AR NA SAOLTA SEO
Toghchán Curtha Dínn agus Toghchán Romhainn
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Beidh tionchar ag an toghchán ó dheas ar an toghchán ó thuaidh faoi cheann dhá mhí. Bhí Robert McMillen ag meá oibriú imeachtaí ar na páirtithe go léir.

Íomhá
Éamonn Gilmore agus Enda Kenny
Íomhá
Piaras Ó Dochartaigh agus Gerry Adams
Íomhá
Fergus O Dowd

Ar feadh i bhfad, bhí an chuma ar Enda Kenny gurbh é Sarah Palin na hÉireann é. Fear nárbh é an scian ba ghéire sa chistin é, a raibh eagla a chraicinn air aghaidh a thabhairt ar Vincent Brown ach a bheas ag seasamh an fhóid ar son na hÉireann in éadan shaoistí airgeadais dhúra na hEorpa, fear a bhí chomh feiceálach le yeti i rith an fheachtais toghchánaíochta ach atá anois - suí síos bomaite - atá anois ina Thaoiseach ar thírín iathghlas s’againn.

Iontach go leor, toghchán thar a bheith maith a bhí ann do gach páirtí seachas Fianna Fáil agus na Glasaigh a ndearnadh sléacht orthu, agus do líon méadaitheach na n-iarrthóirí neamhspleácha. Is é Fine Gael an páirtí is mó ó dheas, beidh Páirtí an Lucht Oibre faoi cheannas Eamon Gilmore i gcomhrialtas ach tá páirtí eile a mbeidh aoibh mhór ghaire orthu - Sinn Féin, nó an freasúra mar atá anois air. Agus líon a suíochán sa Dáil méadaithe fá thríbriseadh fríd suntasach déanta ag an pháirtí ainneoin na cáinte macánta agus na bolscaireachta duibhe ina éadan. Mar eiseamláir thar a bheith greannmhar den darna gné seo sa Sunday Independent, féach

Toghchán ó Thuaidh

Is cinnte go bhfuil borradh faoin pháirtí agus gan ach naoi seachtaine go dtí toghcháin an Tionóil ó thuaidh. An gcuideoidh an borradh seo leis an pháirtí an Chéad Aireacht a bhaint amach agus cad é a dhéanfaidh na haontachtaithe sa chás sin? Déanta na fírinne, tá an mhaith agus an t-olc araon i dtorthaí an toghcháin ó dheas don DUP agus don UUP. Cinnte, tá dul chun cinn na Shinners ina ábhar buartha acu, ach ar an taobh eile, measann siad gurb é Fine Gael an páirtí “is Aontachtaí” ó dheas. Tá rialtas coimeádach Aontachtach sa Bhreatain fosta agus tá faoiseamh éigin ansin dóibh. Leoga, is léir nach mbeidh an tuaisceart ina thosaíocht ag an rialtas úr ó dheas - tá tograí ar fiú £400,000 geallta ag ancien regime Fhianna Fáil ach ní fios an dtabharfaidh rialtas Kenny an gealltanas céanna, cnámh eile spairne a bhfaighidh Sinn Féin greim uirthi.

Deirtear gurb é an rud is fearr a dtig le páirtí beag a dhéanamh nó gan a bheith i gcumhacht - féach na PDs agus Na Glasaigh.

Tá sé de bhuntáiste ag Sinn Féin go mbeidh siad sa fhreasúra san am a mbeidh rialtas Fhine Gael/Lucht Oibre ag cur ciorruithe i bhfeidhm a ghortóidh bunús gach duine ó dheas. Má chuireann siad slacht ar a ndúnghaois airgeadais, beidh an deis ag Sinn Féin dul chun cinn mór a dhéanamh don chéad olltoghchán eile - i 2016? Tá an bealach céanna rompu is a bhí ag Fianna Fáil i 1926 - gan ach sé bliana sula ndearnadh rialtas dóibh i 1932! Ar aidhmeanna Fhianna Fáil na linne sin, bhí athaontú na tíre, athbheochan na Gaeilge agus athdháileadh maoine, clocha móra ar phaidrín Shinn Féin an lae inniu. Bí ag caint ar bhailchríoch a chur ar scéal - unfinished business!

Sracadh na Dála

Beidh coimhlintí sa chéad Dáil eile idir Sinn Féin agus Fine Gael mar tá an dá pháirtí scartha an oiread sin ó thaobh idé-eolaíochta de, ach beidh sé suimiúil a fhail amach cad é mar a throidfidh Fianna Fáil in éadan Shinn Féin agus iad ag roinnt na hidé-eolaíochta céanna. Beidh cur chuige úr ag teastáil ó chomharba pháirtí De Valera. Go gearr i ndiaidh an chomhairimh, bhí Mícheál Martin ag caint ar Fhianna Fáil a bheith ag eagrú ar an taobh eile den teorainn. Rómhall, a Mhichíl, rómhall ach an bhfuil tús curtha le polaitíocht uile-oileánda agus an dá phairtí phoblachtánacha le feidhmiú thuaidh agus theas. Ní dócha. Glacfaidh sé glúin sula dtiocfaidh Fianna Fáil aniar ón tubaiste seo agus is faide arís é sula ndéanfadh sé dul chun cinn ar bith sna Sé Chontae.

Ní dheachaigh na Trioblóidí i bhfeidhm ar mhuintir an deiscirt mar a chuaigh ar mhuintir an tuaiscirt. Níl an “bagáiste” atá ag Adams chomh tábhachtach mar sin is atá sé i gcuid de na meáin chumarsáide. Gheobhaidh 14 TD pháirtí Adams maoiniú ón stát le foireann taighdeoirí a fhostú a chuirfidh lena gcumas airgeadais, beidh siad in ann ceisteanna a chur ar Airí i dTeach Laighean agus má leanann siad ar aghaidh leis an teachtaireacht phobalach is féidir go gcuirfidh siad go mór lena líon suíochán ó dheas.

Anuas ar sin, thiocfadh leo nascanna láidre a chruthú le cuid de na Neamhspleácha ainneoin go bhfuil rún ag Mick Wallace “buíon theicniúil” a bhunú le cead cainte a fháil sa Dáil. Cibé, beidh an chéad Dáil eile ar cheann de na cinn is suimiúla le fada an lá, ní mar gheall ar an rialtas ach mar gheall ar an iomaíocht ar an taobh eile de Theach Laighean. Beidh muintir an tuaiscirt ag faire go géar air.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.