AR NA SAOLTA SEO
Teannas Lá Fhéile Phádraig
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Mothaíonn Tony Birtill go bhfuil an nimh san fheoil don Éireannach i dtólamh i gCathair Learphoill, ní a bhí le brath ann ar mhórshiúl Lá Fhéile Phádraig.

Íomhá
Tús an mhórshiúil go lár na cathrach ar Lá Fhéile Pádraig
Íomhá
Cumarsáid
Íomhá
Faoi bhealach
Íomhá
Tchí tú anois iad
Íomhá
Cairde na hÉireann
Íomhá
Cuid de bhuíon na fideoige

Tá sé scríofa agam roimhe seo i mBeo (eagráin 18 & 48) faoin dóigh ina bhfuil na póilíní i Learpholl claonta i leith na ndílseoirí agus i gcoinne na nÉireannach agus, ar an drochuair, bhí an claonadh seo le feiceáil arís i mbliana (18.2.12) nuair a chuir na céadta dílseoirí/faisistithe bac ar mhórshiúl Éireannach. D’eagraigh Cairde na hÉireann, Learpholl, an mórshiúl in ómós do Sheán Phelan, Óglach as Learpholl a fuair bás ag Garraí Thancaird, Co. Chorcaí ar 15ú Feabhra 1921.

Thosaigh an mórshiúl ag Evelyn Street, Kirkdale i dtuaisceart Learphoill, áit ar rugadh Phelan ar 27ú Mí Iúil 1900. Bhí sé socraithe roimh ré leis na húdaráis go rachadh an mórshiúl go dtí Cearnóg Derby i lár na cathrach, os comhair na gcúirteanna. Bhí an banna fliúite Tírghráthóirí na hÉireann Learphoill i measc na seacht mbanna ceoil ann, chomh maith leis an slógadh=crowd">="gloss" title="guest speaker">aoíchainteoir Sandra McLellan TD, Sinn Féin, Oirthear Corcaigh.

D’fhreastail mé ar an mhórshiúl seo i Mí Feabhra anuraidh. Ní raibh deacracht ar bith ann. Ní raibh dílseoir/faisistí le feiceáil ann. Agus nuair a labhair Danny Morrison ó Sinn Féin ag slógadh i gCearnóg Derby ar 8ú Deireadh Fómhair 2011 ní raibh aon deacracht ann ach oiread. Ach i mbliana bhí feachtas ar an idirlíon in aghaidh an mhórshiúil, eagraithe ag scaiftí mar an English Defence League (EDL), BNP, an tOrd Buí agus iarshaighdeoirí ón Reisimint Kings, a faigheann a lán earcach sa cheantar seo.

Buíon na Círéibe

Bhí a fhios ag Merseyside Police faoi seo. Bíonn siad ag coinneáil súil ar na suíomhanna idirlín agus bhí siad i dteagmháil le Sandra McLellan cúpla lá roimh ré nuair a d’inis siad di faoin chontúirt a bhí ann. Ar ndóigh, tá neart áiseanna ag na póilíní le bagairt mar seo a láimhseáil, go mór mór tar éis na gcíréibeacha anuraidh. Shíl muid go mbeadh Buíon na Círéibe amuigh ar na sráideanna chun an bhagairt a mhaolú.

Ní raibh siad ann. Bhí na gnáthphóilíní ann, ceart go leor agus madraí acu, ach b’ shin an méid. Bhí thart ar 40 maistíní ag fanacht in aice le Sráid Evelyn agus bhrís siad fuinneoga ar dhá bhus a tháinig aníos as Albain le buíon cheoil. Níor scaip na póilíní iad. In ionad sin, lig siad don scaifte an mórshiúl a leanúint, agus iad ag scairteadh maslaí ciniocha leis na hÉireannaigh.

Ár ndóigh, tá sé in aghaidh an dlí a leithéid a dhéanamh: racially motivated hate crime a thugtar air agus de réir na bpóilíní tugann siad tosaíocht do choir mar seo. Ach ba chuma leo i Mí Feabhra. Dúirt Sandra McLellan nach bhfaca sí a leithéid riamh: “Ní thiocfadh liom an ghráin a creidiúint. Bhí sé leanúnach. Bhí sé uafásach.”

Níos measa fós, nuair a bhí an mórshiúl ag druidim le lár na cathrach, chuir na póilíní in iúl do Chairde na hÉireann go raibh balc mór de lucht agóide ag fanacht leis an mhórshiúl i gCearnóg Derby agus bheadh sé róchontúirteach dul ann. Ní raibh siad sásta na dilseoirí a scaipeadh, cé go raibh cead ag an mórshiúl an chearnóg a úsáid. B’éigean don mhórshiúl tiontú thart agus dul ar ais go Kirkdale, áit a raibh slógadh acu taobh istigh de chlub sóisialta.

Níor ghabh na póilíní ach dílseoir amháin ar an lá: fear 46 bliana d’aois agus scaoileadh saor é gan a chúiseamh an lá céanna. (Féach an obair chéanna deich mbliana ó shin, Beo 18, Deireadh Fómhair 2002)

Údar Imní

Mar gheall ar an achrann i Mí Feabhra bhí imní ar na hÉireannaigh faoin mhórshiúl ar Lá Fhéile Pádraig, go mór mór nuair a chuir an BNP stainnin i lár na cathrach an tseachtain roimh ré agus spreag siad daoine le cur in aghaidh an mhórshiúil. D’ainneoin seo, mórshiúl suaimhneach a bhí ann, le tuismitheoirí agus páistí ag baint suilt as an lá le chéile. Bhí Píobairí Learphoill chun tosaigh, agus Cairde na hÉireann agus an Banna Feadóige ann fosta. Thosaigh an mórshiúl ag 10.30am mar d’inis na poilíní don lucht eagair go mbeadh a lán oifigeach de dhíth ag an chluiche sacar Everton v Sunderland ag 12.45.

D’ainneoin an chomhoibrithe, chuir na póilíní brú ar roinnt daoine le linn an mhórshiúil. Cheistigh siad daoine a bhí ag tarraingt grianghraf de chairde ar an mhórshiúl agus ag an deireadh, stad siad ceathrar fear a bhí páirteach ann agus d’éiligh siad a ainmneacha agus seoltaí uathu . Tá an t-iompar seo in aghaidh treoirlínte ón Roinn Gnóthaí Baile ar ’Stop and Account.’ Is é sin, is féidir leis na póilíní duine ar bith a stopadh agus ceist a chur air/uirthi faoin tsiocair a bhfuil sé san áit ina bhfuil sé, ach níl cead acu a shonraí pearsanta a éileamh muna bhfuil coir i gceist. De réir : "When the police stop and ask you for an explanation you do not need to provide your personal details."

Nuair a chuir mé ceist ar oifigeach faoin drochiompar seo dúirt sé liom: "Obviously we are acting on intelligence today. Can I refer you to Inspector O Rourke?"

Bhí an Cigire Ó Ruairc ina cheannaire ag an ócáid agus dúirt sé liom: "Their details were taken for the safety of the procession. They were seen walking alongside the parade. Their details were taken for intelligence purposes." Nuair a d’inis mé dó go raibh an t-iompar seo mícheart, mhaigh sé go raibh siad de réir an dlí.

Nuair a cheistigh mé eagraí an mhórshiúil faoin eachtra, chuir sé i gcomórtas é le hiompar na bpóilíní ar Feabhra 18ú:

Cheadaigh siad do lucht na heite deise siúl le taobh an mhórshiúil agus iad ag screadach bagairtí agus maslaí ciníochais. Níor iarradh ar dhuine ar bith acu cuntas a thabhairt air féin.”

Dúirt sé go raibh sé an-sásta leis an mórshiúl agus an fháilte a cuireadh rompu i lár na cathrach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.