CÚINNE NA nEALAÍON
The Joy” – léargas grinn ar shaol chimí Phríosún Mhuinseo
Mary Beth Taylor Mary Beth Taylor Mary Beth Taylor

Thug Mary Beth Taylor cuairt ar thaispeántas grianghraf le gairid a thugann léargas ar shaol na gcimí i bPríosún Mhuinseo nach mbíonn le fáil go rómhinic.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Sa taispeántasThe Joy,” atá le feiceáil sa Ghailearaí Grianghrafadóireachta (www.irish-photography.com) i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath, éiríonn leis an ghrianghrafadóir óg Noel Bowler léargas grinn a thabhairt ar shaol laethúil na gcimí i bPríosún Mhuinseo sa phríomhchathair. Chun an saothar seo a chruthú, chaith Bowler dhá bhliain ag cur aithne ar na príosúnaigh; rinne iniúchadh géar ar a ngnáthaimh laethúla agus ghlac páirt iontu é féin. Cuireann na híomhánna a tháinig ón am seo réaltacht leamh na tréimhse faoi ghlas in iúl go paiteanta.

Cliceáil anseo chun leagan níos mó a fheiceáil.

Bheadh cuid de na híomhánna aithnidiúil go maith, go háirithe na cinn a thaispeánann ballaí an phríosúin, iad ard agus liath agus sreang dheilgneach ar a mbarr. grianghraif eile ann, áfacha tógadh i gcillíní na gcimía thaispeánann gnéithe de shaol an phríosúin nach mbeadh daoine chomh heolach céanna orthu, agus atá cineál coimhthíoch ina n-eileacht.

Rugadh Bowler i mBaile Átha Cliath i 1978, agus bhain amach céim onóracha BA le gairid sa Ghrianghrafadóireacht Fhaisnéise sa University of Wales College i Newport. Bronnadh Sparánacht Fhorbartha an Ghailearaí Grianghrafadóireachta air in 2004.

Le linn bheith ag obair i Muinseo, deir Bowler go ndeachaightaobh caimileonach daoinei gcion air, “an tslí a n-éiríonn leo iad féin a chur in oiriúint do na spásanna ina maireann siad, is cuma chomh beag agus deighilte ón tsochaí is atá siad”. Léiríonn na híomhánna de na cimí ina gcillíní an cumas atá ag an duine daonna é féin a chur in oiriúint, mar aon leis an dóigh indibhidiúil a ndéanann daoine é seo.

cuid de na cimí agus na cillíní atá le feiceáil cosúil go maith lena chéilefir ina suí ar leapacha single, na ballaí mórthimpeall orthu breac le pornagrafaíocht. cuid acu níos sainiúla: léiríonn íomhá amháin fear sna tríochaidí ina shuí ar leaba atá cóirithe go néata. seastán oíche díreach in aice na leapa, leabhair ar an tseilf uachtair agus steirió ar an cheann íochtair.

Cliceáil anseo chun leagan níos mó a fheiceáil.

Díreach in aice leis an seastán seo, leithreas, agus cúig úraitheoir aeir bhándearga, phlaisteacha ina suí ar a bharr. na ballaí ar an taobh chlé agus ar an taobh dheas den íomhá clúdaithe le hábhar pornagrafach, ach grianghraif de bheirt pháistí agus cárta Aifrinn ar a bhfuil íomhá d’Íosa ar an bhalla láir. dhá chárta ar a bhfuil an focalDaddyar bharr an steirió. an seomra glan agus slachtmhar.

fear óg glanbhearrtha a bhfuil aoibh an gháire air le feiceáil i seomra néata eile agus é ag féachaint díreach ar an cheamara. pictiúirí i bhfrámaí de ghaolta agus chairde ar na ballaí, mar aon le píosa ealaíne a léiríonn, go híorónta, éin agus iad ag éirí ar eitleog. an leaba shingil buailte suas leis na ballaí ar chlé agus ar dheis, agus grianghraif agus bréagáin bhoga ar na seilfeanna atá ar an thaobh den leaba, le cois trófaí spóirt agus plaic ar ceiliúradh é ar éacht éigin a rinneadh san am a chuaigh thart.

Chomh maith le léiriú a dhéanamh ar an tslí a n-éiríonn le daoine iad féin a chur in oiriúint d’áit, léiríonn Bowler nóiseán na fanachta. Taispeánann grianghraf amháin cime ag fanacht, le cuairteoir is dócha. comhartha le feiceáil os a chionn ar an bhalla brící cnámhóg ar a bhfuil na focail: Important NoticeUnder no circumstances will the exchange of any article including sweets, fruits and cigarettes between visitor and offender be permitted. Children must remain seated during visits.”

Cliceáil anseo chun leagan níos mó a fheiceáil.

ról lárnach ag cuairteoirí príosúin sa chonspóid atá ag dul ar aghaidh faoi láthair mar gheall ar Mhuinseo agus na pleananna atá ann é a dhúnadh. raic ann mar gheall ar gur mhol an Rialtas le gairid go mbogfaí na príosúnaigh go láthair nua in aice le Cill Dhéagláin i gContae na , timpeall deich míle ó lár chathair Bhaile Átha Cliath. De bhrí gur as lár na cathrach iad go leor de na príosúnaigh, furasta ag a dteaghlaigh cuairt a thabhairt orthu. Lena chois sin, de bhrí go léiríonn taighde go bhfuil seans níos ann go mbrisfidh ciontóir a bhfuil caidreamh láidir aige lena theaghlach an dlí arís, siad siúd atá i gcoinne mholadh an rialtais ag maíomh go ndéanfaidh dochar mór do na príosúnaigh, dteaghlaigh, agus don tsochaí i gcoitinne bhogtar na cimí agus mura féidir le daoine cuairt a thabhairt orthu chomh minic céanna.

Labharfaidh Noel Bowler agus John Lonergan, Gobharnóir Phríosún Mhuinseo, sa Ghailearaí Grianghrafadóireachta Céadaoin, 4 Bealtaine, ar 1.00 p.m. Saorchead isteach.

Is as Georgia ó dhúchas í Mary Beth Taylor. Fuair a gcuid oideachais in Ollscoil Georgia agus Ollscoil Oxford. céim BA aici sa Bhéarla agus i Staidéar na mBan, agus bhain iarchéim amach sa Bhéarla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath in 2003. Is de bhunadh Éireannach í.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.