CÚINNE NA nEALAÍON
Taispeántas Bhaile Átha Cliath 2011
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Tá Ciara Nic Gabhann in ann eolas ar Thaispeántas suntasach a roinnt leat anseo. Má bhíonn am le caitheamh agat faoin ardchathair, agus roinnt pingneacha le caitheamh uait, thig leat súil a chaitheamh thart ann.

Íomhá
'Dearadh i gComhthéacs' i nGarraí na Lus faoi láthair
Íomhá
Ag an taispeántas
le William Murphy ar Flickr.com
Íomhá
Cruthaithe ag Patrick Hamilton
le William Murphy ar Flickr.com

Is mór atá le ceiliúradh ag muintir Bhaile Átha Cliath na laethanta seo. Is iad buaiteoirí Chluiche Ceannais na hÉireann iad – ábhar atá go fóill á cheiliúradh acu agus nach maith dóibh é! Agus ar a bharr seo, tá togra mór ealaíne ar siúl ar fud na cathrach, a leithéid de thaispeántas nach raibh le feiceáil sa tír le fíche bliain.

Mórthaispeántas d’ealaín nua-aoiseach atá sa tionscadal seo eagraithe ag Dublin Contemporary 2011, agus de bharr go bhfuil breis is 100 ealaíontóir náisiúnta agus idirnaisiúnta éagsúla páirteach ann, tá am (agus airgead) de dhith le gach rud a fheiceáil mar is ceart. Tá an saothar ar fad scaipthe fud fad na cathrach i suíomhanna suntasacha éagsúla ar nós Dánlann Hugh Lane, Dánlann Náisiúnta na hÉireann agus i suíomhanna taobh amuigh faoin spéir sa chathair féin. Is in Ascaill Phort an Iarla, an áit a mbíodh Coláiste na hOllscoile fadó, atá an chuid is mó den obair le feiceáil agus ina mbíonn seisiúin díospóireachta, seimineáir agus cainteanna ar siúl ann chomh maith.

Is é an teideal atá faoi scrúdú ag na healaíontóirí atá páirteach sa togra seo nó Terrible Beauty—Art, Crisis, Change & The Office of Non-Compliance agus tagann an coincheap ó dhán cáiliúil William Butler Yeats, Easter 1916, a bhí bunaithe ar imeachtaí polaitiúla/sóisialta an ama sin. Is cinnte go bhfuil i gceist ag príomhstiúrthóirí an taispeántais, Christian Viveros-Fauné agus Jota Castro, go spreagfadh an taispeántas machnamh agus go n-éileodh sé comparáid idir an tréimhse chorraithe dhorcha sin agus imeachtaí suaite na ré seo. Tá ealaíontóirí roghnaithe ag Castro agus Viveros- Fauné atá clúiteach ina gcáilíocht féin agus a bhfuil dearcadh domhanda ag baint leis an leagan amach saíochta agus polaitíochta atá le fáil ina saothar.

Ábhair Ilchineálacha

Tá cuid mhaith den obair bunaithe ar installations neamhghnácha, a thugann deis don chuairteoir a bheith lánpháirteach iontu. Feictear seo i saothar an tSeirbigh Braco Dimitrijevic, a dhéanann obair a spreagann muid chun scrúdú a dhéanamh ar imeachtaí stairiúla agus sa tsraith ghrianghrafadóireachta a chruthaigh Nina Berman, dar teideal Bainis Mhuirí, a thugann léargas truacánta ar thaithí shaighdiúir cabhlaigh a gortaíodh ag buama san Iaráic. Ealaíontóirí suntasacha eile ab fhiú a fheiceáil ann is ea an tEilvéiseach, Thomas Hirschhorn, a bhfuil installation ollmhór déanta aige le hábhair ilchineálacha agus tá saothar le Jannis Kounellis ann, an seanfhondúir Gréagach a bhí bainteach leis an ghluaiseacht ealaíne Arte Povera sna 60í agus na 70í.

Is ábhair shainiúla iad portráidí neamhfhoirmeálta gonta Alice Neel, Meiriceánach, a fuair bás i 1984. Tá a saothar le feiceáil i nDánlann Dhubhghlás de hÍde. In ainneoin an easpa aitheantais a fuair sí lena linn, breathnaítear uirthi inniu mar dhuine de na healaíontóirí réalaíocha is mó i Meiriceá agus baineann an t-aitheantas seo go mór lena portráidi, atá lán de bheocht imníoch agus de chomhbhá le staid an duine. Is ábhar dearfach é go bhfuil líon mór ealaíontóirí Éireannacha le feiceáil sna taispeántais fosta; ina measc cuirim i gcás, tá: amharc siar ar shaothar Willie Doherty i nDánlann Hugh Lane agus tá saothar nua déanta ag Patrick O Doherty (Patrick Ireland) don Dánlann Náisiúnta.

Tá an t-uafás oibre le feiceáil sna taispeántais éagsúla seo, rud a dtiocfadh leis a bheith treascrach go leor muna mbristear suas é. Níl mórán péintéireachta le feiceáil ann, rud a chuirfidh isteach gan amhras, ar roinnt cuairteoirí agus tá ealaín ann a chuirfidh mearbhall ort. Níl amhras ar bith ann, áfach, go spreagfaidh an saothar seo machnamh agus caint ar ghnóthaí ealaíne agus ar an ról atá ag na míndána i sochaí na linne seo.

Beidh na taispeántais seo le feiceáil go deireadh mí Dheireadh Fómhair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.