« » 1 2 3 4
tabhair freagratabhair freagra #16 Damhnait 14 Feabhra 2013, 20:21 GMT
Ní haon ionadh go bhfuil sé furasta ardmharcanna a fháil sa Ghaeilge. Tá aithne agam ar dhaoine a fuair B sa Ghaeilge san ardteist agus nach bhfuil ar a gcumas dhá abairt a chur le céile da gcuirfeá ceist orthu. Molaim alt Bhreandain agus ba shuim liom an chomparáid a rinne sé le hAlbain. Ta sé thar am tabhairt ar mhúínteoirí bunscoile ábhar amháin , corpoideachas nó líníocht a mhúineadh trí mheán na Gaeilge chun go gceanglódh na paistí an teanga le rud a mbaineann siad sult as.
tabhair freagratabhair freagra #17 Ciarán Ó Coigligh 15 Feabhra 2013, 08:54 GMT
Sheol céimí le Gaeilge Cuntas Beatha (CB) chugamsa an tseachtain seo caite. De réir an CB ghnóthaigh an mac léinn seo A1 sa nGaeilge i scrúdú na hArdteistiméireachta. B'éigean dom ceathracha nóiméad (40) a chaitheamh ag ceartú a raibh de dhearmaid Ghaeilge sa gCuntas Beatha céanna. Tá céimeanna onóracha á ngnóthú ag mic léinn ollscoile nach bhfuil in ann a
n-ainm a litriú go cruinn i nGaeilge. Déarfainn go bhfuil fiche faoin gcéad ar a laghad d'ábhar múinteoirí i gColáiste Phádraig a bhfuil Gaeilge thar a bheith lag acu. Sin an ceathrú cuid. Tá grád onóracha san Adteist acu siúd uile. Ní thagann feabhas ar bith ar a bhformhór i gcaitheamh na dtrí bliana ollscoile, faraor. Scríobh mise faoi na nithe seo cheana ar Fhoinse agus labhair mé ina dtaobh ar RNG ach níor tugadh aird dá laghad orm. Éiríonn le mic léinn go leor céim onóracha a bhaint amach gan a oiread agus leabhar Gaeilge amháin a léamh. D'admhaigh mic léinn a bhí ag gabháil do MA sa nGaeilge an méid sin. Tá an ceart ag Donal Flynn i dtaobh a thubaistí a bhí an iarracht athbheochana agus ní fiú a bheith ag caitheamh anuas air i ngeall ar an leagan amach diúltach atá aige ar an teanga. Ba chóir labhairt le Donal Flynn agus a leithéid eile agus féachaint le teacht ar chomhthuiscint faoi iarracht caomhnaithe agus forbartha teanga a bheadh inghlactha ag aicmí éagsúla an phobail ó thuaidh is ó dheas. Tá comharthaí dóchais ó thuaidh i measc an phobail Aontachtaigh Phrotastúnaigh. Luaim go háirithe na hiarrachtaí atá ar siúl ag an Eaglais Phreispitéireach agus Eaglais na hÉireann i mBéal Feirste. Is suntasach an rud gur teagmháil ar bhonn creidimh is ciontsiocair leis na léasanna dóchais seo a theacht ar an saol ag am a bhfuil dreamanna go leor ar a mine géire ag iarraidh an Creideamh a ruaigeadh as scoileanna an stáit ó dheas. Féach thuas a ndúirt an tAire Oideachais agus Scileanna. Is mise, le gach uile bheannacht, Ciarán Ó Coigligh
tabhair freagratabhair freagra #18 sceolann 16 Feabhra 2013, 20:57 GMT
Aontaim ar fad leat a Chiarain (faraoir nil teacht agam ar aon tseimhiu ar an riomhaire seo). Ach chomh fada le m'eolas, no sin a deirtear liom, ta an rud ceanna fior o thaobh na dteangacha eile san Ollscoil, agus an Bearla san aireamh. Cad bhionn ar siul ag na muinteoiri sna bunscoileanna agus sna meanscoileanna? An mbionn aon mhuinteoireacht ar siul a thuilleadh acu?
Airitear 'aos og ard-oilte' mar cheann de na buntaisti ata againn chun comhlachtai idirnaisiunta a mhealladh chun na tire seo!!
tabhair freagratabhair freagra #19 J Alfred Prufock 18 Feabhra 2013, 09:23 GMT
Vicious circle mar a déarfá. Níl aon Ghaeilge ag mic léinn Chiaráin agus is iadsan a bhíonn ag múineadh an ghlúin óg. Aon réiteach?
tabhair freagratabhair freagra #20 S Ní C 19 Feabhra 2013, 09:48 GMT
I gcead duit a Chiaráin nach fútsa atá sé a chinntiú go mbíonn múinteoirí le dealramh ag daoine cosúil le fear an chuntas Beatha? Is sibhse atá ag bronnadh céimeanna ar dhaoine gan Ghaeilge.
tabhair freagratabhair freagra #21 Donncha 19 Feabhra 2013, 21:56 GMT
Ó mo thaithí sa tríú leibhéal, bíonn na bainisteoirí oideachais ag iarraidh go mbeidh an céatadán is airde ag fáil pas, mar íoctar na coláistí ag braith ar an líon macléinn. Duine ar bith ar an bhfoireann a bhíonn ag iarraidh caighdeán a chosaint, ní bhreathnaítear go fábharach orthu ach a mhalairt. Sin é an fhadhb.
tabhair freagratabhair freagra #22 Ciarán 20 Feabhra 2013, 12:21 GMT
An chúis nach bhfuil Gaeilge á foghlaim i gceart ag mic léinn ná nach an Stát féin á húsáid mar uirlis riaracháin, sa chaoi chéanna agus a bhaineann tíortha eile leas as a dteangacha féin. Nuair a bhaineann tír leas as a teanga féin, bíonn an riachtanas ann a bheith líofa sa teanga sin. An toradh: poist sa bhaile, idir an stát agus an earnáil phríobháideach, mar sin bíonn brú ar na daltaí a bheith maith sa teanga sin. Bíonn GÁ le táirgí agus seirbhísí a chur ar fáil go háitiúil. Níl an gá sin in Éirinn: ceannaímid na rudaí i bunúsaí ó Shasana.

Bunaíodh an córas oideachais chun daoine "oilte" a chur ar fáil don Impireacht, sé sin don eisimirce, agus níl athrú ar bith air ó shin. Is léir gur tábhachtaí an Béarla ná ábhar AR BITH eile don Roinn Oideachais: tá siad fós ag iarraidh a chur ina luí ar na Sasanaigh go bhfuilimid lán chomh leo siúd ag a dteanga, amaidí amach is amach. Ní fada anois nach mbeidh gá againn leis an Roinn féin. Déanfar iadsan a eisfhoinsiú go dtí Mórthír sar i bhfad.
tabhair freagratabhair freagra #23 Sadhb 20 Feabhra 2013, 17:07 GMT
Glacaim leis mar sin a Chiaráin go bhfuil tú ar aon fhocal liomsa gur cheart deireadh a chur leis an gceangaltas Gaeilge?
tabhair freagratabhair freagra #24 Taca an tSéimhithe 21 Feabhra 2013, 14:51 GMT
Syb nó Sive?
tabhair freagratabhair freagra #25 Sadhb 21 Feabhra 2013, 15:28 GMT
Sin é m'ainm a Thaca glic
« » 1 2 3 4
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!