AR NA SAOLTA SEO
Turasóireacht i dTír na Síorbháistí
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Caithfear an mhaith atá i bhfiántas na tuaithe a aithint mar ghné tharraingteach don turasóireacht agus gan srian ná smacht a chur air a deir Tony Birtill.

Íomhá
Ar Chruach an Bhealach Ghábh
Le Patricia McGeever
Íomhá
An Storral
Le Patricia McGeever
Íomhá
An Bun Glas
Le Patricia McGeever
Íomhá
Ar Shliabh a Liag
Le Patricia McGeever
Íomhá
Tony ag glanadh na cloiche
Le Patricia McGeever
Íomhá
An Machaire ag Ard an Rátha & Árainn Mhór ar fhíor na spéire
Le Patricia McGeever

“Seo ceann de na háiteanna is áille go chonaic mé riamh,” a dúirt Níamh, bean ar mo chúrsa siúl sléibhe i nGleann Cholm Cille, Co. Dhún na n Gall. Ag amharc amach ar an fharraige ag Ros Eoghan i mí Iúil a bhí muid.

Aontaím léi, ár ndóigh, ach bhí sé go maith an tuairim chéanna a chloisteáil ó bhean a raibh a lán taistil déanta aici ar fud an domhain. Rinne sí comórtas ina hintinn leis an chósta san Astráil Thiar agus ba ionadh léi nach raibh a fhios aici go dtí sin go raibh a leithéid in Éirinn.

Ní hé an chéad uair gur chuala mé scéal mar seo. Bhí bean in éineacht linn anuraidh a bhí ar an ‘Byron Coast’ san Iodáil an mhí roimhe sin. Dúirt sí linn go raibh an cósta sin molta go forleathan agus tá clú air mar gheall ar an fhilíocht a scríobh Byron faoi. Ach bhí cósta Gleann Cholm Cille níos deise ná é, dar léi.

“Ach cadé faoin aimsir?” cloisim sibh a fhiafraí díom. Anois, ar an meán i mbliana, as sé lá mo chúrsa’sa, bhí sé ag cur ar feadh dhá lá, cuid den am. Ar na ceithre lá eile, bhí sé deas geal, mar a fheiceann sibh ó na grianghraif atá leis an alt seo. Agus leis na cótai ‘Gortex’ agus buataisí siúil is féidir linn dul amach ar laethanta fliucha gan mórán stró. Mar is gnách, ní fhaca muid duine ar bith eile i rith an lae ar Ros Eoghain, agus is maith liom go bhfuil ‘seoid i bhfolach’ againn mar seo san áit.

Srian ar an Fhiántas

Is ar an chuid den chósta idir Bun Glas agus Málainn Bhig an t-aon áit amháin go gcasann muid ar shiúlóirí eile ar an leathinis, de ghnáth, agus níl ach 20 duine eile i rith an lae atá i gceist agam. Téann tú thar barr Sliabh a Liag (595 meádar) ar an chuid seo, áit atá luaite mar uimhir 18 sa Lonely Planet Top 25 Irish Tourist Experiences. Mar gheall ar sin, tá an rialtas ag caitheamh dhá milliún Euro ar ‘fhorbairt’ san áit fhiáin, ghalánta seo, rud a cuireann imní orm tar éis an praiseach a rinne siad le Aillte an Mhothair, áit nach bhfuil ar an liosta sa Lonely Planet Guide ar chor ar bith anois, dála an scéil.

Chuir na húdaráis fáilte roimh mholtaí ó dhaoine le suim acu sna cnoic, turasóireacht agus mar sin de, agus chuir mé mo chuid chucu. Mar shampla, mhol mé dóibh an cosán a choinneáil ar imeall na haille nuair a bheas siad á dheisiú, agus tugaim faoi deara go bhfuil na cipíní a chuir siad síos chun an tslí a leagan amach, go bhfuil siad san áit cheart, go dtí an t-ardchlár roimh Chosán an Aon Fhir agus an mullach.

Ansin, áfach, ag fógra a bhfuil ‘Rabhadh’ air (Beo eagrán 113, Meán Fómhair 2010), téann na cipíní soir ó thuaidh, i dtreo Dhíseart Aoidh Mhic Bhricne. Leanann siad líne charraigeacha atá péinteáilte buí geal go dtí an fothrach séipéil, líne a thug na siúlóirí ‘Bóthar na mBrící Buí’ air nuair a nochtadh é i 2010. Má leanann tú an líne seo, caillfidh tú barr Sliabh a Liag, atá ciliméadar amháin siar ó thuaidh, trasna Cosán an Aon Fhir. Is é an sprioc atá ag gach siúlóir ná an barr a bhaint amach agus beidh fearg orthu nuair a faigheann siad amach go bhfuil an chuid is fearr den chnoc caillte acu. Ní tharlódh a leithéid san Astráil nó san Iodáil, tá mé cinnte.

Tuairim Curtha in Iúl

Ach is cuma liom ag an pointe seo: chuir mé mo thuairimí chuig na húdaráis agus más mian leo neamhaird a thabhairt orthu agus olc a chuir ar thurasóirí, sin a rogha féin. Tá an tslí go dtí an barr ar eolas agam, tar éis níos mó ná 20 bliana de bheith ag siúl ansin agus leanfaidh mé ar aghaidh mar sin le mo dhream ó Oideas Gael díreach go dtí an barr agus síos taobh eile an chnoic go dtí Málainn Bhig. Caithfidh mé a admháil, ní maith liom barraíocht daoine eile tharam agus mé amuigh ar na cnoic, mar a bhíonn sé ar barr Yr Wyddfa agus Beinn Neibhis, fágaim. Má bhíonn an taobh thiar thuaidh de Shliabh a Liag níos suaimhní mar gheall ar an phleann fhorbartha, beidh mé sásta le sin.

Mar a luaigh mé i mBeo i 2009 (Eagrán 101, Meán Fomhair) bhí graffiti péinteáilte i litreacha móra dearga ‘Carl loves Breege’ díreach ag deireadh Cosánan Aon Fhir, cóngarach do bharr Sliabh a Liag. Bhuel, tugaim faoi deara go bhfuil sé ann go fóill, d’ainneoin na forbartha atá ag dul ar aghaidh ansin. Níl sé chomh feiceálach agus a bhí sé trí bliana ó shin, áfach, mar thosaigh mé ag glanadh litir nó dhó anuraidh gach uair a théim suas ansin. Bainaim úsáid as méaróg aolchloiche a fuair mé ar an talamh agus ní bheidh mé ag lorg cuid den deontas forbartha!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.