THALL IS ABHUS
Trondheim na hIorua
Breandán de Gallaí Breandán de Gallaí

seal caite ag Breandán de Gallaí ag freastal ar chomhdháil i dtuaisceart Chríoch Lochlainn mar a gcruinníonn éin chuideáin damhsa an domhain ar an aon láthair. I gcathair álainn na dtromán, Trondheim, a bhí. Chuaigh an áit agus an dream atá ann i bhfeidhm go mór air.

Íomhá
Cathair Trondheim (Jan Frode Haugseth a tharraing)
Íomhá
An Vinmonopolet in Arendal
Íomhá
Messmor, leagan siopa den Brunost
Íomhá
Pictiúr a cheap Peter Nicolai Arbo de Olaf Tryggvasson

Bhí i Trondheim na hIorua ar feadh deich ag comhdháil eithnearinceolaíochta an mhí seo caite. Féile ina gcruinníonn éin chuideáin damhsa an domhain le labhairt rince agus fá’n áit atá ag an rince i gcomhthéacs an chultúir.

Comhdháil bhliantúil atá ann agus thig le hOllscoil ar bith cur isteach chun é a reáchtáil, ach an tOllamh Bakka a thabhairt go hOllscoil NUTU i dTrondheim le roinnt blianta anois - creidim cionn is go bhfuil Lochlannaigh Ríocht na hIorua chomh saibhir, agus, cinnte, bheadh roinn Ethnochoreology Ollscoil Luimnigh róbheag lena dhéanamh ghlacfaí foireann mheasartha mhór leis an scaifte a láimhseáil.

Tháinig toscairí as an Tuirc, an Ghréig, Poblacht na Seice, an Liotuáin, as mórchuid de thíortha Iarthar na hEorpa agus as Meiriceá Thuaidh.

Ba é cuspóir comhdháil na bliana seo damhsa mar léann a phlé. Níor glacadh leis an damhsa i saol na hacadúlachta go dtí blianta beaga ó shin, ach feictear anois go dtugann staidéar ar ghluaiseacht, an Ghluaiseacht Aeistéitiúil, gluaiseacht deasghnáthaíoch, an damhsa, léargas dúinn ar staid dhaonnaconas a fheidhmíonn cultúir. níos agus níos de lucht antraipeolaíochta ag amharc ar an damhsa anois le cur síos ar iompraíocht daoine.Ba dheas a bheith saor ina dhiaidh. Chuidigh an tsaoire bheag dheas a fuair chomh maith, íoctha as ag ERASMUS agus an EU i gcathair bheag álainn, píosa fada ó thuaidh san Iorua. Níl a dhath ach cúig chéad ciliméadar ar shiúl ón mhol thuaidh, ach cosúil linn féin, coinníonn Sruth na Murascaille an áit breá sócúlach ó thaobh teochta. Agus bhí an t-ádh orainn an tréimhse a chaith muid ann, bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch.

An Tromchónaí

an chathair i gcontae Sør-Trøndelag, an áit a sileann an abhannNidamach i bhfiord Trondheim. Is é an chiall atá leis an fhocalTrondheimáit chónaithe na ndaoine torthúla, láidre, agus níl amhras ar bith dtaobh debhí cuma mhillteanach láidir agus torthúil orthu uilig, ach is dócha gurbh é cionn is go bhfuil duine as seisear sa chathair seo ina mhac léinnmar sin caidé mar a bheadh siad?! Lasmuigh den óige a bheith acu, siad ina gcónaí sa tír is saibhre ar domhain, i gceann de na cathracha is gleoite a bhfuil ann.

Agus seans go bhfuil stíl mhaireachtála, ghlan, mheasúil acu, leis na piontaí ag ocht euro an ceann, agus deochanna meisciúla taobh amuigh de na tithe tábhairne beagnach dodhéanta a theacht orthu. Caithfear fíon agus biotáillí a cheannacht ó naVinmonopolet” – siopa atá á reáchtáil ag an stát. Thig leat beoir a fháil sna siopaí ginearálta, ach roimhe a hocht a chlog ... agus níl seans ar bith Domhnaigh. Aoine an Chéasta achan seachtain sa tír sin!! As seo a thagann na traidisiúinvorspielagus annachspiel” – is é sin, an mhuc a dhéanamh sa teach sula dtéann amach, nuair a philleann , agus altranas a dhéanamh ar phionta amháinfhad is atá amuigh.Creid é creid, aithne mhaith agam ar ghirseach atá ina cónaí ansin. Casadh ormTorunnin Osló blianta fada ó shin agus choinnigh muid i dteagmháil. Shíl go raibh fós in Osló, ach ar eagla na heagla chuir teachtaireacht aici, an raibh seans ar bith an raibh cóngarach do Trondheim. Is cineál comhtharlú iontach é, ach bhog go Trondheim cúpla bliain ó shin! (Chan mórán de chomhtharlú atá ann le bheith réasúnta, ach amháin nár mhothaigh riamh iomrá ar Trondheim go dtí ó shin.)

Ar scor ar bith, bhí féin ag inse domh go n-amharcann daoine cineál coimhthíoch ort ólann í lár na seachtaine, dhá i ndiaidh a chéile ag deireadh na seachtaine. Bhí an ceart agam mar sinneart tallainne (’s é sindóighiúlacht!) mar gheall ar mhaireachtáil shláintiúil.B’fhéidir go bhfuil rud inteacht ag anBrunostle déanamh leis fosta. “Brunost cáis dhonn a itheann siad don bhricfeasta. Déanta as meascán de bhainne gabhair agus bainne , an bainne galaithe thar teas íseal go dtí go gcomhdhlúthaíonn agus go gcaramalaíonn na siúcraí, agus go bhfágfar saghas ime, cáise, atá beagnach inbhealaithe.

neamhghnách do charball s’againne, ach bhí dúil agam ann tar éis é a thriail cúpla maidin i ndiaidh a chéile. Iontach maith ar tósta le húll le piorra.

Olav Tryggvason, 997 i.c.

Fear a chaith seal shaol in Éirinn agus a phós Gyda, deirfiúr Amhlaíbh Chuaráin (Olaf Kvaran), na Lochlannach i nDuibhlinn, ba ea an fear a bhunaigh an chathair álainn seo, Trondheim, sa bhliain 997 i.c. An chéad phríomhchathair san Iorua a bhí inti, agus leoga, is ansin a mbíodh na ríthe á ngairm agus á bhfeisiú i bhfad ó shin. scabhait agus sráideanna beaga ann le tithe beaga adhmaid as an Mheánaois ann go fóill, agus cuid mhaith de na foirgnimh níos nua-aimseartha tógtha le hadhmad agus péinteáilte le dathanna príomhúla geala.Dála an scéil, aerphort Osló é féin tógtha as coincréit agus adhmad, agus aerphort níos deise fhaca riamh. Is fiú a dhul ó thuaidh lena fheiceáil.

nach bhfuil cead agat mórán a ól (agus nach greannmhar gurbh “ølan focal Ioruais choinne beoirgo díreach thit anfadaag déanamh dhá leath deno”) – nightlife iontach acu. neart beár agus bialanna tógtha thart fá’n abhainn, an fharraige agus na canálacha. Níl cead tobac a chaitheamh taobh istigh, cosúil linn féin, ach taobh amuigh de na beáir seo leagtha amach go hiontach acu. Scáthbhrait agus scáthanna báistí móra; téitheoirí allamuigh; toilg; agus pluideanna fiú! Agus mar a dúirt daoine áillegach ribe éadaí a chaitheann siad ó dhearthóir éigin.

Bhí iontas orm nuair a chaith tráthnóna le Torann agus a clann, go dtéann go minic go hÉireann, agus nach dtig léi go leor don áit a fháil. Ach achan rud ar fáil san Iorua, a bhí mise ag léi (diomaite de dhath na gréine, ach níl sin furasta a fháil in Éirinn ach an oiread). Ach maidir le dúlra agus radhairc agus éagsúlacht, achan rud anngan trácht ar an sciáil agus na spóirt gheimhridh. Ach feictear do Torann go bhfuil Éirinn ar cheann de na háiteanna is deise bhfuil ar eolas aici. Is glas iad na cnoic...

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.