« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #1 aonghus 4 Deireadh Fómhair 2010, 20:04 GMT
Ba chuid den bpolaitíocht riamh an cheathrú Eastáit!
tabhair freagratabhair freagra #2 Harp 6 Deireadh Fómhair 2010, 18:19 GMT
“…tráchtairí béalscaoilte gáifeacha mar Bill O’Reilly,Seán Hannity, agus Alan Colmes??, den eite dheis.”
Mar eolas duit a Bhrian, Bíonn Alan Colmes ina thráchtaire gáifeach den eite chlé!

…go mbeidh a thuilleadh eolais agat, a Bhrian, b’fhearr go mbeadh do bhéal liobrálach gáifeach ina thost!
tabhair freagratabhair freagra #3 Clairseach 6 Deireadh Fómhair 2010, 21:14 GMT
Harp: straiteis an cladhaire: ionsaigh an teachtaire nuair nil tu abalta an teachtaireacht a ionsai.
tabhair freagratabhair freagra #4 Eoin Mac an t-saoir 8 Deireadh Fómhair 2010, 17:16 GMT
B’fhéidir gurb é an fhadhb is mó an easpa measa ar rialacha díospóireachta. Seo thíos na cinn is mó a rith liom:
1. Go gcaithfear aontú roimhre faoi chlár luachanna lárnacha. Mar shampla:
a. Saoirse chaint, adhratha
b. Tábhacht ar institiúdí poiblí neamhsheicteacha a bheith againn
c. Tábhacht ar fholláine agus leithne na meanaicme i dtaca saoirse
d. Nach féidir a bheith saor gan rialacha cuí chun na daoine is mó faoi bhuntáiste a
chosaint
2. Go gcaithfidh an labhraí hipitéis a leagan amach gur féidir a chruthú más fíor nó
bréagach é. Ní leor a rá go bhfuil ‘comhchealg dhiabhalta’ ar siúl ag an fhreasúra
amháin mar nach bhfuil siad ar aon tuairim leat.
3. Go gcaithfear aontú roimhre go socrófar conspóidi ag fíricí inchruthaithe fríd fhianaise
atá ar fáil go poiblí, seachas aisling mhíoruilteach ó dheasláimh Dé.

Murach prionsabail shoiléire, beidh díospóireacht phoiblí ina chíor tuathail go deo.
tabhair freagratabhair freagra #5 Harp 8 Deireadh Fómhair 2010, 18:30 GMT
Cladhaire?? Moi?? An bhfuil tú craiceáilte??

Gura slán an scéalaí…ar chuntar go gcloífidh sé leis an bhfírinne!
Má tá míchruinneas san alt, caithfidh go mbeidh míchruinneas ar fad ann.

Is amadán é a ghlacadh le ráiteas mar fhírinne…níl sé ach ag cur dallach dubh air féin!...go háirithe nuair a léamh ailt le Brian Ó Broin, Idé-eolaí ar son an Pháirtí Daonlathaí!
tabhair freagratabhair freagra #6 Eoin Mac an t-saoir 8 Deireadh Fómhair 2010, 19:45 GMT
Seo díreach thuas ag Harp sampla den chéad scoth ar shárú prionsabail #2. Má tá muinín aige as a bhfuil ráite aige, cad é an fáth nár leag Harp síos go baileach cruinn, ar nós a dtig linn a chruthú más fíor nó bréagach iad, na míchruinnis mharfacha san alt? Seachas máslaí pearsanta.

P.S. Níl muid ag tráct ar irrelevancies—caithifidh na hargóintí baint leis an conclusion ailt Uí Bhroin go díreach, i.e., go bhfuil na polaiteoirí ag baint úsáid as na meáin le bolscaireacht sheicteach a scaoileadh.
tabhair freagratabhair freagra #7 Harp 8 Deireadh Fómhair 2010, 21:49 GMT
Seachas maslaí pearsanta, mo thóin!!…Is é a fhíor go bhfuil na hiriseoirí den eite chlé ag baint úsáid as na meáin le Liobrálachas forásach a scaoileadh…an Dall ag giollacht an Daill!!

Gach aon duine a rogha féin!

Buena suerte agaibh go léir,
Harp
tabhair freagratabhair freagra #8 Ricki Lee 8 Deireadh Fómhair 2010, 21:57 GMT
Bhuel, mas e masla pearsanta do thoin, ni doigh liom gur moladh e d'aghaigh ach oirdead!
tabhair freagratabhair freagra #9 Harp 10 Deireadh Fómhair 2010, 18:20 GMT
> Bhuel, mas e masla pearsanta do thoin, ni doigh liom gur moladh e
> d'aghaigh ach oirdead!
Maith thú Ricki Lee…Tá acmhainn grinn agat!

An bhfuil gaol ar bith ag “Clairseach” leat?!? Ní úsáideann sé/​sí síneadh fada ach oiread!
An bhfuil déphearsantacht a roinnt eadraibh!??

Ricki Lee…Tá blas damhsóir téisiúil ar an ainm! An bhfuil jab eile san oíche agat!??
tabhair freagratabhair freagra #10 Ricki Lee 11 Deireadh Fómhair 2010, 16:37 GMT
acmhainn GHrinn, b'fhearr duit a scriobh, mar is baininscneach an focal sin.

Gramadach, gramadach, gramadach . . .

Iar-scribhinn: Nil a fhios agam ce he /​ hi "Clairseach". B'fheidir go tite as do chrann cumhachta.
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!