THALL IS ABHUS
Útóipe i gContae an Chláir
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

I mí Lúnasa gach bliain tagann grúpaí comhshaoil agus daoine aonair as gach cearn den Eoraip le chéile d’imeacht ar a dtugtar Ecotopia. Beidh sé ar siúl in Éirinn i mbliana den chéad uair agus eagraíocht darb ainm Gluaiseacht atá á eagrú. Labhair Diarmaid Mac Mathúna le Clár de Buitléar, ball de chuid Gluaiseacht, chun níos mó eolais a fháil faoi Ecotopia2002.

Íomhá
Íomhá
Daoine i mbun spraoi ag Ecotopia92 ag Bugac san Ungáir.
Íomhá
Ag ní soithí ag Ecotopia94 ag Tasca sa Rómáin
Íomhá
I mbun damhsa ag Ecotopia99 ag Bogda sa Rómáin

Cé go bhfuil an aimsir go dona in Éirinn an samhradh seo, tá obair mhór ar bun faoi láthair chun na Flaithis a chur ar talamh i gContae an Chláir. Déanfar iarracht comhluadar útóipeach nach loitfidh an timpeallacht a chruthú mar chuid den teacht le chéile idirnáisiúnta Ecotopia2002, a bheidh ar siúl i lár na míosa seo ar bhruacha Loch Dearg in oirthear an chontae.

“Ceann de na haidhmeanna atá againn ná rudaí dearfacha a dhéanamh don timpeallacht,” a dúirt Clár de Buitléar, ón eagraíocht Gluaiseacht atá ag cabhrú le lucht eagraithe an imeachta, le Beo! “Tá Ecotopia á eagrú le trí bliana déag anuas, agus is é seo an chéad uair dó a bheith in Éirinn. Bhí an teacht le chéile sa Bhulgáir anuraidh agus ar fud na hEorpa roimhe sin.”

“Tá na ceardlanna a bhíonn ar siúl mar chuid d’Ecotopia an-tábhachtach,” dar le de Buitléir. “Tugann siad deis do gach duine a bheith ag múineadh agus eolas a roinnt. Clúdaítear gach saghas ábhair iontu; bíonn béim faoi leith ar ábhair a bhaineann leis an timpeallacht, idir fheirmeoireacht orgánach, cheisteanna ag baint le domhandú agus athchúrsáil. Ag brath ar an ábhar, bíonn taithí phraiticiúil ar fáil freisin. Mar shampla, beidh rannpháirtíocht i gceist sa cheardlann chócaireachta a bheidh ar siúl agus nuair a bheimid ag tógaint teach corna féir freisin.”

Is cruinniú samhraidh den European Youth for Action (EYFA) - gréasán d’eagraíochtaí timpeall na hEorpa ag a bhfuil ceanncheathrú in Amsterdam - atá in Ecotopia. Glacann idir 200 agus 700 duine páirt ann go bliantúil, agus tá an eagraíocht Éireannach Gluaiseacht ag eagrú Ecotopia go háitiúil.

“Grúpa nua atá in Gluaiseacht a thosaigh thart ar bhliain ó shin,” a deir de Buitléir. “Chuaigh muid ar thuras go Sellafield cheana féin agus rinne muid go leor agóidí i gcoinne na cumhachta núicléiche. Tá baill de Gluaiseacht ar fud na tíre, agus cé nach mbíodh ach eagraíochtaí ó choláistí ann roimhe seo tá gach saghas duine páirteach ann anois - a lán daoine aonair san áireamh.” Agus an mbíonn baint acu leis an bhforéigean a bhíonn ag na léirsithe frithdhomhandaithe ó am go ham? “Cé go bhfuil muid gníomhach sna feachtais, an rud is tábhachtaí dúinne ná gan foréigean a úsáid,” a deir sí.

Agus cén fáth ar roghnaigh siad Contae an Chláir do Ecotopia i mbliana? “Tá an áit a roghnaigh muid go hálainn ar fad, agus tá sé iargúlta freisin. Tá cuid mhaith teagmhála déanta againn le muintir na háite agus leis an gcomhairle áitiúil chun a mhíniú dóibh cad go díreach a bheidh ar bun.”

Chun a léiriú gur féidir na haidhmeanna atá ag Ecotopia a bhaint amach agus rudaí dearfacha a dhéanamh don timpeallacht, beidh muintir Ecotopia ag obair le muintir na háite chun páirc a athchóiriú. “Ba mhaith linn go mbeadh páistí ábalta dul go dtí an pháirc sin le linn Ecotopia agus páirt i ghlacadh i gceardlann chun uirlisí ceoil a dhéanamh as ábhar athchúrsáilte.”

Tá an-úsáid bainte ag muintir Ecotopia as an idirlíon chun eolas a scaipeadh faoin teacht le chéile - mar shampla, tá liosta ríomhphoist agus suíomh gréasáin bunaithe acu. Ach an mbeidh teacht ag daoine ar an idirlíon ag Ecotopia féin?

“Ní bheidh aon ríomhaire ar an láthair,” arsa Clár. “Ba mhaith linn go bhfaigheadh daoine briseadh ó na rudaí sin ar fad.”

Beidh Ecotopia2002 ar siúl idir 10 - 24 Lúnasa in oirthear Chontae an Chláir. Tá breis eolais ar fáil ar an idirlíon ag www.ecotopia2002.org. Chun treoracha a fháil go dtí an t-ionad, seol teachtaireacht ríomhphoist chuig info@ecotopia2002.org nó glaoigh ar Adam ag (087) 773-2508.

Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é Diarmaid Mac Mathúna. Tá litreoir Gaeilge “GaelSpell” a oibríonn le Microsoft Word foilsithe aige ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.