« » 1 2 3 4
tabhair freagratabhair freagra #1 Colin Ryan 3 Feabhra 2013, 08:02 GMT
Tá sé thar am múineadh na Gaeilge a fheabhsú, gan dabht, agus gan breis ábhar cáinte agus clamhsáin a thabhairt do naimhde na teanga. Tá praiseach á déanamh den scéal le hochtó bliain anuas, agus ní fiú teanga ar bith a mhúineadh mar sin. Is í Roinn Oideachais na hÉireann an namhaid is measa, b'fhéidir. Mar Astrálach, táim sásta réiteach (nó neamhréiteach) an scéil a fhágáil faoi na hÉireannaigh féin, ach fágann múineadh ciotach na Gaeilge in Éirinn a rian ar shaothrú na teanga ar fud an domhain.
tabhair freagratabhair freagra #2 Pól 6 Feabhra 2013, 23:09 GMT
Féach ar an alt seo - moltaí ciallmhara le seans a thabhairt do mhúinteoirí an Ghaeilge a mhúineadh i gceart. Tá an córas reatha lochtach, ach tá réiteach simplí go leor ann.

http:/​/​foinse.ie/​eagarfhocal-a-litreacha/​litreacha/​3722-na-fadhbanna-a-bhaineann-le-teagasc-na-gaeilge
tabhair freagratabhair freagra #3 Pól 6 Feabhra 2013, 23:24 GMT
Agus an t-alt seo freisin.

http:/​/​www.independent.ie/​opinion/​letters/​tongue-twisted-26843341.html

- Daltaí a mhúineadh ag an leibhéal ceart le dhá cháilíocht dhifriúil do fhoghlaimeoirí a bhfuil an Ghaeilge acu mar chéad teanga agus mar dhara theanga
- Scrúdú béil éigeantach ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh
Tá sé uilig le ciall. Cén fáth nach féidir linn na rudaí simplí seo a dhéanamh as nós tíortha eile?
tabhair freagratabhair freagra #4 Ultan 7 Feabhra 2013, 08:38 GMT
Is ea ach níl ag éirí leis na marcanna breise don scrúdú béil don ardteist. Níl na daltaí ach ag foghlaim seachtain de ghlac mheabhair.
tabhair freagratabhair freagra #5 Rob 7 Feabhra 2013, 08:40 GMT
Nach fearr sin ná a bheith ag foghlaim sleachta as Peig de ghlac (sic) mheabhair?
« » 1 2 3 4
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!