CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Tóstal na Gaeilge 2013

Luas Meatha agus Luas Fáis

Íomhá
Seosamh Mac Donncha, Acadamh na hOllscolaíochta ag Tóstal na Gaeilge 2013
Íomhá
Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta
Íomhá
Kevin de Barra, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
Íomhá
An Seanadóir Seán Barrett ag freagairt ceiste
Íomhá
Stiofán Ó Cualáin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta
Íomhá
Mícheál Kitt TD, le ceist

Thit an croí as móramh ár sinsir d’aon léim amháin in aon ghlúin amháin. An t-athrú teanga a tharla in Éirinn, bhí sé eisceachtúil agus aisteach as scála idirnáisiúnta:

‘Rinneadh pobal le Béarla amháin de phobal le Gaeilge amháin in aon ghlúin amháin.’ (de Fréine, Saoirse gan Só, 149)

‘There was no orderly retreat by one language in the face of another. Rather is the picture of unprecedented rout, ...’ (de Fréine, The Great Silence, 72)

Má mhaolaigh Éirí Amach agus Cogadh na Saoirse gnéithe den athrú teanga, níor stad siad é, nó tá an buille cniogtha á bhualadh lenár linn féin agus sinn sioctha, ag faire idir an dá shúil air amhail rialaitheoir bainc ag dearcadh ar iasachtaí Ponsaí. An dtig linn corraí?

Grinníonn lucht saineolais gnéithe de scéal an téarnaimh, más téarnaimh é, ag Tóstal na Gaeilge a cheistíonn nó a dheimhníonn nach amháin go bhfuil gothaí orainn ach go bhfuil an cur chuige i gceart. Léiríodh roinnt den obair seo an-soiléir ag Tóstal na Gaeilge in Óstán Hilton Dé Sathairn i mBaile Átha Cliath 16 Feabhra. Chroch Seosamh Mac Donncha sleamhnán lonn-nirt a raibh an méid seo a leanas air:

Má thógann tú do pháiste le Gaeilge sa Ghaeltacht, tá tú ag tabhairt míbhuntáiste dó/di sa saol, mar ní bheidh sé/sí:

  1. Ábalta labhairt i nGaeilge leis na gardaí i nGaoth Dobhair
  2. Seirbhísí a fháil trí Ghaeilge ón bhFeidhmeannas Sláinte
  3. Oideachas a fháil go hiomlán trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht
  4. Post a fháil amach anseo, mura mbeidh Béarla aige/aici freisin
  5. Cumas an chainteora dúchais a bhaint amach sa Ghaeilge

D’éalaigh gáire beag tríd an tslua nuair a chonaic siad an méid sin, ach tuigeadh go paiteanta as an chaint a cuireadh leis gur doiligh ainliú in aghaidh an tsrutha láidir Béarla áit ar bith in Éirinn. (Is miorúilt bheag gur bhain muid an dá ghlúin deiridh aisti mar theanga in aon chúinne den tír, agus táimid faoi chomaoin ag an dá ghlúin sin a thug a fhad linn í.)

Léiríodh ag an Tóstal chomh maith nach dtuigeann an sách an seang, is go n-amharcann cuid de mhuintir na Galltachta, bíodh sé ina hiar-Ghaeltacht, ina hath-Ghaeltacht, nó mar is fearr a sheachaint, ina húr-Ghaeltacht, ar dhíothú teanga na Gaeltachta mar dhíothú teanga ar bith, ní hionann is briseadh slabhra saíochta na mílte bliain. Tá An Chonair Chaoch (2012) lán de thagairtí do na codarsnaí seo a dhealaíonn T1 agus T2 óna chéile agus don neamart a eascraíonn go furasta is go flúirseach astu:

‘Cé go bhfuil cinniúint na gcainteoirí dúchais agus na bhfoghlaimeoirí i dtuilleamaí a chéile, .... Cur chuige róchompordach agus éasca atá molta sa Straitéis [20 bl.] mar gheall gur tuiscintí T2 is bonn di seachas freastal lom dáiríre ar riachtanais T1.’ (lch. 6)

Luibh an Leighis?

Luas tiontaithe teanga a bhí faoi chaibidil in alt Mhéabh Ní Thuathaláin, Gaelscéal 13 Feabhra. Thuairisc sí faoin fhás teoranta atá faoi ghaelscolaíocht na Sé Chontae le scathamh le hais mar a bhíodh ‘ar feadh na 80í agus 90í’. Maíonn Séamas Mac Seáin go bhfuil ‘sé ag baint i bhfad barraíocht ama an [toirt/líon riachtanach] a bhaint amach [sna Sé Chontae].’ Caithfear aird a thabhairt ar chaint duine ar nós Mhic Sheáin a thuigeann ar tharla agus atá in ann a bheith fadbhreathnaitheach. Go deimhin, bhí an tuairim chéanna le brath ag Tóstal na Gaeilge 2013 a d’eagraigh Comhdháil Náisiúnt na Gaeilge Dé Sathairn seo caite. Tá gné éicint ar iarraidh go fóill le sinn a tharchéimniú ón bhá náisiúnta (atá fíor agus feiceálach) go gníomh náisiúnta (nach bhfuil fíoraithe), gné a chuirfeas dlús ar leith leis an téarnamh atá de dhíth ar a bhfuil fanta d’iarsmaí ár nGaeltachta agus don fhás sa Ghalltacht.

Cad é an rud a dhéanfadh lucht cúise agus lucht creidimh teanga de Bhéarlóirí na tíre, óir níl ár ndóthain gníomhairí, ar nós Mhic Sheáin, ag dréim, ag samhlú agus ag cromadh chun oibre? Tá an ghné sin i bhfolach áit éicint sna Béarlóirí gar don fhéinmhuinín, don mheasúlacht, do cheapadh ár gcinniúna féin. An bhfuil éinne agaibh in ann méar a leagan air agus, má tá, an cnaipe a bhrú?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.