AR NA SAOLTA SEO
Tionchar na Drochíde
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Robert McMillen den tuairim nach bhfuil réidhe an achair a thuilleadh le ceannaire Shinn Féin, mar a bhíodh tráth raibh.

Íomhá
An Feisire Gerry Adams (le Domer ar Vicipéid)
Íomhá
An Seanadóir George Mitchell
Íomhá
Sligeach, áit ar sheadaigh Liam Adams faoi Nollaig

2009 imithe agus ba bheag a bheadh le scríobh fúithi maidir le cúrsaí polaitíochta ó thuaidh - go dtí an mhí seo agus géarchéimeanna i saol pearsanta bheirt de na polaiteoirí is aitheanta ó thuaidh - Gerry Adams agus Iris Robinson. Ar ndóigh, féidir an saol pearsanta agus an saol polaitíochta a scaradh lena chéile agus sin fíor, ach go háirithe i gcás Gerry Adams.

Nuair a chinn Áine Tyrell a chur in iúl go poiblí gur éignigh a hathair, Liam Adams, deartháir Gerry, í ar bhonn rialta le tamall fada de bhlianta, anuas ar thragóid ollmhór phearsanta Áine, na ceisteanna céanna á gcur iompar Gerry Adams is atá á gcur iompar na n-easpag ó dheas. Bhí, mar dhea, a fhios ag ceannaire Shinn Fein go raibh a dheartháir ag tabhairt drochíde gnéasúil d’Áine, le fada an , ó 1987 nuair nach raibh ach 14 bliana d’aois 1987 - deir Áine go raibh an drochíde ag dul ar aghaidh ó bhí ceithre bliana d’aois - ach thiocfaí a shamhlú go rachadh Gerry Adams chuig an RUC leis an líomhain agus anstreachailt armtha faoi lán seoil.

D’fhulaing Cuid Mhór Daoine

De réir Shuirbhé Coiriúlachta Thuaisceart Éireann a foilsíodh an mhí seo, d’fhulaing 20% de mhuintir na Chontae drochíde foréigean gnéasúil uair amháin ar a laghad ina saol. Ciallaíonn sin go bhfuil cuid mhór daoine ar tharla dóibh, a raibh a fhios acu go raibh ag dul ar aghaidh. tugadh aghaidh ar an fhadhb ar chor ar bith, déileáladh leis go hinmheánach, go minic, taobh istigh den teaghlach. rinne Adams amhlaidh, níl leis féin. Is as Bhaile Mhurchú, ceann de na ceantracha is boichte i mBéal Feirste ina raibh an drochíde coitianta, meastar, ó dhúchas do mhuintir Adams. Ba mhinic Liam Adams ag obair le daoine óga i mBéal Feirste agus i nDún Dealgan, ach deir Gerry gur inis do na húdaráis go raibh amhras faoi Liam nuair a bhí a dheartháir óg ag obair i gCumann Óige i gceantar Chluain Ard in iarthar na cathrach, ina dháilcheantair féin.

Cuireann an locht ar an RUC ar chuir Áine Tyrell na líomhaintí os a gcomhair i 1987. dhearna siad faic, a deir , agus de réir ráitis ón Athair Michael Murtagh ó Theach Pobail Chluain Ard, thug an RUC cead oibre le páistí i ndiaidh iad cúlra Liam Adams a iniúchadh.

Faoi Bhrú

brú ar Gerry Adams ó dheas chomh maith. Deir Uachtarán Shinn Féin gur beag ról a d’imir Liam Adams i gcúrsaí an pháirtí i nDún Dealgan agus gur chuir cosc ar a dheartháir seasamh don pháirtí in olltoghchán 1997, ach sin séanta ag Fra Browne agus Owen Hanratty (a fuair an t-ainmniúchán), beirt a d’fhág Sinn Fein i 1997 i ndiaidh don pháirtí glacadh le Prionsabail Mitchell, “socrú inmheánach atá in éadan bhunreacht an pháirtídar le Browne. “Easaontóiría thugann Gerry Adams ar an bheirt.

Is doiligh a cén dochar atá déanta ag an chonspóid d’Adams. Bhí an t-am ann agus bhí mar a bheadh Ayatollah ann ach anois, daoine ag cur ceiste, cad é an fheidhm atá leis? An dtreoraíonn beartais? An bhfuil stádas an státaire a bhíodh aige imithe le sruth? easaontas nach bhfacas, ach sa bheag, ag dul i méid agus daoine taobh istigh de Shinn Fein féin, á bhréagnú ar dhóigh nach ndéanfadh siad blianta ó shin. Táthar ann a fhiafraíonn cad é mar is féidir linn a bheith ag go daingean go gcaithfidh na heaspaig a raibh a fhios acu mhí-úsáid ghnéasúil i measc sagart éirí as agus gan an rud céanna a Gerry Adams.

Is mór idir an chas ar ndóigh. Achrann pearsanta atá i gcás Adams, achrann institiúide. Maíonn Adams gur íobartach atá ann féin, gur mí-úsáideoir a bhí ina athair. Chuaigh chuig na péas. Deir gur labhair le beirt Phríomhchonstábla den PSNI faoi Liam, ach daoine in amhras go bhfuil ag inse iomlán na firinne.

Bíonn Ciúin Ciontach

an DUP féin iontach ciúin faoin scéal, ach saol pearsanta duine bhfeisirí i mbéal an phobail fosta. Is beag trua atá á léiriú d’Iris Robinson, Biogóideach na Bliana de chuid Stonewall (ag Lucht Oibre Shasana), i ndiaidh í a fhógairt go raibh ag éirí as an pholaitíocht mar gheall ar an ghalar dhubhach. Ach mar a déarfadh féin, “love the sinner, hate the sin.” Cinnte, bhí a barúlacha maidir le homaighnéasaigh doghlactha ach chreid go diongbháilte gur theagasc Íosa Críost di go raibh an homaighnéasachasabominable.” Ainneoin, dálta Gerry Adams, go bhfuil daoine ag nach bhfuil a fhios againn iomlán an scéil Iris Robinson, caitheann muid ligean di teacht thart ar an ghalar atá uirthi.

Nasc: Stonewall http://www.thelabourparty.org/stonewall-awards-2008.htm

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.