CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Ainmneacha fada na suíomh nua gréasáin
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Tá beagnach gach focal sa Bhéarla agus sa Ghaeilge in úsáid cheana féin i seoltaí idirlín agus, dá bharr seo, tá seoltaí nua ag éirí níos faide agus níos faide, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.

Íomhá

Tá an méid sin suíomh gréasáin cláraithe cheana féin gur beag ainm atá fágtha d’aon cheann nua. Mar sin, tá seoltaí idirlín ag éirí níos faide agus níos faide, rud atá ag cruthú fadhbanna nua.

Tá os cionn 23 milliún seoladh “.com” cláraithe ar an idirlíon - agus tá formhór na gceann gairid agus simplí ina measc. Toisc go bhfuil comhlachtaí agus eagraíochtaí an-cheanúil ar acrainmneacha a bhfuil trí litir iontu, is beag meascán de thrí litir atá fós ar fáil. Go deimhin, is beag grúpa de cheithre litir is féidir a chlárú fós, agus tá cuid mhaith focal Béarla úsáidte cheana féin mar sheoltaí fearainn. Mar sin, tá ainmneacha suíomh gréasáin nua ag éirí níos faide agus níos faide - agus tá daoine ag úsáid frásaí iomlána mar sheoltaí in áit na ngiorrúchán a bhí coitianta go dtí seo.

Sa bhliain 2001, ba é 11 litir an meánfhad a bhain le hainmneacha fearainn “.com” agus is cinnte go bhfuil sé sin imithe i méad faoin am seo. Tá uasteorainn de 63 carachtar ar fhad na n-ainmneacha sin, agus tá roinnt daoine ag féachaint ar an bhfad sin mar dhúshlán. Is ó mhiontheanga Cheilteach eile, an Bhreatnais, a thagann ceann de na cinn is faide: www.llanfairpwllgwyngyllgogerychwyrndrobwyll-llantysiliogogogoch.com/

Cruthaíonn na hainmneacha fada seo go leor fadhbanna mar bíonn sé deacair ag daoine go minic litriú focail amháin a fháil i gceart, gan trácht ar na focail ar fad atá anois á n-úsáid mar sheoltaí idirlín ag eagraíochtaí. Anuas air sin, toisc nach féidir “spás” a úsáid i seoltaí idirlín, níl aon slí shásúil ann chun an bhearna idir focail a léiriú. Mar shampla, tá seirbhís ar a dtugtar News Unlimited á cur ar fáil ag an nuachtán The Guardian, agus an seoladh atá ag an tseirbhís sin ná “newsunlimited.co.uk”. Fágann sé seo go bhféadfadh roinnt daoine a cheapadh go mbaineann an suíomh sin le comhlacht darb ainm “New Sun Limited”. Is minic a úsáidtear fleiscíní in áit spáis ach cruthaíonn siad siúd fadhbanna eile - má fhágtar an fleiscín ar lár téann cuairteoirí amú agus chuig suíomh iomlán éagsúil.

Focail Ghaeilge

Tharla go bhfuil ag éirí chomh maith sin leis an nGaeilge ar an idirlíon, is beag focal Gaeilge nach bhfuil á úsáid mar sheoladh ar shuíomh gréasáin cheana féin. Mar shampla, b’fhéidir go smaoineofá ar fhocal breá Gaelach ar nós “ciorcal” a úsáid mar ainm. Ach má chlóscríobhann tú an seoladh “ciorcal.com” isteach i do bhrabhsálaí idirlín, feicfidh tú suíomh ag comhlacht i Hong Kong atá tar éis an t-ainm sin a cheannach - suíomh dána a dhéanann iarracht é féin a chur in áit do ghnáthleathanaigh baile. Go fiú má bhaineann tú triail as focal deas Gaelach eile ar nós “ceart.com”, tiocfaidh tú ar shuíomh an ghailearaí ealaíne Circle Elephant Art i Los Angeles.

Chun cabhrú le daoine teacht ar ainmneacha nach bhfuil in úsáid cheana féin, tá na comhlachtaí a gcláraítear ainmneacha fearainn leo ag cumadh ainmneacha go huathoibríoch. Mar shampla, má dhéanann tú iarracht ainm atá tógtha cheana féin a chlárú leis an gcomhlacht Register.com, tabharfar roinnt roghanna d’ainmneacha eile duit. Bíonn siad go breá de ghnáth - mar shampla, i gcás an fhocail “cónasc”, tá an suíomh “conasc.com” cláraithe cheana féin. Mar sin, moltar leithéidí “e-conasc.com” agus “conasconline.com” duit. Ach téann seirbhís Register.com céim níos faide, agus baintear úsáid as stórchiste chun ainmneacha gaolmhara a mholadh. Faraor, ceapann an córas atá acu gur rogha oiriúnach é “swindle-asc.com” toisc go dtosaíonn an seoladh “conasc.com” leis an bhfocal “con”.

Tugann sé seo fadhb eile chun solais - níl aon chóras sásúil ann chun sínte fada agus carachtair eile nach bhfuil coitianta sa Bhéarla a úsáid in ainmneacha. Laghdaíonn sé sin an raon focal is féidir a úsáid. Tá feachtas ar bun ag an eagraíocht ICANN (www.icann.org ) chun na fadhbanna teicniúla a bhaineann le litreacha as an ngnách a shárú, agus is féidir iad a chlárú anois i seoltaí “.com”. Ach toisc go bhfuil an méid sin ríomhairí éagsúla ar an idirlíon - idir shean agus nua - is fearr na féidearthachtaí nua seo a sheachaint go ceann tamaill eile.

Ar ndóigh, is féidir formhór na bhfadhbanna seo a sheachaint trí fhearann seachas “.com” a roghnú. Mar shampla, níl ach ceithre mhilliún seoladh “.net” cláraithe agus tá seoltaí “.info” agus “.biz” anois ar fáil. Go deimhin, tá an comhlacht teilifíse UTV san iomaíocht don seoladh is giorra le “u.tv”. Ach cé go bhfuil gluaiseacht bheag tosaithe i dtreo na n-ainmneacha as an ngnách seo, teastaíonn ó gach duine a bheith ar phríomhshráid an tsráidbhaile dhomhanda. Faoi láthair an t-aon réiteach ceart atá ar an bhfadhb ná a bheith cruthaitheach agus smaoineamh ar ainmneacha atá éasca a litriú - nó a chinntiú go bhfuil do shuíomh ag barr gach liosta in Google.

Is Diarmaid Mac Mathúna (www.cruinneog.com) foilsitheoir an leagain Windows den litreoir Gaeilge GaelSpell (www.gaelspell.com), atá anois ar fáil ó shiopaí ar nós Cúpla Focal (www.cuplafocal.ie) agus an Siopa Leabhar (www.cnag.ie/bunus/siopa.htm).

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.