CÚINNE NA nEALAÍON
The Gaelic Hit Factory: saothar éachtach
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

amhráin agus filíocht den chéad scoth ar albam nua John Spillane agus Louis de Paor agus is saothar tábhachtach é ó thaobh na Gaeilge chomh maith. Labhair Éamonn Ó Dónaill le Spillane le déanaí, roimh cheolchoirm dá chuid i mBaile Átha Cliath.

Íomhá
Íomhá
Louis de Paor agus John Spillane: ag smaoineamh ar an albam seo a dhéanamh le fada
Íomhá

Is minic a dhéantar tagairt don albam a d’eisigh Skara Brae ag tús na seachtóidí agus do na chéad chúpla saothar ó Chlannad nuair a bhítear ag caint ar cheol a bhí tábhachtach ó thaobh na Gaeilge de. An fáth a measann daoine iad a bheith tábhachtach ná gur mheall siad daoine i dtreo na hamhránaíochta Gaeilge ar dhóigh nach bhféadfadh saothair níos traidisiúnta a dhéanamh. Is cinnte go mbeidh an tionchar céanna ag albam úr John Spillane agus Louis de Paor, The Gaelic Hit Factory, agus go bhféachfar air amach anseo mar shaothar éachtach.

Tá trí amhrán déag ar an albam agus tá dánta de chuid de Paor fite fuaite trí go leor acu. Tá an chuid is mó den albam i nGaeilge agus fiú an t-amhrán Béarla atá air, “The Wounded Hero”, tá véarsaí Gaeilge le cloisteáil ag a dheireadh.

Nuair a labhair mé le Spillane díreach roimh cheolchoirm a bhí aige i gConradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair, ba léir dom go raibh sé sásta leis an albam agus thar a bheith bródúil as. Bhí sé féin ag de Paor ag smaoineamh ar an albam seo a dhéanamh le fada ach tá áthas air go raibh an comhlacht ceirníní a bhfuil sé leis, EMI, toilteanach é a eisiúint agus go raibh léiritheoir mór le rá, John Reynolds, ar fáil dóibh.

“Dúirt EMI liom, ‘Make your Irish albam, John, get it off your chest. But we want you in here at the end of the year with a serious commercial album’.”

Léirigh Reynolds albam deireanach Spillane, Hey Dreamer, chomh maith agus tá sé tar éis go leor oibre a dhéanamh le réaltaí móra mar Sinead O’Connor agus Damien Dempsey. Tá an-mheas ag Spillane air mar léiritheoir agus mar dhuine.

“Thaitin sé go mór liom mar dhuine – duine ana-dhearfach agus oscailte is ea é. Níl aon bullshit ag baint leis. Rinne sé ana-jab. Ní rabhamar ag súil go dtiocfadh an t-albam amach chomh maith sin – táimid chomh sásta sin leis. Thóg sé suas cúpla céim eile é. Bhíomar ag cuimhneamh ar na seanamhráin a chur amach mar a bhíodar – buíochas le Dia nár dhein. Tá sé imithe suas go caighdeán níos airde fós.”

Rinneadh The Gaelic Hit Factory a thaifeadadh i stiúideo baile Reynolds i Londain agus ceoltóirí ó ghrúpa Damien Dempsey is mó atá le cloisteáil air. Ar thóg sé i bhfad an taifeadadh a dhéanamh?

“Níor thóg sé ana-fhada in aon chor. Dheineamar cúig lá oibre i dtosach, mé féin agus Louis agus John, agus tharla ana-chuid rudaí taobh istigh den gcúig lá sin. B’in mí Aibreáin seo caite. Ansin, chuamar ar ais i mí an Mheithimh agus dheineamar trí nó ceithre lá eile. Thóg sé naoi lá, nó b’fhéidir deich lá, oibre. Dhein seisean obair air idir na turasanna sin agus ní rabhamar i láthair nuair a rinneadh cuid den gceol.”

Níor bhuail siad leis an amhránaí Natacha Atlas, a rinne an fhonnadóireacht taca, mar shampla, ach is léir go bhfuil Spillane an-tógtha leis “an bhanríon Éigipteach” seo. As an Bheilg í Atlas ach is de shliocht Maracach í agus canann sí in Araibis. Tá sí le cloisteáil ar chúpla traic agus fágann sí rian an-láidir ar amhráin mar “Bata is Bóthar” agus “Inghean”.

Ag seinm ina aonar

Beidh ceolchoirm mhór ag Spillane agus de Paor le linn Oireachtas na Samhna i nDoire ach sna míonna amach romhainn leanfaidh Spillane air ag seinm ina aonar den chuid is mó, mar a dhéanann sé de ghnáth. Ar an 17 Nollaig, áfach, tiocfaidh an bheirt acu le chéile arís do cheolchoirm in Amharclann an Everyman i gCorcaigh, a gcathair dhúchais. Beidh na ceoltóirí atá ar an albam ag seinm sa cheolchoirm sin ach níl sé aon phlean cinnte ag Spillane ceolchoirm ar bith eile a dhéanamh leo san am atá romhainn. Tá costas ard ag baint le hiad a fhostú agus, lena chois sin, níor mhaith leis go bhféachfadh an pobal orthu mar ghrúpa atá ar iasacht aige ó cheoltóir eile.

“Grúpa ceoil Damien Dempsey atá ann go bunúsach agus níor mhaith liomsa go mbeadh daoine ag rá, ‘O, Dempsey’s band’. Tá sé sin ann leis. Déanfaimid an gig i gCorcaigh ar aon nós agus feicfimid ina dhiaidh sin.”

Tá Spillane an-sásta leis an mhargaíocht atá déanta ag EMI ar an dlúthdhiosca go dtí seo.

“Tá an feachtas díreach ag tosú. Beimid ag dul ar na seónna go léir. Bhíomar ar an ‘Ryan Tubridy Show’, dheineamar Corcaigh inné, 96 FM, beimid ag dul ar ‘Ardán’ [TG4], agus déanamh agallamh le go leor páipéar. Táimid ag fanacht le léirmheasanna faoi láthair.

“Thugadar [EMI] duine ó Chló Iar-Chonnachta ar bord don jab áirithe seo, duine a mbeadh cur amach

Luíonn* Mo* Ghrá

(Sliocht)

Luíonn mo ghrá,

Aonarach in Éirinn,

Goirt an tsáile

Lena cíoch iarsnámha,

Ag tnúth le teacht a céile.

Tá an fharraige lán

Ag tuileadh is ag trá

Is ag trá.

Ar bhóithrín dóite,

Ag crosaire allúrach,

Scoitheann na gluaisteáin

M’ordóg dhílis.

Tá bóithrín dóite

Ag crosaire allúrach

Ag caitheamh sáil mo bhróige.

aici ar shaol na Gaeilge, mar níl sé sin acusan. Chuireadar amach 300 pacáiste go dtí daoine, go dtí iriseoirí, stáisiúin raidió, nuachtáin, so tá siad taobh thiar de. Tá sé feiceálach sna siopaí móra; in HMV, tá sé taobh istigh den doras. Tá sé fíordheacair é sin a fháil – agus ní tharlaíonn sé riamh i gcás albam Gaeilge. Táimid ag déanamh go maith.”

Tá dóchas ag Spillane go mbeidh díol maith ar an albam, in ainneoin é bheith i nGaeilge.

“Bhuel, creidimid ar fad sa rud. Is dóigh liom gur albam maith ceoil é, gan bacaint le cúrsaí teanga. Tá súil agam nach rachaidh sé ina choinne é bheith i nGaeilge, tá súil agam go seinnfear ar an raidió é, ar Today FM agus áiteanna mar sin. Tá súil agam nach ndéarfaidh siad, ‘O, Gaeilge, forget about it.’ Ba mhór an trua dá dtarlódh sé sin.

“Táimid ag súil go n-éireoidh go maith leis taobh amuigh den tír seo chomh maith, i margadh an cheoil dhomhanda. Níl mórán stuif as Gaeilge sa mhargadh sin – Iarla Ó Lionáird agus Enya, sin an méid. So, b’fhéidir go n-éireodh go maith leis i Meiriceá agus san Eoraip.”

Má éiríonn go maith le The Gaelic Hit Factory, ní mhaífidh duine ar bith é sin ar Spillane agus de Paor, beirt fhear mhisniúla.

Tá níos mó eolais le fáil faoin albam The Gaelic Hit Factory* ag www.johnspillane.com *Tá cóip de The Gaelic Hit Factory le buachan i gcomórtas* mhí na Samhna Beo!.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.