AR NA SAOLTA SEO
Trácht go fóill ar an Bhriogáid Idirnáisiúnta
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Is cúis áthais é do Tony Birtill go bhfuil trácht go fóill ar na hÉireannaigh a throid i gcoinne an fhaisisteachais sa Spáinn.

Íomhá
Sochraid Mhíchíl Uí Ríordáin i mí na Bealtaine
Íomhá
An scríbhneoir Peadar O'Donnell

Bhí brón orm a chloisteáil go bhfuair Mícheál Ó Ríordáin bás i mBaile Átha Cliath i mí na Bealtaine.

Chas mé air den chéad uair nuair a labhair sé ag cruinniú de chuid Chumann Uí Chonghaile (The Connolly Association) i Learpholl i mí Eanáir 1987. Shínigh sé cóip dá leabhar Connolly Column dom leis an teachtaireacht: “With an International Solidarity Salud!”

Foilsíodh an leabhar seo i 1979 agus d’inis Ó Ríordáin scéal an 145 Éireannach ann a throid i gcoinne fhaisistigh an Ghinearáil Franco sa Spáinn idir 1936 agus 1939. Fuair 61 acu bás sa Bhriogáid Idirnáisiúnta agus gortaíodh Ó Ríordáin féin le linn Chath Ebro, cé go raibh sé ró-chúthail leis an eachtra seo a lua ina leabhar.

Bhí sé gníomhach sa pholaitíocht i gcónaí agus ag an chruinniú sin i Learpholl d’inis sé dúinn faoin chuairt a thug sé ar Nicearagua mar aoi na Sandinistas i Samhain na bliana 1986.

D’eagraigh Cumann Uí Chonghaile cruinnithe go rialta i Learpholl, áit a raibh “athair na heagraíochta”, Desmond Greaves (1913-1988), ina chónaí, agus labhair daoine mar Pheadar

O’Donnell, Dónall Mac Amhlaigh, Pádraig Ó Snodaigh, Betty Siclair agus an tAthair Clarence O’Duffy acu. Bhí sé go hiontach guthanna frith-impirúlacha a chloisteáil i rith na dTrioblóidí. Ba Chumannaigh iad, cuid acu ina mbaill de Chumann Uí Chonghaile, dála Uí Ríordáin féin, ach ba shóisialaithe neamhspleácha iad an chuid is mó acu agus bhí neart iarthrodaithe de chuid na Briogáide Idirnáisiúnta ina measc.

Tá liosta de na trodaithe Éireannacha a tháinig slán as Cogadh Cathartha na Spáinne i leabhar Uí Ríordáin agus b’as Learpholl ceathair acu. Is cúis bhróid domsa gur throid na céadta as Merseyside i gcoinne an fhaisisteachais sa Spáinn agus bhí áthas orm grianghraf a fheiceáil i (17 Deireadh Fómhair 2005) den Uachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa ag comhrá le Mícheál Ó Ríordáin agus Bob Doyle (Baile Átha Cliath), in éineacht le beirt as Learpholl, Jack Edwards agus Jack Jones, nó “Jim Larkin Jones” mar a baisteadh air.

Rugadh Jones i 1913, nuair a bhí Learphollach eile de bhunadh Éireannach, Jim Larkin, ina cheannaire ar an fhrithdhúnadh i mBaile Átha Cliath, eachtra a chuaigh i bhfeidhm ar thuismitheoirí Jones. Bhí Jack Jones ina Ardrúnaí ar an TGWU ar feadh na mblianta agus é féin a nocht an leacht cuimhneachán don scríbhneoir Éireannach Robert Noonan i Walton, Learpholl i 1977 (Beo!, eagrán 25, Bealtaine 2003) nuair a bhain sé úsáid as focail Wolfe Tone, “If the men of property will not, then we must depend upon that numerous and respectable class, the men of no property”.

Éireannach eile

Éireannach as Learpholl nach raibh ar liosta Uí Ríordáin ná Frank Deegan. Foilsíodh a dhírbheathaisnéis, There’s No Other Way, i 1980 agus bhí an fotheideal “One of the Liverpool-Irish” faoina ainm ar an chéad leathanach. Sin an teachtaireacht chéanna a scríobh sé ar bhalla an dúin in Figueras na Spáinne i 1937 tar éis dó siúl trasna na bPiréiní le bheith ina bhall den Bhriogáid Idirnáisiúnta. Chuir mé agallamh air don Irish Post i mí Lúnasa 1986, 50 bliain tar éis thús an chogaidh sa Spáinn.

Scríbhneoir eile as Merseyside a throid sa Bhriogáid ná James R. Jump, a rugadh i Wallasey i 1916. Gortaíodh eisean i gCath Ebro fosta. Phós sé Spáinneach agus scríobh sé 14 téacsleabhar faoin tír sin, The Penguin Spanish Dictionary a foilsíodh i 1990 ina measc.

Carachtar eile as Cogadh Cathartha na Spáinne a bhí ina chónaí i Learpholl ná Padaí Rua Mac Lochlainn (Paddy Roe McLaughlin). Rugadh é i mBun an Phobail, Inis Eoghain, Dún na nGall i 1901 agus throid sé i gCogadh na Saoirse in Éirinn agus mar phoblachtánach sa Chogadh Cathartha in aghaidh na Freestaters. D’fhág sé an tír ina dhiaidh sin agus chuaigh go Nua-Eabhrac, áit a raibh sé ina bhall den Gharda Náisiúnta. Ó Stáit Aontaithe Mheiriceá chuaigh sé go dtí an Spáinn, áit a raibh sé sa James Connolly centuria de Chathlán Meiriceánach Lincoln.

Bhí neart Éireannach eile, nach raibh sásta a bheith sa Chathlán Briotanach, sna Lincolns agus bhí Padaí an-chairdiúil le Liam Tumilson, poblachtánach sóisialach Protastúnach as Béal Feirste. Bhí Padaí in aice leis nuair a mharaigh snípéir é le piléar trína chloigeann ag Cath Jarama i mí Feabhra 1937 agus spreachallaíodh a inchinn ar chóta Phadaí. Cuireadh é in aice le baile Morata. Bhí Liam geallta le cumannach eile, Kathleen Walsh as Learpholl. Chuir Padaí an drochscéala chuici agus nuair a d’fhág an Bhriogáid Idirnáisiúnta an Spáinn i 1938 chuaigh Padaí go Learpholl le bualadh léi.

D’inis Padaí an scéal go minic faoin chéad uair a chas sé uirthi: “Bhuail mé cnag ar an doras agus nuair a d’oscail sí é dúirt mé léi: ‘Hi, is mise Padaí, cara Liam agus seo duit píosa de’ agus thug mé clúdach di ina raibh cnaipe ón chóta a bhí á chaitheamh agam i Jarama. Bhí píosa d’inchinn chruaite Liam air.”

Duine corr ab ea Padaí, gan amhras, ach bhí sé greannmhar fosta. Réitigh sé féin agus Kathleen go maith lena chéile, in ainneoin an chur in aithne aisteach, agus phós siad. Ach ní raibh Padaí críochnaithe leis an streachailt in aghaidh an fhaisisteachais agus nuair a fógraíodh an cogadh i 1939 chuaigh sé isteach san RAF. Is dócha go raibh curiarracht aige ó thaobh an mhéid coimhlintí a raibh sé páirteach iontu.

Faisisteach sa teaghlach

Is cuimhin liom Padaí bheith ag díol The Irish Democrat, nuachtán Chumann Uí Chonghaile, nuair a bhí mé ag fás aníos i Learpholl (tuilleadh eolais ag: www.irishdemocrat.co.uk). Bhí triúr mac, Mick, Seán agus Conn, agus iníon amháin ag Padaí agus Kathleen. B’fhear bainne é Mick agus bhí iontas orm i 1975 nuair a chuala mé gur fhaisisteach é. Mar cheannaire an British Movement d’eagraigh sé slógadh ag an Pier Head i Learpholl agus chuaigh mé féin ann mar fhrith-léirseoir. Bhí líne póilíní eadrainn féin agus McLaughlin is a chuid skinheads. Scairt bean taobh thiar díom leis an slua i nguth fíochmhar agus dúirt ionsaí a dhéanamh ar an “Fuhrer nua”. “Cé hí an bhean teasaí?” a d’fhiafraigh mé d’fhear in aice liom. “Ó sin Kathleen Walsh, a mháthair!” arsa seisean liom.

Gearradh téarma príosúin ar Mick i 1979 mar gheall ar choir chiníoch a rinne sé agus d’éirigh sé as an British Movement i 1983.

Tá Padaí marbh le fada anois, cé go bhfuil Kathleen Walsh beo fós. Le bás Mhíchíl Uí Ríordáin sílim nach bhfuil ach Éireannach amháin, le cois Jack Jones, fágtha ón Bhriogáid Idirnáisiúnta.

Tá leacht cuimhneacháin maith i Learpholl don 30 ball den Bhriogáid as an chathair a fuair bás sa Spáinn agus, ar ndóigh, leacht breá ar Acaill do Tommy Patten. Idir an t-amhrán “Vive La Quinte Brigada” le Christy Moore agus an leabhar nua a scríobh Raymond John Quinn in 2005, Irish Volunteers for Spain, is léir go bhfuil suim ag daoine fós san íobairt a rinne an Bhriogáid Idirnáisiúnta sa Spáinn. Mar a dúirt Frank Deegan liom i 1986: “Ba chéim i dtreo an fhaisisteachais san Eoraip agus an Dara Cogadh Domhanda é briseadh Rialtas daonlathach na Spáinne”.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.