AR NA SAOLTA SEO
Uafás
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tá Robert McMillen den tuairim go mbaineann cur as feidhm na n-easaontóirí le cothrom na Féinne a roinnt ar chách tríd an pholaitíocht. Tá an chumhacht sin ag lucht na polaitíochta, ach an bhfuil an cumas iontu?

Íomhá
Kieran Doherty, a maraíodh gan taise
Íomhá
Cnoc an Anfa (le Genesis1v1 ar picasaweb)

Uafás = Uath+ bhás = bás le fuath, nó millteanas a mharódh duine. Bhí sin ar Kieran Doherty an tseachtain seo caite. Fuarthas a chorp lomnocht agus a lámha ceangailte ina luí ar bhóthar scoite cois teorainn, Braehead Road, in aice le cathair Dhoire. Scaoileadh sa chloigeann agus sa bhrollach é.

Ar íorónaí an tsaoil é, bhí Kieran Doherty ina bhall sinsireach den Fhíor-IRA, an dream a mharaigh é. Chaith sé seal i bpríosún Phort Laoise agus é ina cheannaire ar dhream cimí a bhí ceangailte leis an Fhíor-IRA, i ndiaidh a chiontaithe as robáil an Redcastle Hotel i 2002. Dúirt an dream easaontóirí go raibh caidreamh idir Doherty - a bhí le pósadh i mbliana - agus mangairí drugaí. "Thuig sé iarmhairtí an chaidrimh sin," ar siad i ráiteas fuarchúiseach. Tá lámh na bparaimíleatach le feiceáil go soiléir - buamaí, marú, racáin - ní hionann agus seirbhísí slándála. Tá ceisteanna á gcur ag muintir Kieran Doherty fan tionchar a bhí ag MI5 ar shaol agus ar bhás an Dochartaigh. Bhí gearáin déanta aige leis an nuachtán áitiúil, The Derry Journal. inar mhaígh sé go raibh MI5 ag iarraidh é a earcú mar sceitheoir. Má bhí fianaise, fíor nó bréagach, ag an tSeirbhís rúnda go raibh Doherty gníomhach i seachadadh drugaí - rud atá séanta ag a mhuintir - d’fheadfadh siad é a úsáid le brú a chur air obair a dhéanamh ar a son. Bhí sé in abar ag an dá dhream, MI5 agus ag an Fíor-IRA mar sin.

Ní nach ionadh, chuir fíochmhaire an dúnmharaithe alltacht ar dhaoine ag tréimhse ina bhfuil imní ag méadú ina measc go bhfuil dream beag daoine réidh le feachtas fadtéarmach paraimíleatach a chur sa tsiúl. Tá go leor ábhar imní acu. De réir a chéile, tá foréigean an Fhíor-IRA ag méadú. Marú Kieran Doherty; buama a d’fheadfadh daoine a mharú ar an Iúr; racáin i Craigavon le seachtain anuas, ag dul siar go dtí marú bheirt shaighdiúir Briotánacha, Mark Quinsey agus Patrick Azimkar, ag Beairic Masserene i mbaile Aontroma agus níos faide siar go dtí briseadh a sos cogaidh i 2000, sos a tháinig sna sála ar bhuamáil fhuilteach na hOmaí as a raibh siad freagrach. Uafás eile.

An Seanscéal

Ach tá na heasaontóirí ar ais agus iad ag cruinniú nirt, is cosúil. Meastar go bhfuil comhoibriú níos daingne idir an Fíor-IRA agus an IRA leanúnach - an bhfuil a fhios ag duine ar bith an difir eatarthu? - ach de réir mar a thuigimse é, is é an ‘streachailt armtha’ raison d’etre na n-eagraíochtaí seo. Ní fhaca mé riamh dúnghaois chuimsitheach de chuid Gluaiseacht Ceannasachta na Dhá Chontae is Tríocha, atá ceangailte leis an Fhíor-IRA, a chuaigh i ngleic le réadúlachtaí an lae inniu, le castachtaí Éire na 21ú?haoise. Ní ligeann a samhlaíocht dearcadh ar bith eile isteach seachas “Ceannasacht Náisiúnta na hÉireann a chur i réim in athuair”. Creideann cuid mhór daoine - mé féin ina measc - gur cuspóir uasal é sin ach go bhfuil sé faoi smál ag modhanna suaracha lucht an fhoréigin. Tá difir an domhain idir uaisleacht an chuspóra agus réadúlacht a bhfuil ag titim amach - agus a thitfidh amach - ar na sráideanna. Tá an imeagla ag pilleadh ar dhaoine atá ag iarraidh dul amach a shiopadóireacht. Amharcann siad go hamhrasach ar charranna fánacha i sráideanna cúnga ciúine. Tá gach duine sa tuaisceart faoi bhagairt an bháis ag dream nach dtig leo glacadh leis go bhfuil am an fhoréigin thart agus a chreideann, ainneoin na fianaise uilig ina éadan, gur féidir Éire a aontú fríd urchar a loscadh i gcloigne daoine.

Leigheas

Ach tá a dteachtaireacht shimplí á slogadh siar ag cuid den aos óg, iad réidh le creidbheáil gur lig Sinn Féin síos iad, go bhfuil forlámhas oilc an aontachtaigh i réim fós agus nach bhfuil todhchaí rathúil rompu mura gcuireann siad in éadan an réimeas ag Stormont. Ar an drochuair, tá fianaise acu gur foras thar a bheith lochtach ag barr Chnoc an Anfa agus nach bhfuil an seanmhúnla seicteach briste agus córas úr a bhéarfadh dóchas do gach duine curtha ina áit. Tá dul chun cinn na n-easaontóirí ag brath cuid mhór, ní ar chúrsaí póilíneachta amháin, ach ar na polaiteoirí fosta. Tá an chumhacht acu iad a chur as feidhm fríd an pholaitíocht a thugann cothrom na Féinne do gach duine.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.