TEACHTAIREACHT NA NOLLAG AGUS NA hATHBHLIANA ÓN UACHTARÁN MICHEÁL D. Ó hUIGÍNN
Íomhá
An tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn lena bhean chéile, Sabina

Ba mhaith liom gach dea-ghuí don Nollaig agus don Athbhliain a sheoladh chuig muintir na hÉireann uilig, agus go háirithe ar shlí speisialta d’ár n-imircigh thar lear, agus d’iomlán chlanna Gael, pé áit ar domhan iad.

Is tráth den bhliain é an Nollaig ina bhfilleann daoine ar a mbailte. Is tráth den bhliain é ina ndúisíonn muid an athuair na ceangail seanchairdis agus ghaoil sin a thugann brí agus teochroí isteach inár saol – saol a chaithimid i measc an phobail atá thart orainn. Agus an oiread sin againn ag teacht le chéile mar chairde, ní mór dúinn cuimhneamh ar dhaoine atá faoi strus, daoine atá ina n-aonar, nó daoine atá scartha uathu siúd is ansa leo.

Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil libhse uilig atá ag tabhairt aire dár muintir i gcaitheamh na saoire agus tríd an gcuid eile den bhliain freisin go deimhin – áirim orthu san An Garda Síochána, an tSeirbhís Príosúin, iomlán na bhfoirne inár n-ospidéil agus inár seirbhísí éigeandála, agus comhaltaí na bhFórsaí Cosanta atá ag cruthu nó ag tacú leis an tsíocháin thar lear.

I mbliain seo An Tionóil, d’fhear muid fíorchaoin fáilte roimh Diaspora na nGael. Cuireann an Nollaig i gcuimhne duinn áfach, gur rud buanseasmhach í an fháilte dáiríre agus go síneann sé níos faide amach ná daoine muinteartha, ná ár bpobail féin amháin, agus go sroicheann sé go chomh fada leis an stróinséar, leis an duine nua sa phobal agus leis an duine atá scoite amach.

Ócáid is ea an Nollaig nuair is ceart dúinn machnamh a dhéanamh ar na rudaí sin a thugann agus a choinníonn le chéile muid mar dhaoine muinteartha, mar chomharsana, mar chomhshaoránaigh agus mar dhaoine daonna.

Tugann teachtaireacht na Nollag, teachtaireacht a dtacaíonn go leor leor creideamh éagsúla léi, cuireadh dúinn chun aire a thabhairt dá chéile agus a bheith – i gciall na heiticiúlachtamar chúramóirí a chéile. Faoi scáth a chéile a mhaireann na daoine a deir ár dteanga ársa féin linn.

Ar ócáid m’oirnithe, tá sé dhá bhliain ó shin anois, chuireas in iúl go mba mhian liom dul i ngleic le hoiread áirithe téamaí a bhaineann le leas mhuintir na hÉireann uilig agus lena a bhfuil i ndán dóibh. Tá mé sásta go bhfuil toradh maith tagtha ar an gcéad cheann de na tionscnaimh sin – ‘An Óige agus an tÉireannachas’. Tá ógra na hÉireann fíoracmhainneach agus tá sé tuillte acu a bheith in ann a bheith muiníneach as a bhfuil amach rompu agus a bheith bródúil as a dtír féin.

I gcaitheamh na bliana 2014 beidh an plé is leithne agus is féidir á spreagadh agam ar chúrsaí eitice i ngach gné den saol seo ’gainne, i gcomhthéacs náisiúnta agus i gcomhthéacs domhanda araon. Cuideoidh sé seo, tá súil agam, leis an tsochaí agus leis an ngeilleagar seo ’gainne a bhogadh ar aghaidh ón leagan amach a thug an oiread sin anró orainn agus a bhrúigh an oiread sin íobartha orainn.

Agus an bhliain nua buailte linn, tá mé sásta go dtarraingeoidh muintir na hÉireann ar an gcarachtar agus ar an teacht aniar sin atá léirithe chomh minic sin acu cheana chun léargas nua ar an gcomhghaelachas sin againne a mhúnlú, a shaineofar trí luachanna an chúraim, na dlúthpháirtíochta, na hiontaoibhe agus na freagrachta.

Sa bhliain atá amach romhainn, leanfaidh mé le mo lán dhícheall a dhéanamh ar son leas agus fónamh mhuintir na hÉireann, abhus anseo sa mbaile, agus i gcéin, agus tá mé ag súil go mór leis an gCuairt Stáit ar na comharsana agus ar na cairde is gaire dúinn sa Ríocht Aontaithe i mí Aibreáin.

Go maire torthaí na mbeannachtaí ón mbronnadh agus ón bhfáil i bhfad thairis an cúpla lá luachmhar seo in éindí leo síud is ansa linn.

Guíonn Saibhín agus mé féin Nollaig Shona oraibh go léir.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.