AR NA SAOLTA SEO
Teacht i méadaíocht an Náisiúnachais Úir
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Féachann Robert McMillen in alt na míosa seo ar dhearcadh na n-aontachtaithe agus na ndílseoirí i leith dhíchoimisiúnú an IRA.

Íomhá
An Dr. Ian Paisley
Íomhá
Peter Weir agus Pauline Armitage

I 1964, dúirt Ian óg Paisley leis an RUC mura dtógfadh siad bratach thrídhathach amach as fuinnneog oifig iarrthóra de chuid Shinn Féin i dtoghchán na bliana sin, go ndéanfadh féin agus a lucht tacaíochta é. Bhí an oifig i Sráid Duibhise, ceantar lán-náisiúnaíoch, ach thoiligh an RUC an bhratach a thógáil, rud a chuir tús le tréimhse fhada de racán fíochmhar. Agus ag breathnú ar Bhóthar na bhFál agus ar Bhóthar Gharbh Achaidh, is siombail láidir í gach bratach thrídhathach de theip Paisley 37 bliain níos moille.

Is é an ról atá ag Paisley agus a lucht leanúna anois a bheith ag screadaigh in éadan na gaoithe, ag cur bacanna ar dhul chun cinn an athmhuintearais ach gan a bheith ábalta é a stopadh, in ainneoin an sceimhle atá ag titim amach faoi láthair.

an tOirmhinneach mar a gcéanna arís an tseachtain seo agus é ag iarraidh stop a chur le David Trimble pilleadh mar Chéad Aire ó thuaidh. Agus b’fhéidir go n-éireoidh leis le tacaíocht beirtaontachtaithe traidisiúnta- Peter Weir agus Pauline Armitage.

Ach chuirfidh stop leis an dul chun cinn atá déanta. ó shin, d’fhóirfeadh toghchán go mór don DUP ach leis an ghníomh díchoimisiúnaithe an mhí seo caite, thógann David Trimble ar an mholadh atáthar a thabhairt faoi láthair, seans mór go mbainfidh an UUP na vótairí a thréig iad, a bhuíochas sin ar an imní agus an mhímhuinín a bhí á spré ag an DUP.

We have implemented the scheme agreed with the IICD in August,” arsa ráiteas an IRA agus murar athraigh achan rud, bhí cluiche eile ar fad ar siúl.

An Náisiúnachas Úr

Ba chomhartha é an ráiteas sin go raibh anNáisiúnachas Úrag teacht i méadaíocht. Bhí an pragmatachas i réim in áit an dogma, an tuigbheáil nárbh é an streachailt í féin an bhunscríbe, ach an bóthar chun na bunscríbe sin, agus, leanfaí ar aghaidh le cur i bhfeidhm Chomhaontú Aoine an Chéasta, bhí an tír tairngire sin insroichthe ag na Sealadaigh ach na gunnaí a thabhairt uathu.

Ó thuaidh, taispeánadh go raibh an lámh in uachtar ag an pholaitíocht. Bhí jaw-jaw Weston Park níos éifeachtaí ag druid túranna faire cois teorann barrack-busters clúiteacha na bProvies.

Cinnte, bhí ról ag na cúiseanna sin a luadh leis an athrú straitéise. (Nach suntasach go bhfuil daoine ag gearán gur céim straitéiseach é an díchoimisiúnú. Nár cheart dúinn a bheith buíoch go bhfuil gluaiseacht na Poblachta ag baint úsáide as straitéisí polaitiúla in áit straitéis an Semtex?)

Tháinig brú ó Mheiriceá agus le huafás an aonú déag de Mheán Fómhair, tuigeadh go raibh an fhoiréigin thart, nach mbeadh ollchumhacht Mheiriceá ina barantóir do phróiseas na síochána sílfeadh siad go raibh poblachtánaigh ag dul a philleadh ar an ár.

Ach bhí athruithe inmheánacha ag dul ar aghaidh ag an am céanna taobh istigh de ghluaiseacht na Poblachta. Le teacht an toghcháin ó dheas, an fhéidearthacht ann go mbeidh Sinn Féin in dhá rialtas, ó thuaidh agus ó dheas. Mar a chonaic poblachtánaigh é, bhí stair agus dóchas Séamus Heaney ag rímeáil.

Chuir an bogadh mearbhall ar na paramílitigh dhílseacha, gan fios acu cad é ba cheart a dhéanamh.

Sampla an IRA

Dúirt siad nach leanfadh siad sampla an IRA, ag cur deireadh leis an teoiric go bhfuil foréigean aontachtach reactive, nach mbeadh ann ach go foréigean an IRA. Is ann don fhoréigean aontachtach le sprioc polaitiúil gcuid féin a bhaint amach agus an íde-eolaíocht a d’fhoghlaim siad ón uasaicme anuas a chaomhnú - nach féidir muinín a bheith agat i gCaitlicigh. Sin an fáth go bhfuil foréigean ag leathnú ar fud thuaisceart Bhéal Feirste. féidir tithe a thabhairt do Chaitlicigh, bhogann duine amháin isteach, fada go mbeidh an ruaig curtha ar na Protastúnaigh uilig.

Ar an drochuair, leibhéil éagsúla i bpróiseas síochána an Tuaiscirt. Is cuma, ar dhóigh, fán díchoimisiúnú na forais trasteorann. Nuair atá dhá dhream naimhdeach le chéile ina gcónaí gualainn ar ghualainn, is cuma cén dul chun cinn atá á dhéanamh i hallaí marmaracha Stormont. I gcúlsráideanna cúnga chathracha na Chontae, cónaí ar dhaoine a bhfuil cuimhne acu ar an dóigh ar buaileadh a gcomharsa go dona agus gan é ach ag teacht chun an bhaile ón phub, ar an dóigh ar cuireadh a gcuid daoine muinteartha amach as a gcuid tithe, ar an dóigh a mharaighan taobh eilea gcairde - mothúcháin chomh láidir, chomh daonna sin nach bhfuil seans da laghad ag an chóras d’Hondt iad a leigheas.

Cinnte, cuirimis fáilte roimh an díchoimisiúnú ach, mar a leanann an an oíche, fanaimis ansin leis an chéad bhac polaitiúil eile agus leis an chéad éagóir eile, fíor cumtha, a fhanfaidh go deo i gcuimhne na ndaoine i sráideanna cúnga Bhéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.