CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Táthar ag caitheamh go suarach le do leor seandaoine sa tír seo

Léirigh clár faisnéise ar RTÉ an mhí seo caite go rabhthas ag caitheamh go dona le seandaoine i dteach altranais i mBaile Átha Cliath, ach ní haon eisceacht é an cás seo – tá a leithéid an-choitianta ar fud na tíre.

Íomhá
Íomhá
Teach altranais Leas Cross, Baile Átha Cliath

Cén aois thú? Sé bliana déag? Daichead? Cúig bliana agus trí scór?

Má tá tú níos sine agus tú neamhspléach, tá an t-ádh leat.

Bhí an cháil ar Éirinn roimhe seo mar thír inar tugadh aire mhaith don seandream. Tá na leabhair lán de scéalta mar gheall ar Dhaideo agus Mamó ina suí cois teallaigh agus na páistí óga ag éisteacht lena gcuid cuimhní cinn agus lena gcomhairle faoi chúrsaí an tsaoil.

Tá an saol sin imithe agus níl aire cheart á tabhairt ar chor ar bith do go leor de sheandaoine na tíre, mar a léiríonn cuid de na scéalta atá i mbéal an phobail le tamall anuas.

Cé go raibh dlí ann a dúirt nach mbeadh ar sheandaoine íoc as a gcothabháil agus iad istigh i dtithe altranais an Stáit, ní mar sin a bhí. Bhí na Boird Sláinte ag gearradh táillí mídhleathacha orthu agus lean an nós sin ar aghaidh ar feadh na mblianta fada. Ní fios, fiú anois, cé mhéad a chaithfidh an Stát a aisíoc le teaghlaigh na ndaoine seo ar caitheadh go héagórach leo. Deir daoine áirithe go gcosnóidh sé €500 milliún ach tá figiúr idir €2 agus €3 bhilliún luaite chomh maith.

Nochtadh scéal ní ba mheasa fós ag deireadh na míosa seo caite nuair a rinne an clár “Primetime” ar RTÉ na coinníollacha a fhiosrú i dteach altranais Leas Cross i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Bhí sé le feiceáil go soiléir go raibh mí-iompar ar siúl agus go raibh fostaithe de chuid an ionaid ag caitheamh go gránna le cuid de na seandaoine a bhí faoina gcúram. Taispeánadh bean amháin ceangailte do chathaoir, daoine eile á maslú agus á gcothú i gcoinne a dtola. Tháinig scéalta chun cinn mar gheall ar an mhéid a bhí ag tarlú i dtithe altranais eile chomh maith; i dteach amháin, mar shampla, bhí bia a d’fhág na seandaoine ar a bplátaí á athúsáid an lá dár gcionn agus i dteach eile níor tugadh folcadh do na cónaitheoirí ach gach deich lá.

Anuraidh, bhí 80 teach altranais i gceist nár tugadh ach cuairt amháin orthu, cé go ndeirtear sa reachtaíocht gur cheart go dtabharfaí ar a laghad dhá chuairt ar ionaid den chineál seo. Tá sé thar am don rialtas córas ceart cigireachta, a bheadh neamhspleách amach is amach, a fhorbairt agus déanamh cinnte go gcuirfear deireadh le cuid de na cleachtais áiféiseacha atá ann faoi láthair (an nós atá ann, mar shampla, rabhadh a thabhairt do na tithe altranais go bhfuil cigire chun cuairt a thabhairt orthu).

Is cinnte go bhfuil an Stát ag déanamh faillí ina dhualgais i leith seandaoine ach b’fhéidir go bhféadfadh teaghlaigh níos mó a dhéanamh le cinntiú go mbeadh dínit ag pinsinéirí na tíre agus iad ag deireadh a saoil. Tá tacaíocht réasúnta ar fáil do theaghlaigh ar mian leo aire a thabhairt dá muintir féin sa bhaile. Is é seo an rogha is fearr i ndáiríre, go háirithe i gcás seandaoine nach bhfuil buailte go dona ag galar mar ghalar Alzheimer. Uaireanta, ní bhíonn sé furasta a bheith foighneach agus tú ag plé le seandaoine sa chomhthéacs seo ach ní mór dúinn gan dearmad a dhéanamh ar rud amháin: an aire a thug siadsan dúinne agus muid inar bpáistí beaga. Ná déanaimis dearmad ach oiread go dtiocfaidh an lá a mbeidh an chuid is mó againn féin ag brath ar dhaoine eile aire a thabhairt dúinn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.