AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Toronto na nGael – Ar ais ar a Sheanléim!
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Mhisnigh cuairt a thug Brian Ó Broin ar chathair Toronto é go mór. Chonaic sé mar a bhfuil galar na Gaeilge chomh tógálach ann is atá in aon cheantar eile i Meiriceá Thuaidh.

Íomhá
Pádraig de Róiste
Íomhá
Séamus Mac Sherry, Meara & Michelle
Íomhá
Brian, Allyson & Criostóir
Íomhá
An t-ardrang
Íomhá
Sos os comhair an tí
Íomhá
Ar sos
Íomhá
Amuigh faoin aer

Bhíos ag caint le cara in Éirinn le déanaí a thug le fios dom gur ábhar iontais agus mórtais do phobal na hÉireann go bhfuil Gaeltacht i gCeanada. Déanta na fírinne, cuireann sé iontas ormsa freisin, fiú má tá an Ghaeltacht úd beag agus muna bhfuil éinne ina chónaí ann go lánaimseartha go fóill. Cruthúnas é go bhfuil rud faoi leith ar siúl i gCeanada, agus go bhfuil fíbín áirid faoi ghníomhairí Gaeilge na tíre sin. Cruthúnas é gur rud idirnáisiúnta í an Ghaeilge anois, nach bhfuil bainteach le Iarthar na hÉireann amháin.

Ach tá Ceanada mór, agus más ann don Ghaeltacht, tá sé in Oirthear Ontario, atá i bhfad ar siúl ó ardchathair na cúige sin, Toronto, agus go dtí seo bhí ar Ghaeilgeoirí Toronto taisteal soir chun freastal ar chúrsaí ardleibhéil Gaeilge nó ar fhéilte mar Oireachtas Cheanada.

Diaidh ar ndiaidh, ámh, tá athrú ag teacht ar an scéal i gceantar na hardchathrach. Tar éis roinnt blianta gan mórán a bheith ar siúl, agus a bhuíochas le buíon bheag dhíograiseach gníomhairí teanga, tagann dreamanna beaga comhrá le chéile ar a laghad uair sa tseachtain anois, agus tá ranganna Gaeilge ar siúl ar gach leibhéal i dToronto le tamall anois.

Ach bhí rud amháin ar iarraidh i dToronto go fóill, agus má tá tú ag iarraidh a bheith faiseanta i saol Gaeilge Mheiriceá Thuaidh sa lá atá inniu ann, caithfidh sé a bheith agat : Deireadh Seachtaine Gaeilge. Tá sé ag Gaeilgeoirí Nua-Eabhrac; tá sé ag Gaeilgeoirí Oregon; tá sé ag Gaeilgeoirí Oirthear Ontario. Bhí ceann ag teastáil go géar i dToronto féin! Agus mar sin, cúig bliana ó shin nó mar sin, cuireadh coiste le chéile d’aon ghnó chun deireadh seachtaine Gaeilge a eagrú.

Réiteach Roimh Ré

Mar atá ins na dreamanna is rathúla, is comhoibriú é an Deireadh Seachtaine seo idir Éireannaigh agus Ceanadaigh. Tá Séamus McSherry as Béal Feirste ag múineadh Gaeilge i gceantar Toronto le tamall fada anois, agus idir an dá linn tá Allyson agus Michelle Reid, deirfiúracha óga as Toronto, ar bord mar fhoghlaimeoirí ardleibhéal agus gníomhairí, chomh maith le Pádraig de Róiste, dlíodóir óg a d’fhás suas i dToronto agus i mBaile Átha Cliath. D’aimsigh Séamus teach dísirt cois locha tamall beag as Toronto a d’oirfeadh go maith dá leithéid agus thugadar faoi. Ní raibh ach cúpla rang ar siúl an chéad cúpla bliain, le múinteoirí na buíne féin i mbun na ranganna, ach i mbliana, mar gheall ar an ráchairt a bhí ag teacht air, cuireadh rang ardleibhéil leis, agus b’shin an fáth domsa a bheith in eitleán ag taisteal ó thuaidh as Nua-Eabhrac go hAerfort Billy Bishop i lár chathair Toronto i dtús mhí an Mheithimh chun rang ardleibhéil a mhúineadh don Deireadh Seachtaine.

Má bhíonn Ceanada fuar sa gheimhreadh, níl áit níos fearr ar domhan sa samhradh. Tá Aerfort Billy Bishop ar oileán beag cúpla scór méadar amach ó Toronto i Loch Ontario, agus bhí na céadta bád seoil le feiceáil ar an loch fúinn agus muid ag tuirlingt faoi sholas dearg an tráthnóna. Allyson Reid, scannánaí as Toronto, a bhailigh agus a thiomáin mé go teach Phádraig de Róiste, fear a bhfuil rian Bhaile Átha Cliath ar a Bhéarla agus rian Chonamara ar a Ghaeilge, cé gur rugadh i gCeanada é. Bhuaileamar bóthar an lá dár gcionn, agus taobh istigh d’uair an chloig bhí ceann de na háiteanna ab áille ar domhan sroichte againn – teach dísirt Loretto Mary Holme ar shealúchas ollmhór glas os cionn Loch Simcoe i mbaile beag darb ainm Keswick. Bhí roinnt de na scoláirí ag stopadh sa teach dísirt féin, agus roinnt eile i dtigíní amuigh ar thailte an dísirt.

Díthreabhach i bhFolach

Níor mise an t-aon mhúinteoir a bhí tagtha as cian. Bhuaileas le Críostóir Ó hUiginn, mac léinn as Éirinn a bhí ag múineadh Gaeilge ar feadh na bliana trí scéim an Fhondúireacht Ollscoile Éire-Cheanada i gCúige New Brunswick. Bhí Allyson Reid, Gaeilgeoir díocasach as Toronto, ag múineadh an bhunranga.

Éinne a d’fhoghlaim Gaeilge i nGleann Cholm Cille nó ar an gCeathrú Rua, beidh a fhios aige a thábhachtaí is atá sé timpeallacht tarraingteach a chruthú don fhoghlaim, agus dar fia bhí a leithéid ar fáil i gKeswick. Nuair nach raibh ranganna ar siúl, d’fhéadfaí dul síos go céibh an tí agus bád a thabhairt amach ar an loch, nó dul ag spaisteoireacht mórthimpeall an dísirt, áit a raibh cathair ghríobháin. Cé nach bhfacthas í, dúradh linn go raibh díthreabhach ina chónaí áit éigin sa díseart!

Ar ndóigh, baineann turasóireacht le Deiridh Seachtaine Gaeltachta freisin, agus ba léir go raibh áthas ar phobal Keswick an slua seo as Toronto a fheiceáil ag cur fúthu agus ag ceannach a n-earraí sna siopaí áitiúla. Tháinig méara an bhaile go speisialta chun fáilte a fhearadh roimh na Gaeilgeoirí cróga ón ardchathair.

Agus bhí dream eile tagtha go dtí an Deireadh Seachtaine – Gaeilgeoirí Oirthear Ontario, ina measc Aralt Mac Giolla Chainnigh agus Síle Scott, beirt de bhunaitheoirí Ghaeltacht Cheanada. Cruthúnas ba ea iad go bhfuil borradh ollmhór faoin Ghaeilge i gCeanada agus go bhfuil Oirthear agus Iarthar Ontario ag foghlaim óna chéile. B’fhéidir go bhfuil ceacht le foghlaim uathu ag Gaeilgeoirí na Stát Aontaithe freisin, agus b’fhéidir fiú ag Gaeilgeoirí na hÉireann: ní neart go cur le chéile!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.