TEANGA AGUS CULTÚR
‘An Chéad Ghlúin Eile’ – téama Thóstal na Gaeilge 2006
David Leydon David Leydon David Leydon

Déanann David Leydon ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge cur síos ar chuid de na himeachtaí a bheas ar siúl le linn Thóstal na Gaeilge i nGaillimh ag deireadh na míosa seo.

Beidh Tóstal na Gaeilge, mórócáid na Gaeilge in 2006, ar siúl sa Corrib Great Southern Hotel, Gaillimh, Dé hAoine agus Dé Sathairn 24 agus 25 Márta 2006. Tá an Tóstal á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge (www.gaelport.com).

An Chéad Ghlúin Eile” a bheidh mar théama an Tóstail i mbliana. Chuige sin cinnteofar rannpháirtíocht daoine óga sa phlé agus díreofar ar réimsí a bhfuil spéis acu siúd ach go háirithe iontu. I measc na n-ábhar spéise beidh cur síos ar fhiontraíocht a bhfuil an Ghaeilge á húsáid inti mar uirlis gheilleagrach, pléifear ceist na Gaeilge i gcúrsaí craolacháin, breathnófar ar úsáid na teicneolaíochta, (podchraoladh agus blogáil, mar shampla) agus caithfear súil ghéar ar chúrsaí oideachais. Is léir ón gclár don deireadh seachtaine go bhfuil rogha ábhair ann do gach duine agus beidh díospóireachtaí, plé, agallaimh, ceardlanna agus siamsaíochtann, agus deiseanna oiliúint a fháil, líonrú a dhéanamh agus ceisteanna a chur.

Dé hAoine, 24 Márta reáchtáilfear dhá sheimineár, ceann do dhaltaí meánscoile agus ceann do státseirbhísigh atá i mbun Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm.

Is iad aidhmeanna na ceardlainne do na daltaí scoile ná dearcadh dearfach i leith na Gaeilge a chothú, éisteacht a thabhairt dóibh agus eolas agus tacaíocht a thabhairt a chabhróidh leo ina gcuid staidéir. I measc na n-aoichainteoirí ag an gceardlann beidh an láithreoir teilifíse Aoife Ní Thuairisc, Joe Connolly (iar-chaptaen iománaíochta na Gaillimhe) agus Conn Ó Muineacháin, podchraoltóir agus iriseoir.

Ag an am céanna leis seo, beidh an seimineár dar teideal “Feasacht Teanga: Feidhmiú Scéime agus Deacrachtaí Custaiméirí” ar siúl do dhaoine atá freagrach as Acht na dTeangacha a chur i bhfeidhm san earnáil phoiblí.

Tráthnóna Dé hAoine tosóidh an Tóstal i gceart le seisiún ceisteanna agus freagraí a mbeidh polaiteoirí, scríbhneoirí agus iriseoirí páirteach ann. Tá ceolchoirm beartaithe don oíche sin le Lasairfhíona Ní Chonaola, an t-amhránaí cáiliúil ó Inis Oírr.

Tosóidh Dé Sathairn le seisiún faoin nGaeilge mar acmhainn gheilleagrach agus is é Liam Ó Cuinneagáin, stiúrthóir Oideas Gael, a bheas sa chathaoir. Beidh fiontraithe éagsúla ag déanamh cur síos agus plé ar na deiseanna a thug an Ghaeilge dóibh: Irial Mac Murchú, ón gcomhlacht léiriúchán teilifíse Nemeton, Úna Nic Gabhann ón mbialann Ghaelach Caife Úna, Ciarán Mac Fhearghusa ó Na Gaeil Óga (a labharfaidh faoin bhfiontraíocht shóisialta) agus Rónán Mac Murchaidh ó Gaelfest (a dhíreoidh ar an bhfiontraíocht chultúrtha).

Leanfaidh cúrsaí na maidine le David McWilliams, tráchtaire sóisialta agus craoltóir a phléifidh an tuairim atá aige go mbeidh an Ghaeilge níos láidre i gceann cúig bliana is fiche ná mar a bhí sí riamh ó aimsir an Ghorta Mhóir. Tá cáil go forleathan ar McWilliams mar gheall ar a leabhar nuafhoilsithe, The Pope’s Children, a chuid colún sa *Sunday Business Post *agus sa *Irish Independent *agus na cláracha raidió agus teilifíse éagsúla ar a mbíonn sé mar aoi nó mar láithreoir.

Cuirfidh Harry McGee, eagarthóir polaitíochta an Irish Examiner agallamh ar Chathal Goan, Stiúrthóir Ginearálta RTÉ, faoi chúrsaí cumarsáide agus an ról atá ag an nGaeilge sa réimse sin. Le teacht chun cinn na teilifíse digití, agus le TG4 10 mbliana ar an bhfód, beidh ábhar spleodrach san agallamh seo.

Tá cúrsaí oideachais ina ábhar spairne faoi láthair agus pléifidh foireann díospóireachta Choláiste na Coiribe (buaiteoirí chomórtas díospóireachta Gael Linn) an cheist trí dhíospóireacht le haoi ón Roinn Oideachais. Ansin tabharfaidh Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, forléargas ar staid na Gaeilge sa chóras oideachais.

Leanfaidh imeachtaí an lae ar aghaidh le trí sheisiún éagsúla, ceann faoi phleanáil sa Ghaeltacht, ceann faoi phodchraoladh agus ceann praiticiúil ar an mbealach leis an úsáid is fearr a bhaint as teicneolaíocht na faisnéise i do shaol oibre.

Beidh ceolchoirm ar siúl tráthnóna Dé Sathairn ag a mbeidh damhsóirí agus amhránaithe Gaeltachta, chomh maith le díospóireacht faoi na healaíona.

Tá eolas á chur ar shuíomh gréasáin an Tóstail (www.tostal.ie) gach lá faoi na cainteoirí, faoi na hábhair a bheidh á bplé agus faoi chúrsaí lóistín. Is féidir ticéid a cheannach le cárta creidmheasa ag https://siopa.gaelport.com nó trí ghlaoch ar (01) 6794780. Is féidir ríomhphost a chur chuig eolas@tostal.ie chomh maith.

Feicfidh muid i nGaillimh thú ar an 24ú lá!

*Tá David Leydon ag obair mar fheidhmeannach le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Bhain sé céim amach sa Ghaeilge roinnt blianta ó shin sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus rinne sé MSc le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ina dhiaidh sin. *

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.