CÚRSAÍ SPÓIRT
An bhfuil gá le síceolaithe spóirt?
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Bíonn [i]entourage[/i] iomlán ag foirne spóirt sa lá atá inniu ann. Ach tá Colm Mac Sealaigh in amhras maidir le fiúntas na saineolaithe seo ar fad.

Is é an spás is tábhachtaí ar an bpáirc imeartha, a deirtear, ná an spás idir dhá chluas an imreora. Tá tábhacht ag baint le hinchinn na n-imreoirí a bheith lán smaointe dearfacha sa chaoi is go ndéanfaidh siad an rogha cheart oiread agus is féidir agus cluiche ar siúl. Ach ní tharlaíonn a leithéid i gcónaí, mar is eol d’aon duine a raibh baint aige riamh le traenáil foirne.

Breis agus deich mbliana ó shin tugadh cuireadh dom a bheith i mo roghnóir le foireann mionúr iomána Bhaile Átha Cliath. Roghnaíodh painéal traenála ag tús na bliana tar éis gur eagraíodh roinnt cluichí trialacha. Próiseas ab ea é a théadh ar aghaidh i ngach contae eile, nach mór, ag tús na bliana.

Ach tá athrú mór tagtha ar an gcur chuige seo sa mhéid is go gcuirtear tús leis an bpróiseas anois agus na himreoirí in aois níos óige – ceithre bliana déag, de ghnáth – agus dá bhrí sin, bíonn na painéil agus na foirne socraithe i bhfad sula mbaineann na buachaillí aois na mionúr (faoi ocht mbliana déag) amach. Cuid mhór de ghnó lucht bainistíochta spóirt sa lá atá inniu ann is ea an obair shíceolaíoch – is é sin, bíonn bainisteoirí agus traenálaithe ag gríosú, ag spreagadh agus ag moladh na n-imreoirí. Bítear ag cur ina luí ar imreoirí a

thábhachtaí is a bhíonn sé a n-inchinn a dhíriú ar an gcluiche, lena linn agus roimh ré. Ní féidir leo géilleadh do smaointe diúltacha – a bheith ag ceapadh go bhfuil an fhoireann nó imreoir ar leith níos fearr, cuir i gcás – agus caithfidh a n-aird a bheith dírithe ar an sliotar nó ar an liathróid i gcónaí. Is í an aidhm a bhíonn i gceist, dar ndóigh, ná bua a bhaint amach agus, dá bhrí sin, is cúram a dhéanamh de na próisis intinne chomh maith leis na scileanna fisiceacha.

Tá an obair intinne nó an tsíceolaíocht lárnach i gcúrsaí spóirt sa lá atá inniu ann. Níl foireann idirchontae ar bith de chuid Chumann Lúthchleas Gael (CLG) – nó ceann rugbaí nó sacair – nach bhfuil síceolaí aici mar chuid dá foireann tacaíochta. Dar ndóigh, ní bhíonn sa síceolaí sin ach duine amháin den iliomad ball a bhíonn i gceist le foireann tacaíochta na foirne gairmiúla – nó na foirne amaitéaraí, i gcás CLG.

Foireann tacaíochta

Cuimsíonn an fhoireann tacaíochta traenálaithe a bhíonn freagrach as aclaíocht na n-imreoirí a fhorbairt; dochtúirí, fisiteiripeoirí, bia-eolaithe, roghnóirí agus duine garchabhrach; an lucht fearais agus trealaimh a shocraíonn rudaí mar gheansaithe, liathróidí, shliotair, chamáin agus araile; duine a choinníonn cuntas ar thinreamh na n-imreoirí; an té a bhíonn freagrach as éilimh ar chostais taistil, as billí leighis agus eile; daoine ar leith a dhéanann staitisticí i leith na gcluichí a chur le chéile agus gan dabht, rúnaí agus cathaoirleach an chumainn. Spórt na bhfear atá faoi chaibidil agam anseo, ach gach seans gurb amhlaidh atá cúrsaí ó thaobh spórt na mban de, cé go mb’fhéidir nach bhfuil feidhmeanna na mball leagtha amach chomh soiléir céanna i gcás na mban.

Bíonn líon mór daoine ag plé le foirne na laethanta seo. Maidir le craobhchomórtais na gcoláistí tríú leibhéal, cuir i gcás, is é líon na n-oifigeach foirne atá ceadaithe in ionad imeartha ná seacht nduine dhéag ar a mhéad, ach ní bhíonn ach ochtar ceadaithe ar thaobh na páirce.

Níl a fhios agam an mbíonn síceolaí ina measc siúd de ghnáth, ach is mór an méid é seacht n-oifigeach déag a bheith ar fhoireann tacaíochta mac léinn. Bheifeá fiosrach maidir le ról na ndaoine sin ar fad. Bíonn níos mó oifigeach ná sin ar fhoireann tacaíochta na bhfoirne idirchontae, ach ní bhíonn siad ar fad i láthair ag na cluichí.

an ghné seo den spórt – an ghné shíceolaíoch, mar thugtar uirthi – ina tionscal ann féin anois. Rinne mé cuardach ar an nGréasán Domhanda ar an téarma “Sport Psychology” agus fuaireas os cionn 26,000 toradh. Bhí mórán suíomhanna luaite leis an tsíceolaíocht spóirt agus tháinig tagairtí do chúrsaí oiliúna chun cinn mar aon le staidéir, coláistí, céimeanna, dioplómaí, seirbhísí, leabhair agus go leor leor rudaí eile. I measc na n-ábhar a luadh léi bhí “judgement & decision making”; “mental toughness”; “imagery”; “simulation” agus mar sin de. Lorg mé sainmhíniú ar shíceolaíocht spóirt agus, dar ndóigh, bhí na mílte díobh le fáil. Sampla amháin ná, “is éard atá i gceist le ‘síceolaíocht spóirt’ ná staidéar eolaíoch ar phróisis intinne agus ar iompar i gcomhthéacs an spóirt.”

Ach cén ról atá ag an síceolaí spóirt? An bhfuil gá leis, dáiríre? Go traidisiúnta, ba é a spreag fir óga – agus mná óga chomh maith, seans – lena ndícheall a dhéanamh ná an grúpa lenar bhain siad: an teaghlach, an chomharsanacht, an paróiste, an club áitiúil, an scoil, an coláiste, an contae. Agus bainisteoir, captaen, cathaoirleach nó roghnóir ag labhairt ag seisiún traenála roimh chluiche mór, d’úsáidtí tagairtí a thuigfeadh gach duine: rudaí faoin ngeansaí, faoin bparóiste agus faoin traenáil i ndoineann agus i soineann. Níl aon athrú air seo, tá mé ag ceapadh, agus níl gá le síceolaí chun é a mhíniú!

Ó thaobh an spóirt ghairmiúil de, b’fhéidir go bhfuil tábhacht ag baint le síceolaithe. Mar shampla, b’fhéidir go mbíonn siad ag teastáil le hintinn na n-imreoirí sacair – a n-íoctar pá an-ard leo – a dhíriú ar a gcuid dualgas i leith a gclub agus i leith an lucht leanúna. Ach, seans maith go bhfuil ról níos tábhachtaí fós ag an gcuntasóir!

Is í an cheist atá agam faoi seo uile ná an bhfuiltear ag dul thar fóir i gcúrsaí spóirt agus an bhfuiltear ag cur brú ar imreoirí atá thar cionn cheana féin a bheith níos fearr agus níos tapúla? Is cuid den saol iad athruithe, agus ní féidir stop a chur leo. Ach ní mór a bheith san airdeall i gcónaí faoin mbrú sa bhreis a d’fhéadfaí a bheith curtha ar na himreoirí. Bímis dóchasach gur athruithe chun feabhais a bheas i gceist agus gur fearrde astu a bheas an lucht spóirt.

Is iarmhúinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.