RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: cóisir Nollag oifige.

Íomhá
Íomhá

Bhí Deirdre ag tarraingt ar uair an chloig mall do chóisir na Nollag fá seo. Bhí sí ag deireadh na péice ag Ultán, a bhí ina shuí suas mar a bheadh an lá geal aige ann agus gan néal codlata air. Bhí sé ina dhiabhal déanta. Is cuma cén phlásaíocht agus béal bán a rinne sí leis, ní rachadh sé a chodladh. Ach rinne Andy tarrtháil uirthi sa deireadh agus nach ar Dheirdre a bhí an lúcháir Ultán a fhágáil ag a Dhaidí. Thóg Aindí a mhac agus thosaigh sé a chur cigilt ann. Duirt Deirdre: “I ngeall ar Dhia, a Aindí, ná cuir ó chodladh na hoíche glan é.”

“Fan go bhfeice tú,” arsa Aindí. “Fán am a bheas mise réidh leis, codlóidh sé codladh ná marbh.”

“Féadann sé sin,” arsa Deirdre, “nó ní bheidh fonn ar bith ormsa éirí roimh an lá leis.”

“Ná buair do cheann anois,” arsa Aindí. “Gabh thusa amach agus bain sult as an oíche. Éireoidh mise le hUltán ar maidin.”

“Mmm,” arsa Deirdre nó chuala sí an ceann sin roimhe. Dá dtiocfadh an diabhal é féin aníos as Ifreann agus uaill a ligean as, ní chluinfeadh Aindí é.

Shéid an tacsaí.

“Sin an tacsaí,” arsa Aindí. “Bí ar shiúl anois, sula dtosaíonn sé seo do chronú.”

Rinne Deirdre mar a iarradh uirthi agus bhí sí ag doras an tí ósta fá cheann deich mbomaite.

Chuir sí a soc isteach ar chúpla doras sula dtáinig sí ar lucht na hoifige. Sheas sí sa doras tamall. Ní raibh sí ach uair mall ach ba léir gur sin an uair a rinne an difear nó bhí Molly ina suí ar ghlúin Ifor fán am seo agus, cé go raibh greim coim ag Ifor uirthi agus é ag monamar leis léi, ba léir go raibh Molly ina cnap codlata. Bhí Siobhán ina suí ar a uillinn chlé agus pus chomh fada le bliain uirthi.

Bhí Tadhg amuigh ag croitheadh a thóna leis an cheol fhiáin a bhí ag dul chomh hard sin gur mheas Deirdre go raibh croí breise ag bualadh ina hucht. Ní raibh cuma air go raibh sé ag déanamh lá buartha do Thadhg cibé agus, de réir mar a bhí Deirdre ag amharc air, ba sin mar ba mhó a mheas sí gur cosúil le fear a bhí in abar é. Bhí an dá chos agus an dá sciathán aníos agus síos aige mar bheadh tonna meáchain iontu.

Ní raibh Cathal ná Bríd le feicéail ar chor ar bith agus, ar ndóighe, níorbh iontas mór ar bith sin, nó ghlacfá a bheith i do bhodhrán amach mura n-aithneofá go raibh an bheirt udaí i gceann a chéile. Ach dá gcasfaí an bheirt ort ag nochtadh as poll dorcha inteacht agus an ghruaig ina seasamh ar a gceann acu beirt, shéanfadh siad maith agus olc é.

Caithfidh sé gur bhuail sé Tadhg sa deireadh gur leis féin a bhí sé ag damhsa agus thiontaigh sé go mall righin i dtreo an triúir a bhí ina suí. Rinne sé béic le Siobhán ach níor chuala sise faic, agus cad é an dóigh a gcluinfeadh leis an raic a bhí san áit seo. Rinne Tadhg ar Shiobhán mar bheadh sé ag treabhadh fríd chlábar, ach ní bhfuair sé céim amháin féin gur fágadh ar mhullach a chinn é. Shuigh sé ansin mar bheadh tachrán a mbeadh mearbhall air. Níor chuir Siobhán sonrú ar bith san eachtra agus má chonaic sí tuisle Thaidhg, níor lig sí a dhath uirthi féin.

Chonaic Ifor deireadh agus bhéarfá mionna go raibh fonn air éirí; ach bhí leisce air ligean lena lasta agus shuigh sé ansin ag amharc ar Thadhg. Ba í Deirdre a rinne tarrtháil air sa deireadh agus seo anall í leis i dtreo an tábla. Rinne sí cinnte gur chaith sí síos é ag taobh an smutacháin nó ní raibh lá rúin aici suí ag éisteacht le Siobhán ag mairgnigh i rith na hóiche. Ní raibh Tadhg ina shuí i gceart gur thit sé thart agus a phluc buailte ar ghualainn Shiobháin.

“Seo, Bríd,” arsa Ifor agus é ag cogaint a chuid cainte. “Agus cé a dhéanfadh a háit?

“Cé go díreach,” arsa Deirdre agus thiontaigh sí ar a sáil agus rinne sí ar an doras.

“Tacsaí,” ar sise.

Cá bhfuil do thriall?” arsa fear an tacsaí.

A fhad ar shiúl ón áit seo agus a thig leat mo thabhairt, a mhic,” arsa Deirdre agus léim sí isteach.

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.