CÚINNE NA nEALAÍON
Taispeántas na nImpriseanaithe i sciathán nua Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann
Íomhá
Maisons à Auvers le Vincent van Gogh
Íomhá
Rochers à l'Estaque le Renoir

Ciara Nic Gabhann den tuairim gur fiú go mór cuairt a thabhairt ar an chéad taispeántas atá le feiceáil i sciathán nua Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann.

Osclaíodh Sciathán na Mílaoise i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath ar an 22 Eanáir. Is síneadh nua é seo atá curtha leis an phríomhfhoirgneamh agus tá go leor suime curtha ann cheana féin, ní hamháin ó thaobh na hailtireachta de ach mar gheall ar go bhfuil bailiúchán suntasach de shaothar Impriseanaithe na Fraince acu mar thaispeántas oirnithe.

Monet, Renoir and the Impressionist Landscape an t-ainm atá ar an taispeántas seo agus tá 69 píosa péintéireacta le feiceáil ann, iad ar fad tógtha ó bhailiúchán an Museum of Fine Arts i mBostún. Ba iad na spriocanna ba lárnaí a bhí ag na hImpriseanaithe ná an tírdhreach a léiriú, tionchar an tsolais agus dathanna, agus tugann an bailiúchán seo léargas cuimsitheach ar an fhorbairt agus fás a tháinig ar an ghluaiseacht ildaite seo sa dara leath den 19ú haois.

Tá sé deacair do mhéar a chur go díreach ar bhunbhrí shaothar na nImpriseanaithe - aithníonn daoine é seo nuair a fheiceann siad a saothar. D’éirigh leo radharcanna neamhbhuana a chur i láthair go spreagúil - an tslí a mbuaileann solas na gréine an t-uisce, cuir i gcás, agus gorm na spéire agus glas na nduilleog le feiceáil ar an dromchla chomh maith.

Tá dúil mhór ag daoine ina saothar agus cúis mhaith acu - is radharcanna suaimhneacha, ildaite, spéiriúla iad den chuid is mó. Taispeánann siad tírdhreacha a léiríonn pléisiúr agus suaimhneas seachas sclábhaíocht agus cruatan, agus daoine ag ligean a scíthe agus ag tógáil rudaí go réidh i mbun gníomhaíochtaí deasa.

Tháinig na hImpriseanaithe chun cinn mar ghluaiseacht ealaíne ag deireadh na 1860í agus faoi dheireadh an 19ú haois bhí aitheantas bainte amach acu mar thionchar tábhachtach idirnáisiúnta i saol na healaíne.

Ba iad Claude Monet, Pierre-Auguste Renoir, Alfred Sisley agus Camille Pissaro na healaíontóirí a bhí mar cheartlár na gluaiseachta agus is é a saothar siúd atá le feiceáil den chuid is mó sa taispeántas seo i mBaile Átha Cliath.

Tugann sráidhreach atá le feiceáil go luath sa taispeántas, a rinne Monet roimh thús ceart an Impriseanachais, deis dúinn an fás agus an fhorbairt a tháinig ar a shaothar siúd a fheiceáil; tá seo fíor chomh maith faoin tsraith cháiliúil a rinne sé ar choca féir agus an staidéar iontach ar an loch duilleog báite ag Giverny.

Tá an sárphictiúr sin le Renoir, Rochers à l’Estaque, le feiceáil sa taispeántas fosta, mar aon le pictiúirí de chuid Sisley agus Pissarro agus saothar nIar-Impriseanaithe, leithéidí Gauguin, Paul Signac, Vincent van Gogh agus Paul Cézanne.

Polasaí nua

Is cinnte go mbeidh an-tóir ar an taispeántas seo agus, dár ndóigh, ní comhtharlúint é go bhfuil an gailearaí ag gearradh táille ar dhaoine ar mian leo cuairt a thabhairt air, an chéad uair a tharla sé seo i gcás an Ghailearaí Náisiúnta.

Dúirt Fionnuala Croke, Ceannasaí Taispeántas an Ghailearaí, mar chosaint ar an athrú polasaí seo go raibh ciste breise de dhíth chun taispeántais eile ar chaighdeán na nImpriseanaithe a fháil. Is cinnte go bhfuil daoine sásta airgead mór a íoc chun dul chuig drámaí agus ceolchoirmeacha, mar sin cén fáth nach mbeadh siad sásta déanamh amhlaidh i gcás taispeántas?

Gan amhras ar bith, déanfaidh an gailearaí brabach ar an taispeántas luachmhar seo. Tá súil agam, áfach, go ndéanfaidh siad iarracht an saothar a chur ar fáil do gach duine ag pointe éigin. Tá sé mar pholasaí ag ionaid áirithe ealaíon laethanta speisialta a chur ar leataobh do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste agus iad a ligean isteach saor in aisce. Bheadh sé go deas dá dtarlódh an rud céanna sa chás seo.

Beidh Monet, Renoir and the Impressionist Landscape i Sciathán na Mílaoise sa Ghailearaí Náisiúnta go dtí an 14 Aibreán. €10 an cead isteach atá i gceist agus tá praghsanna speisialta do ghrúpaí agus lascainí ar fáil chomh maith. Molann an gailearaí don phobal ticéid a chur in áirithe roimh ré trí ghlaoch ar Ticketmaster ag (1890) 925120 (www.ticketmaster.ie). Beidh teorainn leis an mhéid ticéad a bheas ar fáil ag an doras gach lá.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.