CÚINNE NA nEALAÍON
The X-Factor: cad é a léiríonn sé faoi chúrsaí ceoil?
Toner Quinn Toner Quinn

Cad é a léiríonn sraitheanna teilifíse mar “The X-Factor” agus “You’re a Star” faoi chúrsaí ceoil sa lá atá inniu ann? An t-uafás, dar le Toner Quinn.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
The Cheeky Girls: tarraingíodh aird an phobail ar a gcuid "tallainne" mar thoradh ar iad a bheith páirteach sa tsraith "The X Factor"
Íomhá
Seasann daoine óga ina sluaite i scuainí fada agus iad sa tóir ar chlú agus cáil

Is cuimhin liom ceithre bliana ó shin, agus mé féin agus mo bhean chéile ag ceannach ár gcéad teach, go mbíodh muid – dála go leor lánúineacha eileag caitheamh ár ndeirí seachtaine ag dul timpeall na n-eastát nua tithíochta a bhí ag teacht ar an margadh. Ag siúl timpeall na dtithe beaga, thugainn faoi deara go raibh úsáid bainte as gach uile spás, ach amháin cúinne folamh sa seomra tosaigh. Rith sé liom go mbíonn tógálaithe ag smaoineamh ar an mbunphrionsabal – agus tithe á dtógáil acu – gurb í an teilifís an príomhchaitheamh aimsire atá ag teaghlaigh sa lá atá inniu ann.

Smaoiním ar na tithe sin agus mé ag breathnú ar shraitheanna teilifíse mar “The X-Factor” agus “You’re a Star”. Tráth den saol bhíodh pianó sa seomra tosaigh, áit a mbíodh gnáthdhaoine ag canadh go neamhfhoirmiúil lena chéile. Ach na laethanta seo ní bhíonn ann ach an teilifíseán. Agus céard a bhfuil muid ag breathnú air? Gnáthdhaoine ag canadh. B’fhéidir go bhfuil an deilín seo ar fad beagnach marbh sa teaghlach mar gheall ar theilifíseáin a bheith i ngach áit, ach ní féidir linn a rá nach bhfuil daoine fós ag canadh. Ghlac 7,000 duine páirt sna trialacha don chlár “You’re a Star” an bhliain seo caite, agus ghlac níos mó ná 200,000 duine ón Ríocht Aontaithe agus ó Éire páirt sna trialacha don chlár

“The X-Factor”. Bhí lucht féachana de 12 milliún sa tseachtain ag an dara sraith a luadh, agus bhreathnaigh 500,000 duine ar gach clár de chuid na sraithe “You’re a Star”.

Sílim go léiríonn sraitheanna mar “The X-Factor” an t-uafás faoi chúrsaí ceoil, agus faoi staid an oideachais ceoil ach go háirithe. Ritheann an cheist chéanna liom arís is arís eile agus mé ag breathnú orthu: cén sórt oideachais a fuair na daoine óga seo ó thaobh an cheoil de? Oideachas ceoilTuigim go maith nach bhfuair an chuid is mó acu oideachas foirmiúil ceoil riamh – agus ní gá go gciallódh sé sin go bhfuil siad lochtach ó thaobh an cheoil de mar gheall ar an easpa sin. Ach creidim go bhfaigheann gach duine a oideachas féin ceoil ar bhealach éigin – bíodh sé foirmiúil nó neamhfhoirmiúil.Mar shampla, má bhíodh daoine ag canadh agus ag seinm ceoil i do theach agus tú ag éirí aníos, d’fhéadfá a rá gurbh é sin an t-oideachas ceoil a bhain tusa amach. Má chaitheann tú d’am saor ar fad ag éisteacht le dlúthdhioscaí, is oideachas ceoil ann féin é sin. Má bhí tú páirteach i mbanna ceol trom-mhiotalach sa gharáiste agus tú ar scoil, arís, oideachas ceoil ab ea é sin.

Braitheann caighdeán an oideachais ar go leor nithe, ach is é is tábhachtaí, i mo thuairimse, ná go mbeidh an éagsúlacht i gceist.

Ar an drochuair, tá sé rí-shoiléir go bhfuair an chuid is mó de na hamhránaithe ar “The X-Factor” agus “You’re a Star” i mbliana oideachas ceoil a bhí an-chúng ar fad. Ba iad 2FM agus BBC Radio 1 na múinteoirí ceoil a bhí acu!

Ní gá duit ach súil a chaitheamh ar an stór ceoil a roghnaíonn siad – cúig chéad leagan de “Angels” le Robbie Williams, aon duine? – nó an stíl, atá ró-mhothúchach, a úsáideann siad agus iad ag canadh. Léiríonn sé nach raibh teagmháil dháiríre acu riamh le hamhránaí nó le ceoltóir cumasach. Agus is tragóid é sin. Is é ceann de na rudaí is tábhachtaí a inseoidh amhránaí duit agus tú ag foghlaim aon sórt ceoil ná go bhfuil an t-amhrán níos tábhachtaí ná an t-amhránaí. Píosa simplí comhairle is ea é, ach oibríonn sé! Ciallaíonn sé gurb é is tábhachtaí faoin amhrán ná an scéal nó na focail, nó an rún a bhí ag an gcumadóir agus an t-amhrán á chumadh aige. Mar amhránaí an amhráin, is cóir duit tú féin a chur sa chúlra. Sa bhealach seo, ní thagann tú idir an lucht éisteachta agus an ceol. Smaoiním air seo i gcónaí agus mé ag breathnú ar “X-Factor”, ag éisteacht le daoine óga a bhfuil amhráin iontacha á ndúnmharú acu. Tugann siad neamhaird ar an bpíosa seo comhairle arís is arís eile, is dócha, mar nár chuala siad riamh é.

Tá an lámh in uachtar ag an teilifíseán sa teaghlach sa lá atá inniu ann. Ach roimhe seo, de bhrí go mbíodh níos mó siamsaíochta neamhfhoirmiúla sa teach, chuirfeadh sé sin oideachas ceoil, de chineál áirithe, ar dhaoine. Ar an drochuair, i ndiaidh gur imigh nós na siamsaíochta neamhfhoirmiúla san aonad teaghlaigh i léig, níor cuireadh aon struchtúr ar fáil ina áit. Tá sé fíor go bhfuil deis ag daoine áirithe oideachas cuimsitheach ceoil a bhaint amach sa tír seo, ach braitheann sé ar an áit a bhfuil siad, ar an méid airgid atá acu, agus braitheann sé ach go háirithe ar dhearcadh a gcuid tuismitheoirí.

Samhlaigh dá mbeadh an méid sin á rá agam faoi aon ábhar scoile eile? Bheadh sé doghlactha.

Léiríonn sraitheanna teilifíse mar “The X-Factor” agus “You’re a Star” cé chomh dona agus atá cúrsaí in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe ó thaobh an oideachais ceoil de sa lá atá inniu ann. Teastaíonn ó phaistí a bheith ag canadh agus a bheith ag casadh ceoil. Ach níl muid ag teacht i dtír ar an spéis ata acu sa cheol, agus níl muid ag cur réimse leathan ceoil ar fáil dóibh. Tugann muid popcheol tráchtála dóibh agus smaoiníonn siad go bhfuil rud éigin rúndiamhrach ag baint le tallann ceoil.

Gan oideachas cuimsitheach ceoil a bheith curtha ar fáil, leanfaidh an tsochaí ar aghaidh ag canadh an tseanamhráin chéanna.*Is fidléir traidisiúnta é Toner Quinn, atá lonnaithe sa Spidéal, Contae na Gaillimhe. Is eagarthóir é ar an iris ceoil *JMI – The Journal of Music in Ireland atá le léamh ag www.thejmi.com

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is fidléir traidisiúnta é Toner Quinn, atá lonnaithe sa Spidéal, Contae na Gaillimhe. Is eagarthóir é ar an iris ceoil JMI – The Journal of Music in Ireland.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.