CÚINNE NA nEALAÍON
Tubaiste eile i nDán don Titanic?
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Tuigtear do Chiara Nic Gabhann go bhfuil scaifte ó thuaidh sásta dul i bhfiontar turasóireachta arbh fhéidir £20m. a chailleadh leis mura n-oibríonn sé mar atá beartaithe acu.

Íomhá
An Titanic sa longchlós
(Vicipéid)
Íomhá
3909 04 faoi chlónna éagsúla
Íomhá
Scáil 3909 04 scríofa garbh
Íomhá
Cala deiridh an Titanic, An Cóbh

Tá sé ’chóir a bheith céad bliain ó d’fhág an long is cáiliúla ar an domhan, an Titanic, cuan Southampton i Sasana le tosú ar a céad turas tráchtála riamh go Nua-Eabhrac i Meiriceá. Tógadh i longchlós Harland agus Wolff i mBéal Feirste í don chomhlacht taistil White Star Line agus ba é an soitheach gaile paisinéara ba mhó ar an domhan é ag an am, rud a spreag suim ollmhór idirnáisiúnta ann. Nuair a thosaigh an long ar a céad turas ar an 10 Aibreán 1912 agus 2,223 duine ar bord, is cinnte go raibh go leor de na sluaite a bhí bailithe le slán a fhágáil léi agus í ag tarraingt amach as an chuan, in éad leis na paisinéirí.

Cé ’ shamhlódh go mbuailfeadh sí cnoc oighir ceithre lá ina dhiaidh sin agus go rachadh sí go grinneall na farraige le 1,517 duine ar bord?

Tá scéal an Titanic go fóill ina ábhar suime, tubaiste agus diamhrachta ag daoine ar fud an domhain, agus is mar gheall ar an spéis seo go bhfuil togra ollmhór turasóireachta curtha ar bun i mBéal Feirste. Is é Titanic Belfast is teideal don togra seo, agus táthar ag súil go mbeidh sé ag teacht i gcrích in am don chomóradh céad bliain níos moille i mbliana.

Is é atá i Titanic Belfast ná ionad cuairteoirí ollmhór 14,000 m. cearnach ina mbeidh naoi ndánlann idirghníomhacha, athchruthuithe de dheiceanna agus de chábáin na loinge, amharclann taiscéalaíochta faoi uisce chomh maith le hionad comhdhála agus féastaí a fhreastalóidh ar 1000 duine in aon am amháin.

Dearcadh Uathúil

Tá dearadh an fhoirgnimh seo fíorshuntasach agus is cinnte gurb é seo an rud is mó a chuirfidh an chathair in iúl do chuairteoirí ar Bhéal Feirste amach anseo ar nós an Guggenheim i mBilbao agus an Opera House i Sydney na hAstráile.

Rinneadh as 3,000 painéil alúmanam é agus tógadh é ar an áit ar rothlaigh an soitheach isteach san uisce don chéad uair. Tá an dearadh uathúil seo bunaithe ar chabhail an Titanic chomh maith le criostail oighir agus suaitheantas an White Star Line. Bhí ailtirí éagsúla freagrach as an dearadh agus as an tógáil, a thosaigh i 2009 agus a chosain £90 milliún, ina measc Eric Kuhne agus Mark Evans ó Civic Arts/Eric R. Kuhne & Associates chomh maith le Todd Architects.

Táthar ag súil go dtiocfaidh 400,000 duine ar cuairt sa chéad bhliain agus tá ’ chóir a bheith 35,000 ticéad réamhordaithe ag daoine cheana féin, ach de réir tuairisce ó Oifig Iniúchóireachta Thuaisceart Éireann, níl na figiúirí seo inbhuanaithe.

Measann an tuairisc seo go mbeidh gá le 290,000 cuairteoir in aghaidh na bliana má tá Ionad Titanic le teacht slán ó thaobh ioncaim de agus tá amhras ar an Oifig Iniúchóireachta go sroichfear an sprioc sin go fadtéarmach agus nach bhfaighfidh cuairteoirí luach a gcuid airgid as. Tá an éiginnteacht seo bunaithe ar an mhéid airgid a caitheadh ar an fhoirgeamh go dtí seo roinnte faoin líon cuairteoirí a bheidh ag teacht, agus meastar go mbeidh sé níos costasaí le dul ar cuairt ann ná le dul chuig áiteanna eile ar nós Disneyland i bPáras, an London Eye nó an Guggenheim i mBilbao.

Breithiúnas Anabaí

Deir eacnamaí ó Ollscoil Uladh, Mike Smyth, agus lucht bainisíochta an togra, áfach, go bhfuil sé i bhfad róluath go fóill le réamhaisnéis mar sin a dhéanamh.

Is é Ionad Titanic an tionscadal turasóireachta is costasaí a cruthaíodh riamh i dTuaisceart Éireann agus tháinig an maoiniú ó fhoinsí éagsúla ina measc: Comhairle Cathrach Bhéal Feirste a thug £10 milliún agus Coimisinéirí Chuan Bhéal Feirste agus an Comhlucht Forbartha Cheathrú an Titanic, a thug breis is £10 milliún an ceann chomh maith.

Tá an bunmhaoiniú (£20 milliún) ag teacht ó dheontais Eorpacha bunaithe ar iarratais a rinne Bord Turasóireachta agus Roinn Trádála agus Infheistíochta Thuaisceart Éireann, agus, de réir tuairisce a tháinig amach ó Choimisiún na hEorpa le gairid, níl an t-airgead sin ceadaithe go fóill de bhrí nach raibh go leor tairscintí páirteach san iomaíocht don tionscadal. Ciallaíonn sé seo, má theipeann ar an iarratas seo, go mbeidh an Bord £20m. gann don tionscadal agus go mbeidh brú air airgead a aimsiú ó fhoinse eile go gasta .......

Tá an foirgneamh le hoscailt in Aibreán 2012 in am don chomóradh céad bhliain ó cailleadh an Titanic.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.