AR NA SAOLTA SEO
Tanú na dTalibanna Lite
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tá Robert McMillen den tuairim nach múchfar an stair a fhad a mhairfeas an chuimhne. An tseachtain seo féin, chualathas guth ón uaigh féin sna Sé Chontae thiar i Meiriceá ag éisteacht de chuid Chomhdháil na Stát Aontaithe.

I mí Aibreáin 2007, scríobh mé ar beo.ie go raibh muid ag amharc ar chonaic=saw">="gloss" title="history’s end">dheireadh na staire i dtuaisceart na hÉireann.
Ar an 26u Márta 2007, chonaic muid Ian Paisley agus Gerry Adams fána lile Cásca, ina suí le chéile, a gcomhghleacaithe sinsir thart orthu agus iad ag fógairt go mbunófaí feidhmeannas ag Stormont ar an 8ú Bealtaine, feidhmeannas ina mbeadh náisiúnaithe agus aontachtaithe ag roinnt cumhachta lena chéile.

Do phoblachtánaithe, saoirse chun saoirse a bhaint amach a bhí faighte acu; d’Aontachtaithe, ar íorónaí an tsaoil, bhí cibé cumhacht a bhí acu ídithe diaidh ar ndiaidh iarraidh=trying">ag ="gloss" title="their immoveable obstinacy">a ndiongbháilteacht dhobhogtha agus ní raibh an dara suí sa bhuaille acu ach dul isteach i gcomhrialtas le náisiúnaithe.
Léigh mé =a conversation">comh="gloss" title="to say">rá ar an idirlíon ina raibh daoine ag iarraidh oibriú amach a chéadchum an téarma ‘Taliban Lite’ le cur síos ar an DUP agus creidim go bhfuil an gradam sin tuillte agam féin - scríobh mé faoi na DUPs agus na Wee Frees mar ‘Taliban Lite’ - ar beo.ie ar ndóigh - i 2003! Luaim seo mar léiriú ar an athrú poirt atá i ndiaidh theacht ar pháirtí shean-Paisley, páirtí an ‘never, never, never.’

Dírithe ar an Todhchaí

Tá an DUP ag taisteal ar shiúl ón bhunchreidmheachas a chleacht siad ó tháinig ann don pháirtí i 1971 mar chomharba ar an Protestant Unionist Party agus beannacht an phobail aontachtaigh acu. Níl sléacht 1641, Cath an Somme, Síniú an Cúnaint agus Parlaimint Phrotastúnach do phobal Protastúnach anois mar spreagadh ag na páirtithe Aontachtacha níos mó. Tá a mbunús dírithe ar an todhchaí.
Agus fáilte chroíúil á cur roimh Eilís II (tuilleadh faoi san am atá le theacht), is cosúil go bhfuil stát na 26 Chontae sásta an aimsir chaite a cur ar leataobh, agus ainneoin drochamhras a bheith ar náisiúnaithe ó thuaidh, aithníonn siad nach bhfuil buntáiste ar bith i bheith ag síoramharc ar chúl. Is léir go bhfuil móramh mhuintir na hÉireann sásta an líne mheafarach sin sa ghaineamh ar a raibh gach tráchtaire teilifíse ag caint le linn chuairt Bhanríon Shasana, a tharraingt. (Is doiligh le béal Gaelach na focail “Banríon na Breataine” a rá!) Ach anois is arís, cluintear taibhsí. Chualathas beirt acu an tseachtain seo.

Rosemary Nelson

Chuala muid glór an dlíodóra Rosemary Nelson agus í ag caint ag éisteacht de chuid Comhdháil na Stát Aontaithe, ag cur síos go mion ar an chiapadh a bhí na póilíní ag tabhairt di cionn is go raibh sí maith ag a cuid oibre, ag cosaint daoine a bhí os comhair na cúirte. 
Ach bhí poblachtánaithe gníomhacha ina measc seo, rud a cothaigh nimh san fheoil ag na póilíní a bhí ag iarraidh na fir seo a chur i gcarcair agus chonaic baill den RUC Rosemary Nelson mar chonstaic. Bhí iniúchóir ó na Náisiúin Aontaithe buartha go raibh sí i gcontúirt mhór ach, de réir an fhiosrúcháin a cuireadh ar bun lena dúnmharú a iniúchadh, níl fianaise ar bith ann go raibh claonpháirteachas idir an RUC agus na dílseoirí a shíob an carr a raibh sí ann ach níor thug an RUC cosaint ar bith do Rosemary agus a fhios acu go raibh sí i mbaol. Nach claonpháirteachas é sin?

Mary Travers

Níor chuala muid glór Mary Travers ach chonaic muid a haghaidh álainn gealgháireach ar na nuachtáin. Bhí Mary 22 bliana d’aois nuair a scaoileadh marbh í i mí Aibreáin 1984 agus í ag teacht amach as an Aifreann lena hathair, an breitheamh Tom Travers, agus lena máthair. Scaoileadh a hathair ocht n-uaire ach mhair sé.
Ní raibh an t-ádh céanna ar Mary. Agus í ag fáil bháis ar ucht a máthar, thug an gunnadoir iarraidh an mháthair a scaoileadh chomh maith ach chuaigh an gunna i bhfostú. D’fhanfadh Mary Travers i measc na marbh dearmadta ach gu’b é gur roghnaigh Sinn Féin Mary McArdle mar chomhairleoir speisialta do Charal Ní Chuilin, an tAire úr Cultúir, Ealaíona agus Fóillíochta san Fheidhmeannas úr. Bhí Mary McArdle, agus í 19 mbliana d’aois ag an am, sa bhuíon a mharaigh Mary Travers. Bhí alltacht ar dhaoine a dúirt nár cheart go mbeadh ról i riaradh na Sé Chontae ag a leitheid de dhuine.

Arsa Ann Travers, deirfiúr Mary agus í ag cáineadh Martin McGuinness i mbliana i ndiaidh dó dúnmharú Ronan Kerr a dhamnú: “They never once siad sorry for my sister’s murder. They never once apologised to my Mum.” Mar sin, ní chuirfidh muid deireadh leis an stair. Tá sé beo beathach inár measc sa dobrón a mhothaíonn daoine na deicheanna de bhlianta i ndiaidh duine a raibh grá acu dó nó di a bheith maraithe, gan aon chúis go minic. Sin ceacht amháin a d’fhoghlaim muid ó na taibhsí an tseachtain seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.