CÚRSAÍ SPÓIRT
Aighneas i gcúrsaí CLG
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

stailc á bagairt ag imreoirí CLG faoi láthair mar gheall ar chúpla cúis. an ceart ag na himreoirí i gcás amháin, ach níl bunús ar bith lena dara hargóint, dar le Colm Mac Sealaigh.

Íomhá
Íomhá
sásta atá imreoirí le cinneadh Choiste Chontae Chorcaí maidir le ceapadh roghnóirí
Íomhá
Íomhá
Gheall John O'Donoghue deontas d'imreoirí agus é ina aire spóirt

Faoi láthair, dhá chonspóid mhóra ag cur as do bhaill Chumann Lúthchleas Gael, do chuid díobh ar aon nós. Baineann an chonspóid le himreoirí idirchontae agus dhá éileamh gcuid.

Dar liom, an ceart ag na himreoirí i gcás amháin, agus níl an ceart acu sa chás eile. mo thuairim bunaithe go príomha ar na prionsabail atá i gceist. Maidir leis an chonspóid, stailc á bagairt ag imreoirí idirchontae. Rachfar i mbun na stailceanna, a deir siad, agus tús á chur le comórtais na bliana 2008 mura socrófar na conspóidí ar an mbealach ar mhaith leis na himreoirí iad a bheith réitithe idir an linn.

Is dianbheart ceart í an stailc. Agus muid ag caint ar shlí bheatha daoine, glactar leis go forleathan gur ceart bunúsach daonna í an stailc ar féidir le hoibrithe úsáid a bhaint aisti tromaíocht éagóir á déanamh orthu. Ach i gcomhthéacs an spóirt, bheadh deacair don ghnáthdhuine a thuiscint cén fáth a mbeadh stailc ag teastáil i measc imreoirí. Dearcadh atá láidir agus coitianta i gCumann Lúthchleas Gael gur gradam agus onóir é d’iománaithe do pheileadóirí a bheith roghnaithe le himirt ar fhoirne a gcontae, agus gur leor é mar spreagadh dóibh fios a bheith acu go gcaithfidh siad geansaí a bhfoirne. Ach an bhfuil imreoirí an lae inniu ag linn go bhfuil bunphrionsabal níos tábhachtaí sin acu?

Níl CLG foirfe mar eagraíocht agus is minic a dhéantar rudaí amaideacha agus a thógtar cinntí atá go dona taobh istigh de. Is éard is cúis leis sin go mbíonn gnáthdhaoineidir fhir agus mhná; idir óg agus aostaag reáchtáil imeachtaí na heagraíochta. córas daonlathach i gceist san eagras, rud a chiallaíonn go ndéantar cinntí go mall in amanna áirithe agus go róthapa in amanna eile, gan machnamh ceart réamhobair a bheith déanta ag lucht na gcinntí. Easpa machnaimh

Easpa machnaimh ba chúis le cinneadh a thóg Coiste Chontae Chorcaí le déanaí inar socraíodh nach mbeadh cead feasta ag bainisteoirí fhoirne an chontae a rogha daoine a cheapadh mar roghnóirí. Socraíodh go mbeadh ceapacháin na roghnóirí faoi chúram an choiste é féin feasta. I bhfocail eile, chinn an coiste filleadh ar nós ar cuireadh deireadh leis cúig bliana roimhe sin tar éis do Choiste Chontae Chorcaí teacht ar chomhréiteach le himreoirí maidir leis an gceist áirithe sin, agus maidir le roinnt ceisteanna eile a ndeachaigh foireann iomána an chontae ar stailc mar gheall orthu ag an am.

Céard iscoiste contaeann ar aon nós agus cén chaoi a n-oibríonn ? Bíonn ionadaithe ó na clubanna uile mar aon le hoifigigh thofacathaoirleach agus rúnaí, cuir i gcásar na coistí tábhachtacha seo. Is iad na clubanna a dhéanann na baill a thoghadh go bliantúil agus bíonn mar dhualgas ar na baill sin cúram speisialta a dhéanamh de ghníomhaíochtaí agus de ghnó chumann an chontae. Bíonn cruinniú acu uair sa mhí ina bpléann siad imeachtaí éagsúla agus ina ndéanann siad socruithe maidir le cluichí agus mar sin de. Uair sa bhliain, ceapann an coiste bainisteoirí na bhfoirne éagsúla trí chóras vótála. Is i gcoistí contae atá cumhacht dhaonlathach bhaill CLG infheistithe. Is í an fhadhb leis an gcóras seo go bhfágtar go leor cinntí tábhachtacha faoi ionadaithe na gclubanna agus bhíonn deis ag na baill uile na cinntí a phlé. Tharla a leithéid i gCorcaigh nuair a chuir an buanchoiste, atá comhdhéanta d’oifigigh, an rún maidir le roghnóirí os comhair an choiste gan choinne. Glacadh leis an rún seo ag an gcruinniú, ach bheadh i bhfad níb fhearr gcuirfí in iúl do na clubanna roimh go mbeadh an cheist áirithe seo á plé i measc bhaill an choiste le go dtiocfadh leis na clubanna treoir a thabhairt n-ionadaithe maidir le acu an mbeadh siad i bhfabhar i gcoinne an rúin. Is é an eachtra seo is cúis le Coiste Chontae Chorcaí a bheith san fhaopach ina bhfuil faoi láthair.

Deir an cathaoirleach go bhfuil cinneadh déanta nach féidir leo dul siar air. Deir na himreoirí, idir imreoirí peile agus imreoirí iomána, nach mbeidh siad sásta imirt ar fhoirne an chontae mura ndéanann baill den choiste athmhachnamh maidir lena gcinneadh. Dar leis na himreoirí, luífeadh le réasún cead a bhaint de bhainisteoirí na foirne a gcuid roghnóirí féin a cheapadh. Aontaím leo ar bhonn an phrionsabail atá i gceist, ar prionsabal é a nglactar leis go forleathan i mbeagnach chuile áitagus ar glacadh leis le fada. Beidh ar Choiste Chontae Chorcaí géilleadh air seo, ach caithfear teacht ar bhealach le a dhéanamhd’fhéadfadh club éigin rún a chlárú ag Comhdháil Bhliantúil an Chontae, cuir i gcás. Caithfear a chinntiú go vótálfaidh na clubanna ar son dhearcadh na n-imreoirí, rud nach dtaitneoidh le daoine áirithe.

Cumann na nImreoirí Gaelacha

Maidir leis an gconspóid eile, d’fhéadfadh a bheith níos nimhní agus ina bagairt níos dáiríre do thodhchaí CLG. Cumann na nImreoirí Gaelacha (CIG) – an Gaelic Players Association (GPA), mar a thugtar air sa Bhéarlaag bagairt go rachfar i mbun stailce mura bhfaighidh siad deontas de €5 mhilliún a gheall John O’Donoghue dóibh agus é ina aire spóirt.Is í an fhadhb a bhaineann leis sin nach dteastaíonn ó CLG a bheith páirteach i socrú trína ndéanfaí airgead á thabhairt d’imreoirí. Agus dar le CLG, bheadh an chuma ar an scéal nglacadh siad páirt sa socrúgo raibh airgid á dháileadh acu ar imreoirí mar chúiteamh as ucht iad a bheith ar fhoirne a gcontae. Dar le CLG, socrú idir CIG agus an Rialtas atá ann nach bhfuil baint ar bith aige leo. Arís, bunphrionsabal i gceist: an é gur eagraíocht amaitéarach é CLG ina gcuirtear cosc ar chúiteamh a thabhairt d’imreoirí an é gur eagraíocht de chineál eile é?

Dar le baill CIG, “deontasa bheadh san airgead seo in ionadíocaíochta”, ach deacair a shamhlú nach gcuirfidís fáilte roimh thuarastal roimh phá bhfaighidís é. Caithfidh CLG seasamh daingean a ghlacadh maidir leis seomura ndéanann, beidh iarmhairtí móra ann níos faide anonn. Fiú théann na himreoirí ar stailc, cóir géilleadh ar phrionsabal an amaitéarachais. CIG as ordú, dar liomsa, sa chás áirithe seo agus fhéadfainn tacú leo.

neart bainte amach ag CIG ó thaobh stádas na n-imreoirí a fheabhsú de, dul cinn chun maidir le cúram sláinte agus costais a íoc leis na himreoirí san áireamh. Bhí leis an feabhsaithe sinagus táthar ag caitheamh go maith le himreoirí anoisach b’fhéidir go bhféadfaí níos a chur ar fáil dóibh, ar nós polasaí maith árachais sláinte agus deontais oideachasúla mar aon le saoire ag deireadh na bliana. Ach, dóigh liom go bhfuil baill CLG i bhfabhar íocaíocht a thabhairt d’imreoirí idirchontaebíodh an íocaíocht sin i bhfoirm deontais eilemar gur meastar gur imreoirí iad a bhfuil gradam, stádas agus pribhléid níos acu cheana féin mar atá ag formhór a gcomhghleacaithe i CLG.

Seans go mbeidh an cheist atá faoi chaibidil anseo réitithe faoin am a bheidh an t-alt seo le feiceáil ar líne. Ach fiú thiocfar ar chomhréiteach, níor mhiste do CLG a gcuid machnaimh a dhéanamh agus ceachtanna a fhoghlaim ó na conspóidí. .

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.