CÚINNE NA nEALAÍON
Taispeántas Flick ag cothú conspóide
Mary Beth Taylor Mary Beth Taylor Mary Beth Taylor

Tá rialtas na cathrach i mBeirlín ag tacú le taispeántas nua ansin de shaothair a ceannaíodh le hairgead Naitsíoch. Cúlra an scéil ó Mary Beth Taylor.

Íomhá
An bailitheoir conspóideach Friedrich Christian Flick
Íomhá
Oifigeach de chuid na hiarsmalainne ag féachaint ar “Office Baroque”, le Gordon Matta-Clark, saothar a ndearnadh ionsaí air
Íomhá
Flick ina sheasamh in aice le saothar Martin Kippenberger, “Junger Progessiver Arzt”
Íomhá
Christina Weiss: ag tacú le Flick

Tá an t-ionsaí aisteach agus gleacach a rinne agóideoir mná ar thaispeántas nua ealaíne de chuid an bhailitheora Friedrich Christian Flick tar éis aird a tharraingt arís ar an chonspóid a dtugann Christina Weiss, Rúnaí Stáit na Meán Cumarsáide agus an Chultúir sa Ghearmáin, “*sensation *stairiúil de chuid na healaíne” air.

Ar an Chéadaoin, 23 Meán Fómhair, go díreach tar éis don taispeántas oscailt in iarsmalann an Hamburger Bahnhof, rinne an bhean 35 bliain d’aois ionsaí ar *"Office Baroque”, *saothar de chuid an ealaíontóra Mheiriceánaigh Gordon Matta-Clark; thosaigh sí ag béicíl go hard, thug sí cúpla smeach siar, thuirling sí ar an saothar, áit ar sheas sí ar a lámha, ansin chuir sí a dhá lámh tríd.

Rith sí trasna an tseomra mhóir, agus leag sí píosa de shaothar eile, trucail sprae-phéinteáilte dar teideal *"Graffiti Truck”, *le Matta-Clark chomh maith, go talamh agus rinneadh an díon miotail a lúbadh. Tháinig na póilíní ar an láthair cúig bhomaite ina dhiaidh sin agus gabhadh an bhean.

Agus í á gabháil, dúirt an bhean, “Flick, tá mé sásta,” de réir oifigigh shlándála de chuid na hiarsmalainne. Tá aithne ag na póilíní ar an bhean seo de bhrí gur thóg sí trioblóid cheana féin agus deir siad nach gníomh polaitiúil ach cás aonarach ab ea é seo.

Ní hí an t-agóideoir lúfar seo an chéad duine atá tar éis gearán a dhéanamh faoi bhailiúchán maingléiseach Flick de shaothar ón ealaín chomhaimseartha. I measc na saothar atá le feiceáil i dtaispeántas Flick, a d’oscail ar an 22 Meán Fómhair agus a bheas ar taispeáint go ceann seacht mbliana, tá “Junger Progessiver Arzt” leis an phéintéir Gearmánach Martin Kippenberger, breis is 2,500 saothar eile de chuid na healaíne nua-aimseartha ó Duchamp agus Mondrian, go saothair chomhaimseartha de chuid Jason Rohoades agus Paul McCarthy.

Tá an rialtas bardasach i mBeirlín, ar mian leis cáil na cathrach mar phríomhchathair chultúrtha a athbhunú seasca bliain tar éis do na Naitsithe agus don Dara Cogadh Domhanda an ruaig a chur ar an avant-garde, ag tacú go láidir le Flick agus lena bhailiúchán ollmhór.

Tá grúpaí de chuid na nGiúdach sa Ghearmáin ag rá, áfach, go bhfuil smál curtha ag “airgead fola” ar an bhailiúchán.

Is billiúnaí é an bailitheoir ealaíne Freidrich Christian Flick, agus garmhac agus oidhre Friedrich Flick (1883-1972), duine de phríomhdhéantóirí arm na Naitsithe, ar gearradh téarma príosúnachta seacht mbliana air i 1947 as coireanna éagsúla a dhéanamh, ina measc sclábhaithe a úsáid ina chuid monarchana, agus seilbh a ghlacadh ar mhaoin Ghiúdach. Tá sé curtha i leith an gharmhic le roinnt mhaith blianta anois go bhfuil sé tar éis an saibhreas ollmhór a d’fhág a sheanathair aige a úsáid chun a bhailiúchán daor a chur le chéile.

I litir oscailte chuig Flick, a foilsíodh i nuachtán laethúil sa Ghearmáin níos luaithe sa bhliain, dúirt Michael Fürst, ball de Chomhairle Lárnach na nGiúdach, gur “ábhar feirge an-mhór” a bhí sa bhailiúchán “dóibh siúd, idir dhaoine a raibh orthu oibriú i gcoinne a dtola agus lucht na sluachampaí géibhinn, arbh éigean dóibh cur suas leis an ocras, leis an uirísliú agus leis an chéasadh i monarchana do sheanathar.”

Lena chois sin, rinne Fürst údaráis Bheirlín a cháineadh go géar de bhrí gur eagraigh siad an taispeántas agus dúirt sé go raibh sé suaite ag an “easpa tuisceana i measc údáras cultúrtha Bheirlín, ar léir go bhfuil an ghalántacht a bhaineann leis an airgead mór agus réimse ollmhór an bhailiúcháin tar éis iad a dhalladh agus a dhéanamh dearmadach.”

Ciste cúitimh

Chomh maith leis an chonspóid a bhaineann leis an taispeántas, táthar tar éis Flick a cháineadh de bhrí nár bhac sé le hiargead a dhíol isteach i gciste cúitimh a bhunaigh tionsclóirí na Gearmáine le hairgead a chur ar fáil dóibh siúd ar chuir na Naitsithe iachall orthu oibriú i gcoinne a dtola.

Deir Flick leo siúd a ionsaíonn é dá bharr seo nach gá do dhaoine aonair airgead a íoc isteach sa chiste. Tarraingíonn sé aird chomh maith ar “Fhondúireacht na Caoinfhulaingthe”, a bhunaigh sé chun troid i gcoinne an chiníochais, agus deir sé gur fianaise é seo go bhfuil sé ag séanadh stair Naitsíoch a theaghlaigh.

Agus an taispeántas ar tí oscailt, bhí Flick breá toilteanach labhairt faoina shaol conspóideach, ach dúirt sé nár cheart go mbeadh na healaíontóirí a bhfuil saothar leo sa taispeántas thíos leis seo. “Tá iarracht déanta agam i gcónaí stair mo theaghlaigh a scaradh ón bhailiúchán, ón ealaín agus ó na healaíontóirí - níor cheart mí-leas a bhaint as an bhailiúchán trí bheith ag féachaint air trí spéaclaí a bhfuil imir na hidé-eolaíochta orthu,” a dúirt Flick ag preasócáid le déanaí. “Is mian liom a chur in iúl go soiléir nár dhúirt mé riamh gur theastaigh uaim an taobh dorcha a mhaitheamh do mo theaghlach.”

Tá tacaíocht tugtha do Flick ag Weiss, a tharraingíonn aird ar an chlár cuimsitheach atá leis an taispeántas a dhíríonn ar an tréimhse Naitsíoch. “Ní féidir an milleán a chur ar an ealaín as gníomhartha a rinne an teaghlach,” a deir sí.

Ach níl siad siúd ar íospartaigh iad de chuid sheanathair Flick ar aon intinn léi. I Saorollscoil Bheirlín, d’inis Eva Faridi do na mic léinn faoin tréimhse a chaith sí ag obair mar sclábhaí i monarcha mhuinisin de chuid Flick, ag líonadh gránáidí le pléascáin le linn sealanna a mhaireadh suas le dhá uair déag. Aistríodh ansin í ó Auschwitz, áit a bhfuair an chuid is mó dá teaghlach bás. Dúirt Faridi, ar Ungarách í ó dhúchas a bhfuil cónaí uirthi i mBudapest, go gcreideann sí i maithiúnas - ach sa chuimhneamh chomh maith.

“Caithfidh sé go bhfuil an taispeántas thar barr mar is ealaín í an ealaín,” a dúirt sí. Ach dúirt sí chomh maith gur cheart go mbeadh comhartha sa tosach ar a mbeadh na focail: “Tá fáilte romhat. D’oibir líon mór sclábhaithe i 1944 agus i 1945 faoi choinníollacha mídhaonna don taispeántas seo.”

Is as Georgia ó dhúchas í Mary Beth Taylor. Fuair sí a gcuid oideachais in Ollscoil Georgia agus Ollscoil Oxford. Tá céim BA aici sa Bhéarla agus i Staidéar na mBan, agus tá sí díreach tar éis iarchéim a bhaint amach sa Bhéarla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is de bhunadh Éireannach í.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.