AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Zheimers ar mhaithe agus ar mhóruaisle na hÉireann
Balor Balor Balor

an doineann seo atá ann faoi láthair ag tabhairt go leor aicídí léi chun ár n-oileáin bhig álainn agus na zheimers uafásachagalar arb é a shainchomhartha díchuimhneina measc. Míníonn Balor an scéal brónach seo.

Íomhá
Íomhá
Galar an-tromchúiseach is ea an aicíd Bertizheimers
Íomhá
Endazheimers: bíonn íobartaigh ag bualadh a gcloiginn in éadan balla
Íomhá
Rinne Wallace Thompson dearmad go raibh cead ag Caitlicigh dul isteach in Ardeaglais Phádraig. Wallacezheimers ba chúis leis

an t-am seo den bhliain thar a bheith contúirteach, a léitheoirí. ag trácht ar an bhliain airgeadais atá , ag tagairt don bhliain chánach, ach ag smaoineamh atá ar an bhliain féilire mar a thuigeann muid ar fad í, an bhliain sin a thosaíonn ar Caille, agus ag smaoineamh atá ar an tríú den bhliain chéanna.

thagann an Márta ar nós an leoin, imeoidh ar nós na huaine, agus thagann an Márta ar nós na huaine, imeoidh ar nós an leoin,” a deireadh na seandaoine, leithéidí iareagarthóir Beo Ar Éigean. Deirtí fosta go mbíodh an-stuif sna cearca a bheirtí sa Mhárta, go mbíodh daoine chomh corrthónach leis an ghaoth Mhárta, agus go mbíodh laethanta na riabhaí, na laethanta ag deireadh na míosa seo, ar na laethanta ab fhuaire sa bhliain. Níl dabht ar bith ach go mbíodh cuid mhór rámhaille agus truflaise agus bómántachta san aimsir ghnáthchaite dtaobh den mhí bhocht seo.

Ach, ar na saolta deireanacha seo níl dabht ar bith ach go bhfuil ag éirí níos deacra na séasúir a aithint óna chéile, rud a fhágann muid gan a bheith ábalta gléasadh mar is cóir choinne doininne soininne, fiú an doineann a aithint ón soineann, an bhó riabhach a aithint ón bhó mhire in amanna; rud a fhágann fosta go bhfuil cuid mhór aicídí úra ag teacht inár dtreo, agus mórán acu anseo cheana féin. Ina measc seo na zheimers. Agus, a chairde, thig libh é a mhaíomh le clanna bhur gclann, gur anseo a chuala sibh ar dtús é: na zheimers abhus.

Tromchúiseach cluinte ag achan duine faoin ghalar tromchúiseach sin Bertizheimers caint faoi le fada an . Sainchomharthaí na haicíde seo dearmad a dhéanamh ar an rud a bhí i gceist agat gan é a an tseachtain seo a chuaigh thart, agus gan

dearmad a dhéanamh ar an rud nach raibh i gceist agat gan é a in am ar bith; dúirt, deirtear go ndúirt, nach bhfuil cuimhne agat ar an rud nach raibh i gceist agat gan é a ar chor ar bith. sainchomharthaí eile a bhaineann leis an zheimers áirithe seo ach dearmad déanta agam orthu, mura bhfuil, bhuel, níl sásta a admháil gur...

Aicíd eile atá ag éirí coitianta le tamall anuas an Easpazheimers. bhaineann seo le héagmais le huireasa ar bith, ach le giorrúchán den fhocaleaspag”. Déantar an focal áirithe sin a ghiorrú cionn is nár mhaith leis an chliarlathas go n-aithneofaí go coitianta gur leosan a bhaineann an aicíd mharfach seo. Buaileadh beirt phrionsa de chuid na hEaglaise Caitlicí go trom leis an ghalar seo ar na mallaibh. Rinne an Cairdinéal Connell dearmad glan gur Caitliceach a bhí ann, gan trácht ar Chríostaí. Rinne an tArdeaspag Ó Máirtín dearmad nach dlíodóir canónach a bhí ann níos . Rinne siad beirt dearmad go raibh de dhualgas orthu mar aoirí de chuid na hEaglaise dea-shampla a thabhairt don tréad, ach dhearna an tréad dearmad baa-aaa-aaa a leis an bheirt acu.

Chonacthas fear ar Shráid Chonaill i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh a bhí buailte go trom le ceann eile de na zheimers seo, mar atá Endazheimers. Léirigh cúpla ceann de na sainchomharthaí a bhaineann leis an aicíd seo, bhí ag bualadh a chloiginn go láidir in éadan ballaballa mór láidir cloiche, a bhí i bhfad ba chrua a chloigeann bocht breoite. Ach lean air á bhualadh agus á

bhualadh. An dara sainchomhartha a léirigh gur dhírigh é féin i ndiaidh gach buille acu, agus gur chóirigh a chuid gruaige go dtí go raibh gach ribe dhlaoi go snasta slíoctha, agus gur fhógair os comhair an tsaoil: “Mise a bhuaigh an toghchán, bíodh a fhios agaibh!” Is galar tromchúiseach é an Endazheimers, gan aon agó.

WallacezheimersCeann eile de na zheimers seo atá ag dul thart faoin tír is ea Wallacezheimers. Níl baint laghad ag an Wallace seo le Gromit, an madadh beag sa chlár beochana; héfear an bhríste chontráilte é. Madadh de shórt eile ar fad atá sa Wallace seo a bhfuil an zheimers úr aircineál de mhadadh faire de chuid na bhfíor-fhíor-fhíor-fhíor-Phrotastúnach é Wallace Thompsoné i bhfad níos faide ar dheis Ian Mór, Ian Beag agus Roaring Hannah i bhfochair a chéile. Rinne Wallace bocht dearmad go raibh cead ag Caitlicigh dul isteach in Ardeaglais Phrotastúnach Phádraig i mBaile Átha Cliath, agus go raibh cead ag an Déan MacCarthy paidríní

a chur ar díol ann ar mhaithe le cúpla euro a chur isteach i gciste na hArdeaglaise, mba mhaith leis. Rinne Wallace bocht dearmad fosta gur i bhfad ar shiúl ó Jurassic Park atá an chuid is de mhuintir na hÉireann tráth seo an dara mílaois.

cuid mhór daoine sa taobh ó dheas den tír buailte go trom leis an Corcaighzheimerschan an CorkExaminers, ach an ceann eile, a ndeirtear faoi go bhfuiltear anois ag teacht ar leigheas fána choinne. Níltear cinnte fós cén leigheas é féin ach tógann tamall dearmad a dhéanamh ar dhearmaid. Ba dhearmad é an chéad foireann bhainistíochta a bhrú isteach nuair ba léir nach raibh na foirne imeartha sásta. Ba dhearmad fosta é tacaíocht a ghealladh don fhoireann bhainistíochta agus ansin dearmad a dhéanamh ar an ghealladh sin. Rinne gach taobh dearmad ar lucht tacaíochta an Chontae agus iad buailte ag an Corcaighzheimers. Buille tubaisteach é an aicíd sin. Táthar ag súil nach leathnóidh aneas.

Aicíd eile a raibh an léiriú aici ar an riocht céanna ag deireadh na míosa seo caite ab ea an Nepalzheimers. Roinnt de na daoine a buaileadh leis an ghalar seo, rinne siad dearmad go raibh aithne riamh acu ar dhuine ar bith a chaith seal i Nepal. Bhí mórán acu ann, agus ba láidre an séanadh a bhí siad á dhéanamh an coileach agus é ag scairteadh den tríú huair. An dóigh ar buaileadh daoine eile leis an ghalar céanna seo, rinne siad dearmad go bhfuil rudaí níos tábhachtaí agus níos bunúsaí agus níos luachmhaire ar an saol seo an chomhghleacaíocht. Gura fada uainn na zheimers.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.