AR NA SAOLTA SEO
Taoiseach Éimin agus Tionscal an Khat
Amanda Reid Amanda Reid

Sular éalaigh an Taoiseach Ali Abdullah al Saleh as Poblacht Éimin go dtí An Araib Shádach i mbliana, chas sé de thaisme ar Amanda Reid sna sléibhte i gceantar Aden in iardheisceart na tíre. Seo mar a tharla...

Íomhá
Ali Abdullah Saleh
leis an Rúis, ar Vicipéid
Íomhá
An Khat
le caoinchead Botanischen Garten Ruhr-Universität Bochum, ar Vicipéid
Íomhá
I sléibhte Hajaz in Éimin
le Bruno Befreetv, ar Vicipéid

IN Éimin, is tionscal mór atá sa khat, druga spreagúil a dhéantar ón duilliúr a bhíonn ar sceach atá an-chosúil le crann an bhosca – boxplant. Bíonn sé in úsáid sa saol sóisialta in Éimin mar a bhíonn caifé againn féin. In áit glasraí a chur, bíonn garrantaí móra na tíre líonta le khat, os rud é go bhfuil na feirmeóirí in ann níos mó airgid a shaothrú air sin ná ar bhairr de chineáil eile. Deirtear go mbíonn 40% d’uisce na tíre in úsáid leis an khat a chur ag fás agus go bhfuil fadhb anois ann mar tá bord an uisce thart ar Sa’ana beagnach ídithe. Caitheann na fir suas le trian dá gcuid ioncam míosúil ar an narcotic bog seo. Tá an khat chomh luachmhar go mbíonn túr beag cosanta taobh leis an chuid is mó de na garrantaí, garda ina shuí ann lá agus oíche le raidhfil ag coinneáil an fhómhair slán ó lucht bradaíola.

Tosnaionn na daoine ag obair in Éimin thart ar 7.00 nó 8.00 ar maidin, ach chuile lá, thart ar mheán lae, stopann an obair agus tosnaíonn na fir ag bailiú sa margadh. Ansin, feicfidh tú an khat ina chruacha arda ag fanacht le ceannaitheoir. Craobhóga beaga le duilleoga móra garbha agus duilleoga beaga míne a bhíonn ar fáil – ar chuile phraghas, agus ar chuile bhlas. Déanann an ceannaitheoir scrudú air mar a dhéanann an Francach ar bhuidéal fíona. Tar éis leathuair an chloig a chaitheamh á scrúdú agus á cheannach, feicfidh tú na fir, ina n-aonar nó ina mbuíonta, chuile dhuine acu agus leathphluic líonta le khat, mála plaisteach lán le duilleoga, nó píosa de sceach faoi ascaill, agus iad ag déanamh ar an mbaile. Bíonn seomra faoi leith coinnithe i mbeagnach chuile theach don chogaint khat. Is minic gurb é seo an seomra is deise sa teach, le diwan bog, nó mataí, ar an urlár timpeall ar na ballaí, agus adhairteanna ar fáil le haghaidh compoird don droim. Is fiú iad a bheidh leagtha amach go sócúlach – caitheann na fir suas le hocht n-uaire an chloig ann chuile lá.

Castar na Daoine Dá Chéile

Tá sé tamall beag de bhlianta anois ó bhí mé 3,000 méadar thuas ins na sléibhte lastuaidh de Aden. Bhí mé féin agus an compántas beag lena raibh mé le stopadh ar an ard le breathnú ar smúsach seanchloiche ó aimsir na díleann, cloch a raibh rian na feamainne le feiceáil inti fós. Le linn dúinn a bheith ann, scoith scuaine carrannaí sinn. Sheas muid isteach de leataobh an bhóthair as an mbealach. Jeepanna i dtosach, dhá limousine mhóra dhubha le fuinneoga dorcha, agus ceithre nó cúig jeep ina ndiaidh. Saighdiúirí faoi éide duaithnithe ar nós craiceann síoraif, rud a bheadh níos fearr sa ngaineamhlach ná ar an sliabh, agus raidhfil ina ghlaic ag chuile dhuine acu.

Scuab siad seo tharainn faoi luas. Ní raibh aon deifir orainn féin. Tharla go raibh muid ag cogaint ar roinnt duilleoga khat ag an am. Bhí siad searbh, garbh, agus theastaigh neart na bhfiacal le taos a dhéanamh díobh sa bhéal. Mar narcotic, ní raibh aon chosúlacht ar an scéal go raibh aon rud ag tarlúint. B’fhearr liom féin cupán caifé: bheadh níos lú doghrainne ag baint leis.

Bhí meall khat chomh mór le liathróid leadóige ina phluic ag Mohammed, an tiománaí, mar a bhíonn ag beagnach chuile fhear sa tír tar éis an mheán lae. Ní raibh againn féin ach cnapáin bheaga. Tharraing jeep bán suas os ár gcomhair fad is a bhí muid inár seasamh ansin, agus thosaigh an tiománaí ag caint linn go spleodrach. Bhí sé tar éis teacht ar cheathrar ban eachtrannacha ar bharr sléibhe! Iontas mór na linne!

Bleid Cainte

“Cárbh as dhaoibh?” ar sé.

D’inis muid dó faoinár gcuid tíortha agus bailte dúchais.

“An maith libh an khat?”

Chonaic sé go raibh muid ag cogaint ar na duilleoga glasa agus muid ag caint.

“Fáilte romhaibh go Yemen!”, ar sé go gealgháireach, agus ar aghaidh leis ansin i ndiaidh an tslua.

Bhí Mohammed an-chiúin ann féin agus é ag breathnú ina dhiaidh. “B’shin é Taoiseach na tíre”, a dúirt sé os íseal, agus an chuma ar go raibh creathadh bainte as.

Tháinig an Taoiseach al-Saleh i gcumhacht i 1978. Ba léir nach raibh a dhóthain dúshláin dó in obair an Taoisigh, ainneoin na dtrioblóidí móra a bhaineann le cúrsaí politíochta in Éimin, agus is cosúil gur chleas dá chuid, éalú leis ó am go chéile. Nuair a d’éiríodh an saol róleadránach agus é á thabhairt thart sa gcadillac, scaoileadh sé leis na limos agus dhéanadh sé a chuid tiomána féin.

Ta Ali Abdullah al Saleh i Saudi anois, é gortaithe agus dóite tar éis ionsaí RPG ar a lárionad i Sa’ana ar an 3ú Meitheamh le linn na coimhlinte atá sa tír idir an dream Shi’ite a bhfuil ceangal acu le al Qaeda, agus iad siúd atá ag iarraidh cearta an daonlathais a bhaint amach. Faraor, is dócha go bhfuil al Saleh ag caitheamh i ndiaidh na laethannta go raibh an tsaoirse aige a chuid tiomána a dhéanamh timpeall na tire ar a chomhairle féin.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Nua-Shéalainn ó dhúchas í Amanda Reid a bhfuil blianta caite aici in Éirinn agus i dtíortha eile.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.