tabhair freagratabhair freagra #1 Fearn 5 Samhain 2013, 11:32 GMT
@ Tá cultúr na hÉireann aitheanta anois mar chuid tábhachtach d’oidhreacht cultúrtha na cathrach.

Cad iad na cultúir eile atá aitheanta mar chuid tábhachtach d’oidhreacht cultúrtha na cathrach?
tabhair freagratabhair freagra #2 Leaid 10 Samhain 2013, 12:19 GMT
Céard?
tabhair freagratabhair freagra #3 Fear Dorcha 13 Samhain 2013, 17:05 GMT
Fearn. Is iomaí 'chultúr' eile a fhág a rian ar shaol is ar mhuintir Leaphoill: Breatnach, Albanach, Somali, grúpaí éagsúla ó iarthar na hAfraice - chaith Kwame Nkrumah tamall i Learpholl, agus luann Alexei Sayle club Yoruba ar Parliament Street in a bheathaisnéis, Sínéisigh - an chéad Chinatown sa Bhreatain, Giúdaigh ag teifeadh ón Rúis - tá Sionagóg gálanta ar Princes Road, Muslamaigh ó tíortha éagsúla - an chéad mosc sa Bhreatain, Sualannaigh is Ioruaigh - tá Eaglais Mairnéalaigh na Críche Lochlannaigh sa chathair - agus go leor nach iad (Sasanaigh san áireamh!)
tabhair freagratabhair freagra #4 Fearn 13 Samhain 2013, 20:48 GMT
> Fearn. Is iomaí 'chultúr' eile a fhág a rian ar shaol is ar mhuintir
> Leaphoill: Breatnach, Albanach, Somali, grúpaí éagsúla ó iarthar na
> hAfraice - chaith Kwame Nkrumah tamall i Learpholl, agus luann Alexei
> Sayle club Yoruba ar Parliament Street in a bheathaisnéis, Sínéisigh - an
> chéad Chinatown sa Bhreatain, Giúdaigh ag teifeadh ón Rúis - tá Sionagóg
> gálanta ar Princes Road, Muslamaigh ó tíortha éagsúla - an chéad mosc sa
> Bhreatain, Sualannaigh is Ioruaigh - tá Eaglais Mairnéalaigh na Críche
> Lochlannaigh sa chathair - agus go leor nach iad (Sasanaigh san áireamh!)

B'fhéidir go mbeadh sé ní b'fhusa an cheist a chur: Cad iad na cultúir eile nach bhfuil aitheanta mar chuid tábhachtach d’oidhreacht cultúrtha na cathrach?
tabhair freagratabhair freagra #5 Fear Dorcha 14 Samhain 2013, 15:28 GMT
Deacair a rá - tá 'droch-oidhreacht' an tseicteachais ann fós, cé go bhfuil laghdaithe go mór [cuireann Tony síos ar sin ó am go chéile]. Agus droch-oidhreacht an chiníochais - meabhraigh ar na círéibeanna i Toxteth in 1981. Tá sin ann fós gan dabht. Maidir le 'aitheantas' - déanann na húdaráis chomh maith le grúpaí neamh rialtais a ndícheall chun na 'cultúir' éagsúla a chur chun cinn sa chathair. [Bhí cónaí orm i Learpholl go dtí le déanaí]
tabhair freagratabhair freagra #6 Fearn 14 Samhain 2013, 15:46 GMT
> Deacair a rá - tá 'droch-oidhreacht' an tseicteachais ann fós, cé go
> bhfuil laghdaithe go mór [cuireann Tony síos ar sin ó am go chéile]. Agus
> droch-oidhreacht an chiníochais - meabhraigh ar na círéibeanna i Toxteth
> in 1981. Tá sin ann fós gan dabht. Maidir le 'aitheantas' - déanann na
> húdaráis chomh maith le grúpaí neamh rialtais a ndícheall chun na
> 'cultúir' éagsúla a chur chun cinn sa chathair. [Bhí cónaí orm i Learpholl
> go dtí le déanaí]

Bhal, bheadh siad aitheanta mar chuid tábhachtach de drochoidhreacht cultúrtha na cathrach mar sin?
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!