RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag déanamh réidh d’agallamh.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

Ní bhfuair Hannah néal codlata aréir. Chaith sí an oíche uilig ag athchognadh abairtí agus ceisteanna fá choinne an agallaimh poist lá arna mhárach. D’éirigh sí aniar sa leaba agus chuimil sí a dhá súil. D’amharc sí ar an chlog ag taobh na leapa. Ní raibh sé ach leath i ndiaidh a cúig. Bhí ceithre huaire eile ag síneadh roimpi agus bhí na hingne síos go dtí an dúid aici cheana féin.

Bhí Emma le theacht tuairim is a hocht a chlog le cuidiú léi déanamh réidh don agallamh. Bhí Hannah ag meabhrú anois go mb’fhéidir nach raibh sin ar an chinneadh is céillí a rinne sí ariamh nó bheadh an t-ádh dearg orthu mura n-éireodh eatarthu sula mbeadh an mhaidin istigh. A fhad agus a bhí sí ag cur thart na smaointe sin ina hintinn thit néal codlata ar Hannah agus níor chuala sí gíog ná míog gur bhuail clog an dorais ar cheathrú go dtí a hocht. Phreab Hannah aniar sa leaba.

“I ngeall ar Dhia,” ar sise agus í ag amharc ar an chlog, “i ndiaidh sin agus eile, chodlail mé istigh.”

Sháith sí a ceann amach ar an fhuinneog agus scairt sí síos le hEmma: “Tabhair sos don mhéar sin. Beidh mé leat anois.”

Síos an staighre léi agus d’oscail sí an doras d’Emma.

“An gcreidfeá é?” arsa Hannah. “Thar lá ar bith eile, chodlail mé istigh.”

Féadann tú tú féin a chroitheadh suas anois, bhuel,” arsa Emma. “Gabh thusa isteach san fholcadán agus dhéanfaidh mise greim bidh. Char mhaith duit a bheith ag brúchtaíl leis an ocras le linn an agallaimh.”

“Seo,” arsa Hannah, “níl an magadh maith. Dhéanfaidh mé gnaithe gan do chuid seanchainte maidin mar seo,” agus phill sí suas an staighre.

Chuir Emma síos friochadh breá agus, fán am a dtáinig Hannah anuas an staighre arís, bhí boladh muiceola sa chisteanach a leagfadh beithíoch.

“Emma, cad é faoi Dhia atá tú a dhéanamh? Foscail cúpla fuinneog. An bhfuil tú ag iarraidh mé a leagan le boladh muiceola nó cad é?”

“Órú fuist agus suigh síos ansin agus luchtaigh tú féin nó beidh sé tamall maith sula bhfaighidh tú greim eile,” arsa Emma.

Rinne Hannah mar a hiarradh uirthi ach, cé go raibh a goile thiar ar a droim, chomh luath agus bhris sí buíocán na huibhe tháinig samhnas uirthi. Bhrúigh sí an pláta a fhad uaithi agus a thiocfadh léi. Agus bhí sí ina suí ansin ag amharc ar bhuíocán na huibhe ag éirí crua nuair a dúirt Emma: “Cad é atá tú a chaitheamh?”

“Sin ceist,” arsa Hannah.

“Féadann tú a freagairt gan mhoill nó ní thig leat a dhul chuig agallamh agus gan toint ort,” arsa Emma.

“Nach mór an cuidiú tusa,” arsa Hannah. “Tá cúpla culaith thuas an staighre agam. Siúil leat suas go bhfeicfidh muid cén ceann is fóirsteanaí.”

Nuair a chuaigh siad isteach sa tseomra leapa cúil chonaic Emma go raibh trí chulaith éadaí sínte ar an leaba ag Hannah. Ceann dearg a bhainfeadh an dá shúil asat, ceann dubh a d’fhóirfeadh go breá do thórramh agus ceann dúghorm a dhéanfadh gnaithe breá.

“Bhí mé ag smaointiú ar an cheann dearg a chaitheamh,” arsa Hannah.

“Tá súil agam go mbíonn a gcuid gloiní gréine leo, bhuel,” arsa Emma.

“Sin é,” arsa Hannah. “Bain na cosa as fúm nuair is cuidiú atá de dhíth orm. Nár shíl mé gur dhúirt duine inteacht gur cheart duit rud inteacht a chaitheamh a gcuirfeadh siad sonrú ann.”

“Dúirt,” arsa Emma, “ach níor mhol siad *migraine *a thabhairt don bhord agallaimh agus tú ina cheann.”

Lig Hannah osna. “Cén ceann a mholfadh an cloigeann críonna, bhuel?” ar sí.

“Bhuel, ó tharla nach bhfuil aon duine marbh go fóill agus nach bhfuil tórramh ort áit ar bith, mholfainn an ceann dúghorm.”

Ní dhearna Hannah ach an chulaith a sciobadh den leaba agus a dhul isteach sa tseomra béal dorais. Fá cheann cúpla bomaite phill sí agus an chulaith uirthi agus léine fhiáin dhearg faoin chasóg.

An ndéanfaidh mé gnaithe?” arsa Hannah agus í ag cornadh bhun na casóige.

“Is maith liom an léine,” arsa Emma.

Rinne Hannah gáire. “Tá a fhios agat an sean-nath,” ar sí. “An rud atá sa bhun bán, tá sé sa bharr glas.

“Féadann tú sin a rá,” arsa Emma.

“Cén chuma atá air amuigh?” arsa Hannah. “An mbeidh cóta mór de dhíth orm?”

“Beidh. Bhainfeadh an lá inniu an fheasóg den chat,” arsa Emma.

Bheir Hannah greim ar a cóta mór agus síos an staighre léi.

“Ádh mór,” arsa Emma léi ó bharr an staighre.

“Beidh sé uilig de dhíth orm,” arsa Hannah agus í ag tarraingt an dorais ina diaidh.

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.seanod.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.