AR NA SAOLTA SEO
Tuatha Dé Danann a Bhunaigh na 26 Chontae
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Nocht fogha Martin Mc Guinness faoin Áras íogair áirithe taobh ó dheas den Chlais Dubh. Chuirfeadh cuid den chaint a dúradh ó shin duine meabhrach i mbun finscéalaíochta. Níor thaise do Robert McMillen é.

Íomhá
Martin Mc Guinness i mbun feachtais
Íomhá
Saighdiúirí an tSaorstáit le linn Chogadh na gCarad
Íomhá
Bonn uimh. 732, Cogadh na Saoirse

Sílim gur leag an tráchtaire Brian Feeney a mhéar air agus é ag scríobh san Irish News an tseachtain seo nuair a dúirt sé go raibh eagla ar mhuintir na 26 Chontae roimh thoghadh Martin McGuinness mar Uachtarán na hÉireann, mar go léireodh sé go raibh an fhaisnéis náisiúnta atá á scaipeadh ó dheas ó bunaíodh an stát contráilte.
Mar atá a fhios againn, ba iad Tuatha Dé Danann a bhunaigh an Phoblacht i 1921 nuair a spréigh siad púdar draíochta ar chuid mhór d’Éirinn, éacht a chruthaigh an oiread sin sonais agus só go raibh na Sasanaigh deasa in ann filleadh chun an bhaile!

Ach níor bhain an smúit draíochta cuid de thuaisceart na tíre amach agus d’éirigh na daoine ansin feargach agus thosaigh ag bualadh a gcomharsana, daoine macánta a shíl gur leo an áit. Bhí na daoine ó dheas míshásta leis na daoine dalba ó thuaidh a bhí in éad leis an tsaoirse a bhí fá scread asail daofu ach é i dtólamh doshroichte - go dtí lá amháin, bhris an ceannaire ba mhó amach as an stáitin ó thuaidh agus fuair tacaíocht mhór ó Laighinibh agus rún aige an smúitín draíochta a ghoid. Ansin, bris an dara ceannaire ba mhó amach agus - a Dhia! - rinne iarracht an post ba shinsirí ó dheas a fháil. Cad é dhéanfaidh lucht na smúite draíochta?

Ar ndóigh, síscéal atá anseo. Bunaíodh Saorstát Éireann/Poblacht na hÉireann as a bhfuil daoine chomh mórtasach sin mar thoradh ar eachtraí foréigin fuilteacha de chuid Óglaigh na hÉireann. Bunaíodh an Feidhmeannas ó thuaidh mar thoradh ar eachtraí foréigin fuilteacha Óglaigh na hÉireann. Bhí na Sealadaigh ar a raibh Martin McGuinness mar cheannaire orthu tráth (ní fios cá fhad) gan trua gan taise. Bhí Richard Mulcahy, Michael Collins, Frank Aiken, Sean Mac Eoin agus na céadta eile gan trua gan taise. Is é an difir atá idir an dá dhream ná 80/90 bliain agus na meáin chumarsáide.

Cluiche na Fola

Cad é an dearcadh a bheadh againn ar Chogadh na Saoirse agus ar Chogadh na gCarad dá mbeadh stáisiúin teilifíse nuachta 24-uair a chloig ann? Cad é a bheadh lucht scairte gutháin a rá le Joe Duffy agus le Marian Finucane dá mba ann dóibh i 1916 nó idir 1921-23? An mbeadh siad ag stróiceadh mionnaí móra agus ag damnú na ndaoine sin as a bhfuil stáisiúin traenach agus sráideanna baiste astu i bpríomhchathair na tíre agus i ngach cathair eile in Éirinn? Cad é a déarfadh Michael McDowell nó coiste Frontline dá mbeadh Sean Mac Eoin, ábhar Uachtaráin dar le Fine Gael, ag seasamh arís? Cad é a déarfadh sé faoi dhúnmharú “neamhúdaraithe” cimí poblachtánacha le linn an Chogaidh Chathartha? (Is cuimhin liom cárta cuimhneacháin Joe McKelvey - arb as Tír Eoghain dó – a bheith sa teach againn agus mé ag fás aníos) ach bhí an bhrúidiúlacht céanna le fáil ó Phoblachtánaithe chomh maith. Chonaic muid uafáis IRA na 1970í-90í beo scáfar ar an teilifís, ach ní fhaca muid marú Phil Kelleher ar ordaithe Mhic Eoin, nó na dúnmharuithe ar fad a rinneadh chun glóire Dé agus onóra na hÉireann.
Tá gortuithe na dTrioblóidí a tháinig chun deiridh (tá súil againn) i 1994 ag déanamh angaidh go fóill fiú i measc pholaiteoirí an deiscirt nár fhulaing a dhath mar gheall orthu taobh leis na híobartaigh aontachtacha, náisiúnaíocha agus bhaill na bhfórsaí slándála ó thuaidh, ach tá cluiche bréagach polaitíochta á imirt acu.

Bréagnú Finscéil

Dá mbainfeadh Martin McGuinness an Rás chuig an Áras, bheadh finscéal bunaithe an Stáit curtha as a riocht. Bheadh cur chuige rialtais éagsúla Theach Laighean i dtaobh an tuaiscirt bréagnaithe. Bheadh an foréigean as ar baineadh feidhm le go mbeadh rialtas i Sráid Chill Dara ar comhchéim le láimh láidir an IRA. Sin an fáth go bhfuil leithéidí Alan Shatter chomh buartha sin. Anois, ní dócha go mbeidh Martin McGuinness ag cur faoi in Áras an Uachtarán agus é ag ceiliúradh Éirí Amach na Cásca in 2016, ainneoin go bhfaighidh sé níos mó vótaí ná mar ba mhaith leis an bhunaíocht dheisceartach é.

Tá mé féin i mo chónaí i mBéal Feirste, 40 éigin míle ó chead vótála, ach dá mbeadh an vóta agam, ní thabharfainn do McGuinness é. Sin ráite, sílim go bhfuil díospóireacht á tosú ar phrionsabail bhunaithe an stáit ó dheas agus ar cad is Éire ann – agus bunadh an tuaiscirt san áireamh an iarraidh seo. Mura dtarlaíonn ach an méid sin, fiú mura mbainfidh sé rás na huachtaránacht, beidh bua de shórt éigin ag Martin McGuinness.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.