« » 1 2 3 4 5
tabhair freagratabhair freagra #23 April 16 Meitheamh 2013, 18:38 GMT
Cén difear mura mbíonn na páistí a bhíonns ag freastáil ar na Gaelscoileanna ina mbaill de pholitically correct party approved minority éigin? An bhfuil tú ag rá nach bhfuil an ceart acu a bheith ann mura mbíonn siad sach pc de do leithéid?

Cibé ar bith, sílim go raibh an ceart ag Seosamh! Tá tú ar Irish Welfare, a S N C.

Seans maith gur thusa an sórt duine a shíleanns go bhfuil páipéar bán racist agus a shíleanns gur smaoineamh maith é seo: http:/​/​michellemalkin.com/​2011/​03/​13/​call-an-ambulance/​ , nach thú S N C?
tabhair freagratabhair freagra #24 Seosamh 16 Meitheamh 2013, 20:59 GMT
@ SNC
Meabhraíonn do cheist amaideach ceist fhear TV3 (más buan mo chuimhne) ar an mbuachaill óg den lucht siúil a bhí le freastal ar Ghaelscoil Phort Láirge: “who made you go to the gaelscoil?” -
“My father and my mother tried to stop me going but I wanted to go and they couldn’t stop me.”
“What made you come to the gaelscoil then?” -
“Well anyone you see on television who’s important, they’re all able to speak Irish so I decided I was going to speak Irish.”

Ní miste fiafraí ar chreid tú nach bhfuil gach cineál datha agus aicme duine sna gaelscoileanna? An bhféadfadh sé go bhfuil tú chomh haineolach is a ligeann tú ort féin sa scríobh? Ar bhreathnaigh tú thar an mbaile ar chuid acu nó an ndeachaigh tú chuig ceolchoirm dá gcuid? An bhfuil a fhios agat cá bhfuil na gaelscoileanna in aice leat? An bhfuil a fhios agat na fadhbanna a bhíonn acu? Íomhá a bheith róbhocht agus rógharbh in áit amháin agus a bheith róchinsealach, mar a shamhlaigh tusa iad, in áit eile? Leis an bhfás céadtach atá faoin ngaelscolaíocht, http:/​/​www.gaelscoileanna.ie/​assets/​Growth.Fás-gscoil-72-13.pdf bíonn fadhbanna a gcaithfidh tuismitheoirí agus boird bhainistíochta tabhairt fúthu, rud a dhéanann siad le fonn. Is iad na tuismitheoirí a chinnfeas cén cineál gaelscoile a thiocfas ar an saol ina gceantar: http:/​/​www.foras.ie/​our-schools/​type-of-school-immersion-education-gaelic-culture/​

Maidir le bheith trodach, cén fáth nach mbeimis trodach théis a bhfuil fágtha d’oidhreacht againn ag gach rialtas agus gach glúin le céad bliain anuas. Ó bunaíodh dhá stát na hÉireann, tá na céadta míle cainteoirí dúchais Gaeilge curtha faoin bhfód agus aon ghné a spreag blúire dóchais in imeacht na mblianta, ar nós na gcoláistí ullmhúcháin, cartadh de leataobh é. Aon ní ar nós raidió nó teilifíse, Údarás Gaeltachta, dá laghad é, bunaíodh é i ndiaidh feachtasaíocht a d’eascair as séanadh ár gceart orainn. As teip an stáit i leith na teanga sa chóras oideachais a d’eascair an ghlúin gaelscolaíochta seo.
Fágadh an tír le córas unidirectional bilingualism, nó an cúpla foclachas i gcóras mórghradaim teanga an chinsil, a chinneann bliain i ndiaidh bliana go mbíonn náire ar na gasúir faoina laghad Gaeilge atá faighte acu. Tá an scéal ríofa go mion in Éirinn agus i dtíortha cosúil léi (Voces Diversae 2006, féach lgh. 37, 50, 77, 98, 130, 137.) Níor oibrigh an seanchóras Béarla (Rúisise srl.) sin, ní oibríonn anois agus ní oibreoidh sé go brách. Caithfear deireadh a chur leis. Is mór an náire go bhfuil sé fós á oibriú ag roinn oideachais in aon áit ar an oileán seo.
tabhair freagratabhair freagra #25 S N C 17 Meitheamh 2013, 07:43 GMT
Ionsaí eile ach an féidir leat gaelscoil amháin a ainmniú a bhfuil taistealaí ann?
tabhair freagratabhair freagra #26 aonghus 17 Meitheamh 2013, 08:45 GMT
> Ionsaí eile ach an féidir leat gaelscoil amháin a ainmniú a bhfuil
> taistealaí ann?
Nach ndeara sé é sin díreach thuas?
"ar an mbuachaill óg den lucht siúil a bhí le freastal ar Ghaelscoil Phort Láirge: “who made you go to the gaelscoil?” "
tabhair freagratabhair freagra #27 S n c 17 Meitheamh 2013, 14:33 GMT
Ni haon fhianaise i an urban legend sin
tabhair freagratabhair freagra #28 Fiach 17 Meitheamh 2013, 20:19 GMT
I gcead do S N C níl aon chruthúntas ins an anecdote sin ó Sheosamh. Tá mise an-tógtha leis an nGaelscoilíocht ach cheapfainn go mbeadh ort a bheith an-simplí dá gcreifeá go bhfuil baill den lucht siúl ag dul go Gaelscoileanna. Bímís macánta faoi inár n-iris fhéin a deirim
tabhair freagratabhair freagra #29 S N C 18 Meitheamh 2013, 07:48 GMT
Seafóid í scéal Sheosaimh faoi Phort Láirge. Tá mise fós ag tacú le mo smaoineamh nach bhfuil aon taistealaí ag dul go Gaelscoil ergo is ionstidiúidí elitist iad
tabhair freagratabhair freagra #30 aonghus 18 Meitheamh 2013, 10:25 GMT
Agus conas a bhfeabhsóidh cosc a thus áite do leanaí le Gaeilge feabhas ar sin? Mionlach a chuir faoi chois ar mhaith le mionlach eile? I gcead duit, sin brilléis.
tabhair freagratabhair freagra #31 Seosamh 18 Meitheamh 2013, 15:14 GMT
.... Tá mise fós ag tacú le mo smaoineamh nach bhfuil ..... a deir SNC linn thuas.

Is léir gur lucht spíonadh .i. lucht trollála, roinnt de scríbhneoirí na gcúpla focal, gona smeadairín Béarla tríd go deimhin, a scríobhann faoi ailt na hirise seo.
Beidh an cine gorm agus an lucht siúil i gceist le post amháin – agus ní bheidh ag an scríbhneoir céanna le post go gairid ina dhiaidh sin ach an lucht siúil amháin. Céard a tharla? Ar chuma leis an scríbhneoir faoin gcine gorm inniu, le hais arú inné?
Tá gach cosúlacht ar an scéal gur naimhdeas leis an gcóras gaelscolaíochta amháin atá ag tiomáint na ndaoine seo, naimhdeas a eascraíonn as éad cheapfainn.

Ní hamháin gur fhreagraíos ceist amaideach SNC thuas, ach chuireas glao guthán ar Ghaelscoileanna (uimhir 01-8535195) inniu, 18 Meitheamh, ag 14.36 agus chuireas an cheist faoin lucht siúil sna gaelscoileanna orthu siúd. Fuaireas an freagra a rabhas ag súil leis, ach fágfaidh mé faoi SNC glaoch orthu le fáil amach di féin, más spéis léi an fhírinne in aon chor, óir is léir dom gurb í an fhírinne is lú a shantaíonn sí i dtaca le gaelscoileanna.

Leis an ngoile acu sin, lucht spíonadh na brilléise, a chasadh uilig, míneod gur tharla i ngaelscoil mé aréir, 17 Meitheamh, idir 19.00 agus 21.00, gaelscoil ar fios dom ciní éagsúla agus teangacha éagsúla a bheith ann. Céard é an chéad (chairt)clár laistigh den doras a bhí crochta ag na daltaí? Scéal Rosa Parks mínithe le sleachta próis agus grianghraf.
Is mór an náire éinne a scaipeas bréaga faoin gcóras oideachais is fearr sa tír seo, córas a bhfuil rath air, ní hionann is iarsma an murder machine lena ais, murder machine nó inneall tuarastail ag roinnt ‘múinteoirí’ cranda atá ag teip ar an iliomad bealaí. Níl ann ach ceist ama go bhfeicfear cé atá i mbun saochan an phobail lena gcuid ‘urban legends’. Fobún orthu a deirim
tabhair freagratabhair freagra #32 April 18 Meitheamh 2013, 19:35 GMT
A Sheosaimh, is oth liom a rá nach féidir linn glacfaidh leis an gceacht faoi Rosa Parks Pheople for the American Way, cé gur Cumannach ceart í. Tá sí rud beag seanfhaiseanta. Bíodh a fhios agat, tá an ghluais Phrogressive i gcónaí ag bog ar aghaidh. Forward agus sí se peudo, agus araile. Anois....Ceard faoi cheacht fisting ó Safe Schools Czar Jennings é féin agus threefer?
An bhfuil lesbiach ghorm atá rud beag gimpy agat?
« » 1 2 3 4 5
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!