« » 1 2 3 4 5
tabhair freagratabhair freagra #13 aonghus 8 Meitheamh 2013, 23:04 GMT
A Dhonncha, bhí ar m'iníon dul faoi agallamh le léiriú go raibh Gaeilge sa mbaile aici.
Sin an nós sna Gaelscoileanna a thugann tús áite do pháistí a tógadh le Gaeilge
tabhair freagratabhair freagra #14 Eoin P. 10 Meitheamh 2013, 11:32 GMT
Fiach agus Simon, níl aon bhunús le bhúr n-argóint, éirígí sibhse as mar sin! Tá an fhianaise le feiceáil breá soiléir.
tabhair freagratabhair freagra #15 Fiach 10 Meitheamh 2013, 16:01 GMT
Shot the messenger a mhac
tabhair freagratabhair freagra #16 Paid s o donnchu 10 Meitheamh 2013, 18:29 GMT
Teastas togtha le Gaeilge. Níl ansin ach tuille ciniochais. Tá tú ag iarraidh daoine a scarúint ó na chéile. Amaidí a Dhonnchadha
tabhair freagratabhair freagra #17 FrankGibbons 12 Meitheamh 2013, 12:38 GMT
faraor nach feidir an suiomh seo a leamh ar fon poca
tabhair freagratabhair freagra #18 John 12 Meitheamh 2013, 16:13 GMT
> Níl duine ar bith I saol na Gaeilge sásta a admháil go gcuireann go leor
> tuistí a gcuid páistí go Gaelscoileanna le imircigh a sheachaint. Sin í an
> fhírinne ghlan

Is "miotas uirbeach" an méid sin.
Cad a dhéantar sna ceantair nach bhfuil Gaelscoileanna?
tabhair freagratabhair freagra #19 aonghus 12 Meitheamh 2013, 16:18 GMT
> faraor nach feidir an suiomh seo a leamh ar fon poca
Is féidir! Léimse ar Samsung Galaxy SII é
tabhair freagratabhair freagra #20 S N C 14 Meitheamh 2013, 12:26 GMT
Ni amhain nach bhfuil einne dubh sna gaelscoileanna ach ni fheicfidh tu taistealai no duine on lucht taistil ann ach an oiread
tabhair freagratabhair freagra #21 Seosamh 15 Meitheamh 2013, 18:43 GMT
Is deas a fheiceáil go ngoilleann an ghaelscolaíocht ar na múinteoirí oiread sin is go gcaithfidh siad tolgadh i mbun na mbréag fúithi (.i. aicmeachas, ciníochas srl. a líomhain ina héadan). Tá bhur gcuid postanna i mbaol go cinnte, a oidí. Dúirt bean thar a leicinn le bean eile ag geata theach an phobail, nuair a chonaic sí bailiúchán ar siúl don ghaelscoil, "I'm not giving them anything. They're trying to take my daughter's job from her". Ní fhéadfainn ach meangadh léi. Bhí an ceart aici ar bhealach. Tá dhá ghaelscoil san áit chéanna anois. Aon cheann amháin a bhí ann ag an am, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa, tá gach craiceann is aicme faoin ngréin ag freastal ann. SLÁN le gach post sa gcóras amaideach Béarla nár thiontaigh amach ach tuairim is 5% de na daltaí le líofacht na Gaeilge agus brocamas uimhríochta 7 Béarla. Níl de fhís ag lucht an tseanchórais ach an post seascair. Tiocfaidh an ghaelscolaíocht ina áit ar fud na tíre ar fad mar go n-oibríonn an córas sin níos fearr mar chóras oideachais. Níl ann ach ceist ama. Beidh na postanna sna seanscoileanna lánghallda ag dul i laghad dá réir.
tabhair freagratabhair freagra #22 S N C 16 Meitheamh 2013, 10:00 GMT
Maith go leor a Sheosaimh. Tá tú ionsaitheach agus cosantach ach freagair an ceist: an bhfuil aon taistealaí ar an rolla in aon cheann de na gaelscoileanna iontach sin? Maidir le 'Tiocfaidh an ghaelscolaíocht ina áit ar fud na tíre ar fad mar go n-oibríonn an córas sin níos fearr mar chóras oideachais.' tá súil agam nach mbeidh sin fíor. Bheadh tír gaelach againne go cinnte but no blacks or travellers need apply.
« » 1 2 3 4 5
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!