AR NA SAOLTA SEO
Teorainneacha an Aontais Eorpaigh: Níos Daingne & Níos Cliste
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Dearcadh cúng craplaithe an AE is údar báis (sa Mheánmhuir go minic) do dhaoine a shantaíonn tearmann san AE. Cíorann Alan Desmond gné na teorann.

Íomhá
François Crépeau sa Ghinéiv i mbliana
(le UN photo Geneva ar Flickr)
Íomhá
Oileán Lampedusa
(le Luca Siragusa ar Flickr)
Íomhá
Ball de FRONTEX na hEorpa ar theorainn na Gréige
(le Rock Cohen ar Flickr)
Íomhá
Imirce, oibrithe as an Marac go háirid, chun na Spáinne
(le Migangbat ar Vicipéid)

Tá an tAontas Eorpach (AE) ag iarraidh comhbheartas inimirce a fhorbairt ó 1999 nuair a bhronn Conradh Amsterdam cumhacht reachtach ar an Aontas sa ghort seo, is é sin, teacht isteach san AE daoine nach saoránaigh de chuid an AE iad, nó náisiúnaigh tríú tíortha mar a thugtar orthu go hoifigiúil. Cé gur deacair dlíthe is beartais a dhéanamh a shásaíonn gach ballstát den Aontas, tá roinnt dul chun cinn déanta chun comhbheartas inimirce a chumadh. Tá comhrialacha i bhfeidhm san AE anois a phléann le cearta náisiúnach tríú tíortha atá san Aontas ar bhonn dleathach agus fadtéarmach, agus tá rialacha Eorpacha, leis, maidir leis an gcóir is gá a chur ar dhaoine a theitheann chun na hEorpa ón ngéarleanúint. Cíallaíonn sé seo gur chóir go gcaithfí leis na dreamanna inimirceach seo mar a gcéanna, is cuma cén ballstát den AE ina mbeidís.

Ach is mó i bhfad an obair atá déanta ar ghné eile den chomhbheartas inimirce, is é sin an rialú teorann. Ba mhinic sna nóchaidi a chloistí trácht ar an AE mar Dhaingean Eorpach, ach is oiriúnaí anois ná riamh an leasainm sin. Tá an-chuid déanta ó na nóchaidí ar aghaidh d’fhonn teorainneacha an Aontais a dhaingniú agus daoine nach bhfuil cuireadh tugtha againn dóibh a choimeád amach.

I 2005, mar shampla, tionscnaíodh FRONTEX, eagraíocht a chuireann roimpi faireachas agus rialú teorainneacha seachtracha an AE a threisiú trí ghníomhaíochtaí na mballstát a chomhordú is trí patról a dhéanamh ar na teorainneacha seachtracha idir mhuir is thír. Tá curtha i leith FRONTEX, áfach, go bhfuil daoine díbeartha aige ó theorainneacha an AE agus tearmann á iarraidh acu, rud a thagann salach ar dhlí Eorpach is idirnáisiúnta maidir le cearta an duine.

EUROSUR agus Teorainneacha Seachtracha Cliste an Aontais Eorpaigh

Déanfar an tAE níos daingne fós le teacht ar an bhfód EUROSUR, an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha. Éascóidh an Córas seo comhoibriú agus malartú eolais idir ballstáit an Aontais lena chéile agus le FRONTEX agus cuirfidh sé leis na huirlisí faireachais atá ar fáil cheana chun monatóireacht a dhéanamh ar na teorainneacha seachtracha. Is iad na cuspóirí atá ag EUROSUR ná líon na ndaoine atá ag dul isteach san Aontas gan chead a laghdú agus slándáil inmheánach an Aontais a mhéadú. Ós rud é go bhfuair breis is 17,000 duine bás idir 1993 is 2012 agus iad ag iarraidh dul chun nó fanacht san AE, ní hionadh go luaitear laghdú ar líon na mbásanna ar muir mar cheann d’aidhmeanna EUROSUR, leis. Mura mbíonn rath ar EUROSUR, ní mar gheall ar easpa airgid é. Maíonn an Coimisiún Eorpach go gcosnóidh an Córas seo €244 milliún idir 2014 is 2020, suim airgid nach beag in aimsir seo na déine.

Ach in ainneoin an aird go léir a dhírítear ar fhaireachas níos géire ar na teorainneacha seachtracha d’fhonn inimircigh nach mian linn iad a choimeád amach, is go dleathach a ligeadh isteach san AE formhór na n-inimirceach atá ag cur fúthu anseo gan chead. Is minic a thagtar isteach san AE ar bhonn víosa mar thurasóirmar mhac léinn, is go bhfantar i ndiaidh don víosa sin dul in éag. Chun dul i ngleic leis an ngné seo, tá córas isteach / amach molta ag an gCoimisiún Eorpach mar chuid de bheartas a dtugtar “teorainneacha cliste” air.

Faoin gcóras isteach / amach chlárófaí go leictreonach sonraí na náisiúnach tríú tíortha a thagann isteach san AE ar bhonn gearrthéarmach agus chuirfí na húdaráis ar an eolas dá bhfanfaí san Aontas níos faide ná mar ba cheart. Bheadh mionfhaisnéis ag na húdaráis faoi na hinimircigh atá ag fanacht san AE gan chead sa tslí seo. Maítear go mbeadh feidhmiú an chórais seo ag teacht leis an dlí maidir le cosaint sonraí pearsanta, ach tá cúiseanna maithe le déanaí, san Eoraip is sna Stáit, le hamhras maidir le hiompar na n-údarás i leith sonraí pearsanta.

Dearcadh an Rapporteur Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe

I dtuairisc a d’eisigh an Rapporteur Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna Imirceach in Aibreán scrúdaíodh bainistiú teorainneacha seachtracha an AE agus an aird a thugtar ar chearta daonna inimirceach mar chuid den bhainistiú seo. Ar na pointí iomadúla a scag an Rapporteur Speisialta, ar Ceanadach é darb ainm François Crépeau, is fiú béim faoi leith a leagan ar dhá cheann. Ar an gcéad dul síos, thug Crépeau faoi deara go samhlaíonn forais is dúnghaoisí an AE ceist na hinimirce neamhdhleathaí le cúrsaí coiriúlachta, póilíneachta agus slándála agus dá réir sin nach dtugtar an aire is cóir ar chearta na n-inimirceach a dhéanann iarracht an tAE a bhaint amach gan chead. Fiú má tá ceart ag an AE a theorainneacha a rialú, caithfear cloí leis na dualgais dlíthiúla atá aige i leith na ndaoine a iarrann a theorainneacha a shroichint.

Gné thábhachtach eile a bhéimnigh an Rapporteur Speisialta ná go bhfuil éileamh san AE ar mheitheal oibre shéasúrach ar beagán oiliúna a dhéanfaidh obair ar bheagán airgid. Is mar gheall air seo a bhíonn roinnt mhaith daoine ag triall ar an AE gan chead. Dar le Crépeau go mbíodh sé níos éasca d’oibrithe neamhoilte taisteal chun an AE chun poist a fháil sular tosaíodh ar chomhbheartas inimirce a fhorbairt. Ba chóir anois go n-osclófaí bealaí imirce a ligfeadh do na hoibrithe seo a bhfuil ráchairt orthu teacht go dleathach chun an AE.

Ach an éistfear le moltaí an Rapporteur Speisialta nó an leanfar den daingniú teorainneacha gan mórán airde ar chearta daonna inimirceach? Is maith an scéalaí an aimsir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.