CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Vótáil i dtoghchán an tSeanaid – dúch amú?

Tá sé in am córas ionadaíoch an tSeanaid a athrú.

Íomhá
Íomhá
An Seanadóir Joe O'Toole: olc curtha aige ar go leor de lucht na Gaeilge

Tugtar príomhtheach an Oireachtais ar an Seanad agus tá sé deacair a thuiscint cén fáth. Dá n-iarrfá ar chéad duine ar shráid ar bith in Éirinn deichniúr seanadóirí a ainmniú, ní bheadh tuairim ag an chuid is mó acu. Fiú dá gcuirfeá ceist ar na daoine céanna cén ról atá ag an Seanad i rialú na tíre, is cinnte nach mbeadh a fhios acu ach an oiread.

trí scór seanadóir sa Seanad agus baineann siad suíochán amach ann ar bhealaí éagsúla. Cuid acu trí liosta vótóirí iarchéime ollscoile; cuid eile ó phainéil éagsúla atá in ainm is a bheith ionadaíoch ar shochaí na hÉireann; agus aon duine dhéag a roghnaíonn Taoiseach an lae. (Aon seans go molfaidh Bertie Joe Higgins don Seanad an uair seo? Is duine é ar fiú go mbeadh guth aige san Oireachtas agus é ina shóisialaí, dála an Taoisigh féin).

Féachtar ar an Seanad i saol na polaitíochta mar áit d’iarrthóirí Dála nár éirigh leo i dtoghchán nó mar áit dóibh siúd a bhfuil a súile ar shuíochán Dála amach anseo. I láthair na huaire, tá iarrthóirí ag tiomáint na mílte míle, ag tabhairt cuairte ar chomhairleoirí contae ag cuartú vóta do phainéal amháin nó do phainéal eile.

Má dhéanann tú scrúdú ar liosta iarrthóirí Ollscoil na hÉireann, tá sé deacair leathdhosaen a roghnú a mbeadh aon fhiúntas ag baint leo. Má tá glór don Ghaeilge ar cheann de na nithe atá á lorg agat, níl rogha rófhairsing i gceist. Tá Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ar an liosta agus tá seans go n-éireoidh leis, má éiríonn leis a vóta a mhéadú go mór ón uair dheireanach. Tá Brendan Ryan ar an liosta agus is duine breá ábalta agus cumasach é gan amhras.

Bíonn Joe O’Toole réasúnta cinnte dá shuíochán i gcónaí mar go bhfaigheann sé tacaíocht láidir ó Chumann Múinteoirí Éireann, dream atá an-eagraithe agus a bhfuil córas teagmhála poist acu, iris mhíosúil agus gréasán láidir múinteoirí ar fud na tíre. Caillfidh Joe go leor tacaíochta i measc mhuintir na Gaeilge an iarraidh seo de bhrí gur sheas sé le Béarlóirí an Daingin agus mar gheall ar na hionsaithe fíochmhara atá déanta aige ar an Acht na dTeangacha Oifigiúla. Sin ráite, is fear é a bhfuil coinsias aige agus gheobhaidh sé a shuíochán go cinnte. Beidh David Norris, Fergal Quinn agus Shane Ross ar ais, cé gur dheacair smaoineamh ar oiread agus rud amháin a bhain siadsan amach eatarthu sna cúig bliana atá imithe.

Níl seanadóir ann d’iarchéimithe na n-institiúidí teicneolaíochta; níl seanadóir ann do na hÉireannaigh thar sáile; níl seanadóir ag an Lucht Taistil; níl seanadóir ag na hinimircigh; agus níl seanadóir ann dóibh siúd atá in ísle brí, duine a tharraingeodh aird ar an leibhéal ard féinmharaithe, mar shampla.

Níor cheart fáil réidh leis an Seanad ach is cinnte gur cheart an córas ionadaíoch a athrú sa dóigh is go mbeadh guth ag gnáthdhaoine na tíre, seachas ag na bodaigh amháin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.