AR NA SAOLTA SEO
Trí Áit, Trí Shlua, Aon Teanga Amháin
Diarmuid Johnson Diarmuid Johnson

Ag siúl na Breataine Bige do Dhiarmuid Johnson le anuas, rinne iontas den bheocht atá sa teanga dhúchais ó Aberteifi go Criccieth.

Íomhá
David Lloyd George sa mbliain 1908
Íomhá
An bus ag fanacht i gCearnóg Eldon, Dolgellau
Íomhá
Feathal Bhunscoil Aberteifi
Íomhá
Tigh Lloyd George, Llanystumdwy
Íomhá
Teach in Dolgellau

Foilsíodh staidreamh anuraidh (2013) a bhain le líon na ndaoine a bhfuil labhairt na Breatnaise acu. Bhí méadú le sonrú in áiteachaCardiff agus ceantar na hardchathrach mar shamplaagus laghdú beag in áiteacha eileCeredigion agus iarthar tíre, cuirim i gcás. An méadú agus an laghdú sin, is ina chéadchodáin a bhíothas ag tagairt dóibh sna meáin, rud ab fhusa trácht ar na figiúirí féin is dóigh. go maith. Ach b’fhearr liom féin an rud a fhágáil faoi sceach inniu, idir fhigiúirí agus chéadchodáin. B’fhearr liom scéal na Breatnaise a inseacht de réir mar atá á cloisteáil agam le ráithe anuas ó d’fhill ar thír dhúchais mo mháthar le deireanas tar éis cúig bliana a chaitheamh sa bPolainn agus sa nGearmáin.

Faoi Nollaig seo caite atá tús an scéil. Oíche cheoil láimh le=which assembled near to">a tionóladh ="gloss" title="beside">láimh le baile Aberteifi (Cardigan) an ócáid. Trystan Williams ab ainm don amhránaí. Éileamh mór ar na ticéid ionanns go mb’éigean an dara hoíche a reáchtáil. An halla a bhí i gceist, áit ann le haghaidh suas le dhá chéad duine. Lán an halla ann an oíche. Is Breatnaiseoirí a bhí i 90% den lucht éisteachta. I mo shuí dom in aice an ardáin, thuig a annaimhes a bhíonn slua mór de lucht labhartha de theanga mhionlaithe cruinnithe in aon áit amháin sa atá inniu ann. Chuir an oíche aimsir m’óige i gcuimhne dom nuair is tír gan Bhéarla a bhí sa mBreatain Bheag dar liom, hionann agus Éirinn, áit a raibh an láimh in uachtar ag an teanga nua. Fuair pulcadh Breatnaise oíche faoi Nollaig in Aberteifi.

Siúlach Scéalach

Tar éis na Nollag, tharla turas ó thuaidh orm. Is í an bus a bhí fúm. Criccieth an sprioc. Is ann atá an áit a dtugann siad Tŷ Newydd air, an Teach Nua, ionad scríbhneoirí agus léinn. An teach céanna, ba le Lloyd George é lena linn, Príomhaire na Breataine Móire nuair a bunaíodh Saorstát na hÉireann. Ag déanamh iontais de chruacha arda, scáfara Meirionydd a bhí nuair a shroich muid baile Dolgellau leath bealaigh. Bhí an bus folamh go leor, agus é thart ar a ceathair a’ chlog tráthnóna. Sheas muid. Bhí slua de dhaltaí meánscoile na háite ina seasamh ar leataobh an bhóthair agus iad ag fanacht leis an mbus. Anois go bhfeice muid, a deirim liom féin, agus cluais orm leo. Isteach leis an slua óg sa mbus ina mbeirteanna agus ina dtriúranna. acu ba mhó an t-iontas an t-áthas nuair ba léir gurbh í an Bhreatais a bhí formhór na ndaltaí a labhairt. Ar aghaidh linn ó thuaidh.

Go ceann trí ina dhiaidh sin, is tigh Lloyd George a bhí i Llanystumdwy láimh le Criccieth i mo chomhairleoir do mheitheal aistritheoirí a bhí ag plé le litríocht na Breataine Bige. Bhí duine ón bPolainn, duine ón nGearmáin, duine ón Rómáin, duine ón Ind agus duine ón gCatalóin. Is é an Wales Literary Exchange, craobh de Literature Wales, a reáchtáil an cúrsa faoi stiúir an Dr Sioned Rowlands. Coicís a bhí ag na haistritheoirí ar an láthair. Nuair a bhí obair an lae déanta, dúirt triúr ceathrar againn siúlfadh muid a fhad leis na Feathers, an teach ósta is gaire do Tŷ Newydd. Amach linn. Bhí na réalta ag scairteadh agus abhainn an Dwyfor ag brostú léi go glórach chun an chuain síos.

Gan Bunchleite Isteach Barrchleite Amach

Teach ósta ar an sean-nós a bhí sa Feathers. Teach cloch agus scoth na saoirseachta ag baint leis ach oiread le mórchuid tithe eile san áit. Seomra i gcorp an a raibh áit suí ann do scór duine mar sin. Bhí an teach plódaithe agus monabhar díograiseach na nglór le cloisteáil aníos ó na cheithre chúinní. Gan teilifís torann saorga soilse bradacha ann ach an comhluadar féin. Chuir cluais orm féin. Focal Béarla raibh á labhairt san áit ach rabharta Breatnaise.

An rud is annamh is iontach: ndéarfainn sin bheinn i bhfad ón marc. Bhí turas céad fiche míle déanta agam ó Aberteifi san áit ar chuala na céadta Breatnaiseoirí faoi aon díon amháin faoi Nollaig. Bhí daltaí meánscoile cloiste agam ag spalpadh leo i dteanga dhúchais na tíre ar an mbus i mbaile Dolgellau i lár tíre. Agus seo anois lán a’ i gCriccieth agus urlabhra a sinsear chomh líofa ina mbéils a bhí nuair a chas Lloyd George le Michael Collins i 1921 le ceist na hÉireann a réiteach.

Bíonn dhá leagan ar scéal. D’fhéadfainn malairt poirt a chur orm féin. nach mbeadh a leithéid sin dlisteanach ar a bhealach féin. bhfillfinn ar an trí áit úd uair eile cinnte nach fada go gcloisfinn rud a bhainfeadh an cíocras díom. Ach ó chuala trí shlua ag Breatnaiseoireacht le anuas, dóigh liom go bhfuil mo dhóthain údair agam don mhangaireacht éadóchais. Mar a dúirt an file fadó: fad coismeig coiligh ar mo . Agus sin é is ceart i dtús bliana.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.