfar í ar an chéad bhord eile.

Marc: C+

Seán Ó Neachtain (FF)

Thit sé idir dhá stól ó ceapadh ina Fheisire Eorpach é. Chaith sé go leor fuinnimh ag iarraidh a bheith atofa go Parlaimint na hEorpa. D’ainneoin sin, bhí sé i láthair ag beagnach chuile chruinniú boird. Bhí polaitíocht na bpáirtithe le sonrú go láidir ina chuid gníomhaíochtaí san Údarás agus é ina fhuip ar Fhianna Fáil. Ní raibh a chuid babhtaí argóna le Pól Ó Foighil chomh binbeach an tréimhse seo is a bhíodh san am a chuaigh thart. An chosúlacht air gur tábhachtaí dó forbairtí ina cheantar féin seachas cur chun cinn na Gaeltachta i gcoitinne. Seasamh conspóideach glactha aige maidir le hatarraingt teorainneacha na Gaeltachta agus é go láidir den bharúil nár cheart aon cheantar a chaitheamh amach as an Ghaeltacht. Beidh le feiceáil an éireoidh lena iarracht a shuíochán a thiomnú dá iníon.

Marc: C

Seán Ó Tuairisc (FF)

Oibrí crua agus fear macánta ach sáite go huile is go hiomlán sa pholaitíocht áitiúil. Cúitíodh a shaothar leis nuair a toghadh mar Chomhairleoir Contae é anuraidh. Tuairimí maithe curtha chun cinn aige maidir le “gorlanna gnó” i gConamara ach má bhí fiúntas ina mholadh go ndéanfaí cuid mhór de ghnó an Údaráis a dhílárú go Casla, theip air é a chur ina luí ar mhórán. Tá dlúthcheangal idir é agus an tAire Ó Cuív agus an chuma ar an scéal go bhfuil sé faoi scáth ghlór a mháistir. An chosúlacht air fosta go bhfuil eagla air roimh na meáin chumarsáide. D’éirigh sé as an mhúinteoireacht le bheith ina pholaiteoir lánaimseartha nuair a toghadh ina Chomhairleoir Contae é.

Marc: C

Dún na nGall

Dáithí Alcorn (FF)

Polaiteoir cliste a bhfuil caidreamh maith aige le feidhmeanaigh an Údaráis, leis an Aire Stáit Pat the Cope Ó Gallchóir agus leis an Aire Mary Coughlan. Coinníonn sé súil ar achan rud a bhaineann lena thoghcheantar agus coinníonn sé i dteagmháil go dlúth leis an phobal a bhfuil sé ag déanamh ionadaíochta dó. Sáite i bpolaitíocht na bpáirtithe agus is beag a chuireann sé le fís leathan na heagraíochta. Polaiteoir lánaimseartha. Dála Connie Ní Fhatharta, is iar-Chathaoirleach Comhairle Contae é agus bheifeá ag dréim go mbeadh tionchar ní ba mhó aige ar obair an Údaráis lasmuigh dá cheantar féin.

Marc: C

Seán Ó Baoill (FF Neamhspleách)

Fear Gaeltachta go smior a bhfuil prionsabail láidre aige i leith na teanga agus a phobail féin. Rud beag imeallaithe ar an bhord de bharr nach mbaineann sé le ceann de na páirtithe móra. Chomh maith leis sin, cuimhneofar ar a sheasamh i leith thithe aonair faoin tuath, ceist nach bhfuil aon bhaint aici le bunghnó an Údaráis. Oibrí crua a rinne iondaíocht mhaith dá cheantar beag Gaeltachta. An-láidir maidir le ceisteanna teanga.

Marc: C+

Liam Ó Cuinneagáin (Cathaoirleach an Údaráis)

Ceann de na Cathaoirligh is fearr a bhí ar an Údarás riamh. Sheas sé sa bhearna bhaoil go minic le cúpla bliain anuas agus chosain sé an eagraíocht go maith sna meáin chumarsáide nuair a bhí siad sáite i gconspóidí éagsúla. An-mhisneach léirithe aige fosta nuair a chuaigh sé go Gaoth Dobhair le hiarracht a dhéanamh fuascailt a fháil ar an ghéarchéim fostaíochta ansin. Níor chuir conspóid thithe Eanach Mheáin rómhór lena cháil, áfach, agus an chuma ar an scéal gur fochoiste réigiúnda a ghlac an cinneadh na tithe a dhíol leis an tríú tairiscint ab airde. Moltaí cruthaitheacha curtha chun cinn aige agus d’éirigh leis smacht a choinneáil ar chuid de na comhaltaí achrannacha. An mbeidh sé de mhisneach ag an Aire Ó Cuív é a athcheapadh?

Marc: B+

Pádraig Ó Dochartaigh (FG)

Seanfhondúir a bhfuil taithí na mblianta le sonrú ar a chuid ionadaíochta ar bhord an Údaráis. Fear é a throidfidh go fíochmhar ar son tionscadail má mheasann sé go bhfuil fiúntas ag baint leis. Léirigh sé le dornán blianta anuas go bhfuil fios a ghnaithe aige maidir leis an dóigh is fearr leis an chóras a imirt. Faigheann sé greim an-ghasta ar cheisteanna casta. Tuiscint mhaith léirithe aige ar chúrsaí gnó agus bheadh dearcadh pragmatach aige ar an choimhlint idir cúrsaí forbartha is teanga. Ionchur dearfach ar ghnaithí an bhoird agus fear nach bhfuil aon eagla air roimh na meáin chumarsaide.

Marc: B

Brian Ó Domhnaill (FF)

Díograiseach agus ceanndána. Is polaiteoir go smior é agus an chuma ar an scéal go bhfuil sé ag déanamh aithrise ar stíl Pat *the Cope *Ó Gallchóir. Bíonn súil i gcónaí aige ar an chéad deis eile leis féin a chur chun cinn. Ach ní féidir cloigeann críonna a chur ar ghuaillí óga agus tá neart le foghlaim aige. Is minic gur ag baothchaint a bhíonn sé agus ba cheart dó a bheith níos roghnaí faoi na cúiseanna uilig a ghlacann sé ar lámh. Oibrí crua agus an-éifeachtach ag plé leis na meáin chumarsáide.

Marc: C

Ciarraí

Breandán Mac Gearailt (FF)

Fear cumasach, Gaelach a bhfuil taithí fhairsing aige. Labhraíonn sé go ciallmhar is go stuama ag na cruinnithe. Chuir sé olc ar dhaoine áirithe nuair a bhí coinníollacha teanga sa chóras pleanála faoi chaibidil i mBaile an Fheirtéaraigh. Bhí an chuma ar an scéal go raibh sé ag caint ón dá thaobh dá bhéal ar an cheist chigilteach seo. Tá sé i dtiúin go mór leis an phobal a thogh é. Ní éiríonn leis a bheith i láthair faraor do gach cuid de gach cruinniú. Thar cionn ag plé leis na meáin agus tá a cholún féin aige in Foinse.

Marc: B-

Séamus Cosaí Mac Gearailt (FG)

Déanann sé a chuid oibre ar bhealach ciúin, staidéarach. Léiríonn sé an-suim i ngnóthaí a bhaineann lena dhúiche féin ach, dalta go leor de na comhaltaí eile, is beag a chuir sé le haon díospóireacht ní ba leithne faoi ról an Údaráis. Cosúil lena chomh-Ghearaltach, níor léir cén seasamh a bhí á ghlacadh aige ar an chonspóid faoi eastát tithíochta i mBaile an Fheirtéaraigh nach raibh aon choinníoll teanga ceangailte leis.

Marc: C-

Maigh Eo

Ian Mac Aindriú (FG)

Oibrí crua agus ionchur ciallmhar go maith aige sna díospóireachtaí. Déanann sé ionadaíocht láidir dá phobal agus cuireann sé féin agus an Comhalta Tadhg Ó Cuinn le chéile go maith chun iarracht a dhéanamh airgead a fháil do Mhaigh Eo. Bíonn sé deacair go leor air é seo a bhaint amach mar go bhfuil sé ag freastal ar cheantar a bhfuil an teanga lag ann. Is beag ionchur a bhí aige i ndíospóireachtaí faoi ról leathan an Údaráis. Ciúin go leor sna meáin.

Marc: D

Tadhg Ó Cuinn (FF)

Tá an-taithí aige agus bíonn sé ciallmhar go leor i mbun díospóireachta. Maith ar chúrsaí gnó is buiséid ach is polaiteoir den seandéanamh é seachas duine a bheas ag cur físe chun tosaigh don Údarás. Déanann sé ionadaíocht maith go leor dá phobal. Suim mhór aige i gcúrsaí feirmeoireachta éisc rud atá tábhachtach go maith i gceantar mara ar nós Iorrais. Tá caidreamh maith aige leis an fheidhmeannas ach próifíl íseal aige sna meáin chumarsáide.

Marc: C

Corcaigh

Mícheál Ó Scanaill (FG)

An-stuama, staidéarach, díograiseach agus cliste. Seasamh láidir glactha aige ar son ionad oideachais i mBaile Bhuirne san áit ina mbíodh Coláiste Íosagáin tráth. Níor éirigh leis é seo a bhaint amach go fóill. An-sáite i bpolaitíocht na bpáirtithe. Lena chois sin, ní chloistear a ghlór nó ní fheictear a éadan rómhinic ar na haerthonnta. An t-aon chomhalta amháin a bhain aon sochar as conspóid thithe Eanach Mheáin. Ba é an t-aon duine a d’ardaigh ceisteanna faoin chinneadh go ndíolfaí na tithe leis an tríú tairiscint ab airde ar chaillteanas leathmhilliún euro don Údarás. Dá n-éisteofaí leis ag an am ní bheadh an oiread sin drochphoiblíochta faighte ag an Údarás.

Marc; B+

An Mhí

Cathal Seoighe (Neamhspleách)

Fear eile atá ag feidhmiú mar ionadaí lánaimseartha, rud nár samhlaíodh riamh i gcás comhalta boird. Ag síormhaíomh nach bhfuil Contae na Mí ag fáil sciar féin d’airgead an Údaráis. Níl aon doimhneacht léirithe aige sa mhéid a deir sé i ndíospóireachtaí an bhoird. Tá sé mar ionadaí ar cheann de na Gaeltachtaí is lú agus is beag an tionchar a bhí aige dá réir.

Marc: D

Port Láirge

Fiachra Ó Céilleachair (LO)

Tuairimí an-láidre léirithe aige faoi chúrsaí pleanála agus faoi thithe samhraidh sa Ghaeltacht, cé nach mbaineann na hábhair seo go díreach le bunghnó an Údaráis. Láidir fosta ag caint faoi thalamh is acmhainní nach bhfuil á bhforbairt mar is ceart ag an Údarás. Suim faoi leith léirithe aige i dtionscadail teanga. Rinne sé ionadaíocht mhaith dá cheantar Gaeltachta, atá go mór faoi bhrú. Cainteoir maith ar an raidió.

Marc: C+

Is clár-eagarthóir le Nuacht TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.