AR NA SAOLTA SEO
Urraim don Duine, Urraim don Seoladh agus Urraim don Teanga
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Léiríonn comhaid stáit atá díreach scaoilte saor anois faoin ‘riail tríocha bliain’ ag an Chartlann Náisiúnta go raibh seachadadh litreacha le seoltaí Gaelacha ina chonspóid idir údaráis phoist na hÉireann is na Breataine ag deireadh na seachtóidí. Amharcann Breandán Delap ar a bhfuil luaite i gcomhaid an rialtais faoi.

Íomhá
An Chartlann Náisiúnta
Íomhá
Cathal Ó hEochaidh, nach maireann
Íomhá
Lech Walesa, Solidarność & Iar-Uachtarán na Polainne
le MEDEF ar Flickr
Íomhá
Robert Mugabe, Uachtarán Zimbabwe
Íomhá
'rather than Gaelic'
Íomhá
Inis Oírr
Íomhá
Freagra

Bliain chinniúnach ab ea 1980 inar dúnmharaíodh John Lennon agus an tArd-Easpag Oscar Romero; inar inis an Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh, do phobal na tíre go raibh siad ag maireachtáil thar a n-achmhainn; inar toghadh Ronald Reagan agus Robert Mugabe mar Uachtarán ar Mheiriceá agus mar Phríomh-Aire ar an tSiombáib fá seach; inar bhain Johnny Logan Comórtas na hEorafíse le ‘What’s Another Year’; inar cuireadh tús leis an chéad stailc ocrais sa Cheis Fhada; ina ndearna SAM baghcat ar na Cluichí Oilimpeacha a bhí ar siúl i Moscó; inar bhuaigh Solidarność a stailc i longchlós Gdańska na Polainne.... agus ina raibh seachadadh litreacha le seoltaí Gaeilge ina chnámh spairne!

Mar is gnách ag an am seo bliana tugadh, réamhspléachadh d’iriseoirí áirithe ar chomhaid rialtais a bhaineann le tríocha bliain ó shin. Comhaid ó Roinn an Taoisigh agus ón Roinn Gnóthaí Eachtracha a scaoileadh amach i mbliana agus bhí roinnt fillteán iontu a bhaineann go sonrach le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Is léir ó na cáipéisí, mar shampla, go raibh Coiste na Logainmneacha toilteanach comhairle a chur ar an rialtas maidir le córas códuimhríochta a bhunú le dul i ngleic leis na fadhbanna a bhain le seachadadh litreacha a bhí á seoladh as Sasana le seoltaí i nGaeilge. Bhí iarrachtaí móra á ndéanamh ag muintir Inis Oírr a bheith ina gceannródaithe ó thaobh fuinneamh glas de ach tugadh an t-eiteachas do na hiarrachtaí sin i ndeireadh ama. Ach má thug, ba léir go raibh fadhbanna farantóireachta agus lastais go hÁrainn á gcíoradh ag bord an Rialtais.

Seoltaí ‘Correct’ san ‘Irish Republic’

Tarraingíodh conspóid tríocha bliain ó shin faoi dhiúltú údaráis phoist na Breataine litreacha le seoltaí Gaeilge a sheachadadh. Tugadh le fios i bhfógra ins an Post Office Gazette i Sasana ar an 14 Feabhra 1979 go raibh méadú mór tagtha ar líon na litreacha le seoltaí Gaeilge agus nach raibh a leithéid inghlactha: “This is contrary to Post Office recommendations and wherever possible instances should be taken up with the poster and efforts made to ensure that correct postal addresses are used. Pages 241-258 of the July edition of Postal Addresses and Index to Postcode Directories give details of correct postal addresses for post towns and localities in the Irish Republic.”

Ní mó ná sásta a bhí Art Ó Maolfabhail ón Choimisiún Logainmneacha faoin treoir seo agus scríobh sé chuig údaráis phoist na Breataine ag lorg soiléiriú faoi. Scríobh M K Wood ó cheanncheathrú Post Office ar ais chuige ag míniú dó go mbíodh deacrachtaí móra ag an oifig sórtála i gCrewe le carn mór litreacha a bhí seolta i nGaeilge agus dá bharr sin gur cheart leagan Béarla don seoladh a úsáid: “We have always recommended the use of English, rather than the Gaelic form of address because many of our sorting offices sort and send mail directly to a number of towns in the Irish republic, or at least separate letters on a county basis in a way that helps to dispose of the mail more quickly through Dublin.” Dúirt sé go raibh an treoir seo aontaithe le húdaráis poist na tíre seo.

Gníomhaíocht na Roinne P & T

Beartas in éadan neamhspleáchais agus dínite an náisiún Éireannaigh atá sa chomhairle seo ó údaráis poist na Breataine Móire,” a scríobh an tUasal Ó Maolfabhail thar ceann an Choimisiúin chuig an Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh ar an 24 Meitheamh 1980: “Mheabhraigh an Cathaoirleach agus comhaltaí eile gur gnách leo litreacha faoin seoladh ceart Gaeilge a fháil tríd an bpost ó thíortha an domhain....Ní móide go mbeadh náisiún neamhspleách ar bith sásta glacadh lena leithéid de chomhairle ón iasacht agus í in éadan an Bhunreachta.” Ba mheasa i bhfad é, dar leis an Choimisiún, mar gur le comhaontú roinn rialtais de chuid na hÉireann a tugadh an chomhairle seo.

Mar fhreagra ar an litir seo, shéan an Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh, go raibh aon chomhaontú ar an cheist idir an Roinn Poist agus Telegrafa agus údaráis poist na Breataine. Dar leis gur tugadh comhairle do dhaoine seoltaí Béarla seachas Gaeilge a úsáid má bhí siad ag iarraidh moill i seachadadh na litreach a sheachaint. “Ní raibh sé i gceist nach seolfaí ar aghaidh na litreacha a raibh seoltaí i nGaeilge orthu, ach go mbeadh moill éigin bhreise orthu,” a scríobh an Taoiseach ar an 8 Iúil, 1980.

Thug sé le fios gur chuir an Roinn Poist agus Telegrafa in iúl d’údaráis poist na Breataine go raibh an fógra ins an Gazette agus an freagra a thug siad don Uas. Ó Maolfabhail “goilliúnach agus imreasach chomh fada agus a bhain sé le taobh na hÉireann de.” Mheas an Taoiseach gurb é an réiteach is fearr ar an scéal seo ná go gcuirfí gach litir le seoladh i nGaeilge díreach go Baile Átha Cliath, gan aon réamhshórtáil déanta orthu sa Bhreatain. Díol spéise, áfach, gur thug An Coimisiún Logainmneacha le fios don Taoiseach go mbeidís ar fáil le comhairle a chur air dá gceapfaí gurbh fhiú comharthaíocht nó códuimhríocht ar leith a cheapadh sa tír le héascaíocht a dhéanamh ar fhadhbanna seachadadh poist – 25 bliain sula ndearna an tAire Noel Dempsey an moladh céanna.

Inis Oírr Fadradharcach

Léiríonn taifid eile ó Roinn an Taoisigh go raibh deacrachtaí in Oileáin Árainn go mór faoi chaibidil ag an am. Scríobh Feargal Mac Amhlaoibh, a bhí ina bhainisteoir ar Comhar Caomhán ar Inis Oírr, chuig Cathal Ó hEochaidh i Nollaig na bliana 1979 le sraith de fhéidireachtaí forbartha. Rinne sé comhghairdeas leis as a cheapachán agus dúirt go raibh lúcháir ar mhuintir Inis Oírr go raibh “oileánach anois mar Thaoiseach, duine a bhfuil tuiscint aige ar deacrachtaí na tíre go hiondúil ach go háirithe ar deacrachtaí oileáin.” Chuir sé sraith de mholtaí faoina bhráid maidir le giniúint aibhléise as foinsí fuinnimh malartacha, moltaí a bhfuil cuma iontach fadradharcach orthu i bhfianaise dúnghaoisí glasa an lae inniu. Mhol sé go mbrisfeadh muilte gaoithe ar an oileán uisce síos go hidrigin agus ocsaigin agus go mbunófaí gléasra buidéalaithe ar an oileán don ocsaigin.

Ach thug an tAire Tionscail, Tráchtáil agus Fuinnimh, Des O’Malley, droim láimhe don mholadh. Cé go bhféadfadh go gcuirfí fuinneamh gaoithe ar na hoileáin san áireamh amach anseo, mheas an tAire nach raibh an moladh “safe, technically feasible or cost effective at present.”

Ach má tugadh an t-eiteachas don mholadh sin, ba léir ó mheamram a d’ullmhaigh an Lár-Choiste Forbartha don rialtas go raibh fadhbanna fuinnimh ina gcrá chroí ag na hoileánaigh a bhí ina gcónaí amach ó chósta an iarthair. Léiríonn miontuairiscí den chruinniú comhaireachta ar an 23 Iúil, 1980, gur aithníodh go leor de na fadhbanna rochtana, fuinnimh agus farantóireachta a bhí ag na hoileánaigh. Ba é an toradh a bhí ar an tsíorstocaireacht ná gur ghlac an rialtas cinneadh ar an dáta sin gur ar an Bhord Soláthar an Leictreachais a thitfeadh an costas córas leictreachais a bhunú ar na hoileáin agus nach ngearrfaí aon táille breise ar bhunadh na n-oileán ná ar mhuintir na tíre móire.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.