AR NA SAOLTA SEO
Amuigh faoin Aer ar Son an Chultúir
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

D’fhreastail Tony Birtill ar imeachtaí Fhéile Learphoill, ceann acu i mballóga teampaill a scriosadh sa Dara Cogadh Domhanda.

Íomhá
An t-údar ag caint ar stair na Gaeilge i Learpholl
Íomhá
Comhaltas Ceoltóirí na hArda ar ardán na seaneaglaise
Íomhá
Comhaltas na hArda, Co. an Dúin
Íomhá
Feargal Mac Ionnrachtaigh i ndiaidh caint ar ábhar a leabhair
(ag Writingonthewall.org.uk)

Ceiliúradh cultúr na hÉireann i seanfhothrach ó ré an blitz i nDeireadh Fómhair nuair a thug Comhaltas Ceolteoirí Éireann as ceantar na hArda i gCo. an Dúin taispeántas mar chuid de Fhéile Learphoill

Taobh istigh d’eaglais St Lukes a bhí siad, i lár na cathrach. Tógadh an foirgneamh Gotach seo i 1832 ach scriosadh an 6ú Bealtaine 1941 nuair a thit buama loiscneach air díreach tar éis meán oíche. Ní raibh fanta le breacadh an lae ach na ballaí agus an túr ina seasamh. Bhí m’athair féin, Joe, ar dualgas an oíche sin mar ‘fhear faire tine’ agus rinne sé cur síos ar an tubaiste nuair a bhí mé óg. Bhí an blitz níos measa ar Learpholl ná áit ar bith eile, taobh amuigh de Londain.

Níor leagadh an fothrach tar éis an cogadh áfach; caomhnaíodh í mar chuimhneachán buan den chomhrac sin agus tá cáil ar an áit sa chathair anois mar ‘the bombed-out church.’ http://www.stlukeliverpool.co.uk

Athchúrsáil Ballóg Teampaill

Leis an ailtireacht Gotach ann, bhí cuma ghruama ar an bhallóg i gcónaí, agus chuir an lucht meisce agus na handúiligh drugaí ina suí ar na céimeanna leis an atmasféar brónach san áit. Fuair an scaifte ealaíonta ‘Urban Strawberry Lunch’ ( www.usl.org.uk) cead úsáid a bhaint as sa bhliain 2007 mar ‘ionad spásléirithe,’ agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin.

Ba bhreá liom mar sin go raibh deis agam Gaeilge a labhairt le baill CCÉ na hArda i ndiaidh an taispeántas iontach a thug siad ar ardán na seaneaglaise. D’inis Niall Mc Clean dom go mbíonn siad ag taisteal ar fud na hEorpa lena dtaispeántas: - “Bhí muid ag an Féile Cheoil Idirnáisiúnta i Rouen agus in áiteanna eile mar Cóbanháven sa Danmhairg agus Aviles sa Spáinn.”

Chomh maith le sin bhí siad mar acht cúnta le Sharon Shannon, Beoga agus le Lúnasa agus beidh siad le feiceáil san Opera House i mBéal Feirste an 15 Nollaig. Is múinteoir ceoil é Niall, agus in éineacht le Bronagh Mc Clean agus Davy Lennon bíonn sé ag múineadh ranganna do CCÉ na hArda, do pháiste agus do dhaoine fásta i mBeannchar agus sa Chomar. “Tá dlúthdhiosca nua, An Colm Bán, déanta againn i mbliana,” arsa Niall.

Mathshlua Ceoltóirí agus Lucht Ealaíne

Ba léir go mbíonn na ceolteoirí agus na rinceoirí óga ag cleachtadh agus ag athchleachtadh mar bhí siad go hiontach ar ardán na seaneaglaise - bhain gach duine i láthair sult as agus bhí ardú meanman ann nuair a chonacthas idir mheisceoirí agus na smack heads ag damhsa chomh maith. “Seo áit ar leith - tá fuinneamh ann, “ arsa Davy Lennon ón bhuíon cheoil . “We’ve never played in a bombed-out church before - they are few and far between!

Is é an míbhuntaiste is mó faoin eaglais ná easpa díon, ach bhí an t-ádh ar na hUltaigh, agus cé go raibh ceathanna troma i rith an lae, bhí sé deas geal tirim don cheolcheoirm agus tháinig gathanna gréine tríd na frámaí fuinneoige mar spotsolas draíochtúil ar an ardán.

A bhuí don Chlár Cabhsa http://www.causewayyouth.org go raibh CCÉ na hArda i Learpholl. Cruthaíonn an eagraíocht seo caidreamh idir daoine óg in Éirinn (thuaidh agus theas) agus i Sasana, in Albain agus sa Bhreatain Bhig. Mar sin, bhí breis agus fiche ceolteoir agus rinceoir óg in ann teacht go Learpholl agus ceithre lá a chaitheamh i mbun taispeántais i scoileanna áitiúla agus sa Chlub Éireannach http://www.stmichaelsirishcentre.org

D’éirigh go maith leis an chuid eile den Fhéile fosta. Ba é seo an 11ú Féile Learphoill agus mhair sé 10 lá le himeachtaí nuálacha mar an ceolchoirm i St Lukes chomh maith leis na réalta mór mar Christy Moore, Luca Bloom agus Dónal Lunny.

Faigheann an Fhéile tacaíocht ó Rialtas na hÉireann agus ó Chomhairle Cathair Learphoill agus meallann sé turasóirí as an-chuid tíortha, mar is eol dúinn ó na húinéirí óstáin. Chuir cuairteoir amháin as an Bheilg, darb ainm Tomás Genicq, ceoltóir as an Bhruiséal, iontas ar dhaoine ag an seoladh leabhar mar bhí sé liofa i nGaeilge!

Tá cultúr na hÉireann aitheanta anois mar chuid tábhachtach d’oidhreacht cultúrtha na cathrach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.