Tá frustrachas an-mhór ag baint le bheith ag cleachtadh do chuid Fraincise sa Fhrainc, dar le Breandán de Gallaí.
![Íomhá](pics/15320.jpg)
![Íomhá](pics/15321.jpg)
![Íomhá](pics/15322.png)
Admhaím nach bhfuil mé rómhaith ag teangacha, ach tá na Francaigh ar an dream is measa a casadh orm riamh, ó thaobh teangacha de, agus mé ag plé le heachtrannaigh agus a dteangacha dúchais. Ní bhíonn mo chroí lán de ghrá nuair a thuirlingíonn an t-eitleán ar rúidbhealach gan dóigh mar Beauvais, agus poill eile d’aerfoirt de chuid Ryanair sa Fhrainc. Is cuma cén iarracht a dhéanann tú, ní thuigeann siad faic atá á rá agat – agus measaimse go mbíonn siad mar sin d’aon turas. Faoin am a fhaigheann tú a fhad le Páras – nó pé áit a raibh tú ag dúil le bheith nuair a chuir tú an ticéad in áirithe (agus ní mar a gcéanna an dá áit go minic) – is ar éigean a thabharfaidh fear an tacsaí leis sa charr thú, agus sin tar éis neamhiontas agus míthuiscint i dtosach, agus ina dhiaidh sin díospóireacht, troid, búiríl, stróiceadh mionnaí móra agus tarraingt gruaige.
Uair amháin bhí mé ag iarraidh dul ó Porte Maillot go Place de Belgique – chomh simplí sin. Ghlac sé a fhad ar fhear an tacsaí tuiscint cén áit a bhí á rá agam, agus ansin sa deireadh nuair a thuig sé, dúirt sé liom, “Ce n’est pas à Paris”! (Níl sin i bPáras!) Dá mbeinn ag caitheamh cloch ó bharr Concorde La Fayette, bhuailfeadh siad Place de Belgique! Dúirt sé sin cionn is nach bhfuil sé in “Arrondissement”. Dímhúinte, droch-dhearcadh – bhí sé mar a bheadh déagóir millte ann. Shílfeá go raibh sé ag déanamh gair dom. Nach bhfeiceann siad go bhfuil conradh beag i gceist – duine a thabhairt ó A go B – agus nuair a bhíonn an conradh beag sin comhlíonta go mbíonn cead acu tú a robáil!
Nuair a bhím i siopa, nó in san óstán, bím i gcónaí ag iarraidh mo chuid Fraincise a chleachtadh, agus cé go mbíonn Béarla ag gach duine ar fhoireann an óstáin de ghnáth, tá sé deas a bheith múinte agus iarracht a dhéanamh a dteanga a úsáid. Nach bhfuil tú i dtír s’acusan?
Tá sé iontach an méid a thiteann amach nuair a iarraim “clef” (eochair) nó “cent onze” (céad a haon déag), mar shampla. Tig cuma neamhghnách ar a n-aghaidh nuair iarraim rud inteacht orthu. Cé mhéad rud difriúil a d’fhéadfadh a bheith á lorg ag mo mhacasamhail? Nach bhfuil mé i mo sheasamh os comhair duine nach bhfuil ach jab amháin aige – eochracha a thabhairt amach. Ag na hamanna seo bíonn oiread díomá orm nach bhfuil mé líofa, sa dóigh is go dtiocfadh liom an scéal a phlé. Ceist a chur orthu tuige a bhfuil siad chomh caillte? An falsacht atá ann? An bhfuil mo chuid cainte chomh briotach sin, chomh dothuigthe sin, nach dtig leo fiú tomhas cad é atá á rá agam. Cad é a mheasann siad atá de dhíobháil orm? Cad é faoin spéir a bheadh ó dhuine, agus é ina sheasamh in óstán os comhair cuntair – ceann a cuireadh ansin le duine a chur ar a chúl ag tabhairt amach eochracha! Agus bíonn an strainc seo curtha acu orthu féin. Bíonn cuma chomh fríd a chéile orthu; bíonn cuma orthu, chóir a bheith, go bhfuil siad i bpian, ag iarraidh oibriú amach cad é faoi Dhia atá á rá agat.
Tarlaíonn seo domsa an t-am ar fad. Agus cuid mhaith den am tarlaíonn sé nuair a bhím ag iarraidh rud inteacht a bhfuil uimhir i gceist leis. Uimhreacha! An chéad rud a fhoghlaimíonn tú nuair a bhíonn tú ag foghlaim teanga nua.
Nócha a seacht. Ninty-seven. Sieben und neunzig. Furasta! Ach “quatre vingt dix sept” sa Fhraincis! Tuige a gcaithfidh siad seanbhaile a dhéanamh de na huimhreacha?!
Ok, ceart go leor! Tá a fhios agam go bhfuil “seacht déag agus ceithre scór” le cloisteáil sa tír seo. Níl aon bhunús le mo phointe, mar sin. Tá mé sásta é a tharraingt siar ...
Ach mar sin féin, do dhream a bhíonn ag dréim le Fraincis fhoirfe ó achan duine eile, ar thug tú faoi deara riamh an chaint a bhíonn ag na Francaigh in Éirinn? Tá an tír seo lán eachtrannach, as achan chearn den domhan. Cluineann tú Polannaigh, Spáinnigh, Rúisigh, achan duine acu agus rian beag Gaelach ar a chuid Béarla. An th bog. Nó focail mar “grand” agus “a-t’all” caite isteach sa chaint acu. Ach na Francaigh – thiocfadh leo a bheith sa tír le tríocha bliain agus bíonn Béarla s’acu chomh “t’ick” go mbeadh sé chomh maith acu Fraincis a labhairt linn. Agus iad chomh “appy” a bheith ina gcónaí sa tír seo.
Bhuel, anois is mo sciolladh déanta agam, caithfidh mé a rá gur mhór an trua dá n-imeodh canúintí agus blasanna áitiúla ar fad, mar sin féin.