CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Tuar faoin Tairngreacht

Bhí dáréag glic a d’fhan in uaimh le barr tuisceana gurb í an fhearthain a bhí ag milleadh na ndaoine. Ba í an fhearthain a d’iompaigh ina ghealt gach aon duine acu den slua daonna a thug aghaidh amach as an uaimh.

Chruinnigh an slua gealt taobh amuigh den uaimh agus chaith an lá ag magadh ar na seanóirí cliste istigh. Ba iad an dáréag a bhí gan steamar céille, dar leis an slua amuigh, an dream beag sin a d’fhan faoi iamh is nár sheas amach riamh faoin mbáisteach. Mhaígh fear i measc na ngealt gur amadán éinne a mheas nach raibh an bháisteach go maith don duine. “An té a déarfas leat go gcuirfidh an fhearthain isteach ar do shláinte ar aon bhealach, b’fhiú dó lámh a chur ina bhás féin” a d’fhógair sé go mórtasach is é ag cur geall ar chapaill lá rásaí.

De réir an scéil bhéaloidis, thuig an dáréag cliste nárbh fhiú a bheith cliste a thuilleadh agus a bheith leo féin, mar a bhí, agus chuadar amach faoin mbáisteach is d’iompaígh ina ngealt ar nós gach éinne eile. Sin an fáth go mbíonn tubaistí agus timpistí againn. Níl éinne cliste go leor le bheith ag breathnú amach romhainn a thuilleadh, dúinn féin ná do éinne eile. D’ainneoin an mhéid sin, dúradh linn roimh ré ar Theilifís Éireann ag an am go dtarlódh tubaiste ag Oileán Faoide i gCuan Bheantraí. Rinneadh magadh agus bithéamh ar na daoine ciallmhara sin a d’éiligh Údarás Calafoirt do Chuan Bheantraí le smacht a choinneáil ar theacht is ar imeacht na n-ollsoithí ola. Cuireadh ina leith go poiblí ag an am gur dream amadán iad a chuirfeadh tionscal mór seachadadh an ola i mbaol sa chuan. A bheith ag éileamh údarás calafoirt? Ní éileodh a leithéid ach gealt agus ba cheart iad a chur ina dtost. Ní raibh iontu ach mionlach, dúradh. B’fhíor sin, ach bhíodar ceart ar fad agus ní raibh sé mórán thar ráithe go raibh Teilifís Éireann agus a gcairde sna meáin chumarsáide ag tarraingt ar Bheantraí mo léan. Bhí an slad déanta.

An tAineolas, Máthair gach Tubaiste

Ní hé gur tharla sé i ndáiríre, as féin. Cruthaíodh an tubaiste mar a chruthaítear tubaistí go leor eile. Ní maith le daoine a chloisteáil gur chruthaigh siad cuid de thubaiste, gur mháthair iad féin ar chuid dár thit amach, ach go dtí go ndéarfar le daoine an méid nár mhaith leo a chloisteáil, ‘tarlóidh na timpístí’ seo chomh fairsing is a tharla cheana. Cruthaíodh an chuid is mó den slad a ‘tharla’ le linn an Drochshaoil, mar a cruthaíodh oiread sin tubaistí eile in Éirinn agus thar lear.

An dream bídeach a mhaígh roimh thitim ó dhíomais an chóras gheilleagair, níor tugadh aon aird mórán orthu ag an am, Peter Schiff i Meiriceá, David McWilliams agus Eddie Hobbs in Éirinn. Tá le feiceáil ar youtube inniu na ‘saineolaithe’, mar dhea, a bhí ag magadh faoi Peter Schiff tamall gairid de bhlianta ó shin.

Creideann mórchuid na ndaoine go fóill nach dtitfidh an tóin as an €uró, as an dollar, an yen, ná as aon airgeadra ‘láidir’ eile. Is iad mórchuid na ndaoine a roghnaigh an rialtas roimhe seo agus a roghnóidh an rialtas seo chugainn. Go bhfóire Dia orainn. ‘Nuair a thig an chuach ar chrann gan duilliúr, díol do bhó is ceannaigh arbhar’ a deirtí in am amháin. Is é mo chomhairle duit, caith an t-airgead go luath agus ceannaigh talamh, bó/arbhar, ór, carr nó rud ar bith! Cuimhnímis go bhfuil an domhan ar fad i bhfiacha deich n-oiread d’olltáirgeacht an domhain.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.