RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: Lá Nollag.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

“Cad é mar a chuir tú an Nollaig isteach, a Aindí?” arsa Nuala nuair a bhuail sí leis agus iad beirt amuigh ag coisíocht.

“Órú, ag troid agus ag scansáil mar is gnách,” arsa Aindí. “An bhfuil dóigh ar bith eile air?

“Mo chreach nach bhfuil,” arsa Nuala. “Bheirim mionna gach bliain úr gurbh fhearr liom a bheith i bprochóg ar thaobh sléibhe ná a bheith sa bhaile lá Nollag.”

“Míle altú do Dhia,” arsa Aindí, “duine atá ag teacht liom féin sa deireadh.”

“Cén cnádán a bhí ar do chuidse i mbliana cibé?” arsa Nuala.

Lig Aindí osna agus chuir sé a ghualainn leis an bhalla nó bheadh taca de chinéal inteacht de dhíth sula mbeadh an scéal seo canta.

“Bhuel,” ar seisean, “thoisigh sé maidin lá Nollag. Bhí mé i mo luí i mo leaba agus mé breá clúthar nuair a chuala mé mo mháthair ag trup trapáil thart fán teach sula dtáinig an lá. Bhí a raibh sa teach muscailte aici. D’oscail sí doras an tseomra agus scairt sí in airde a cinn: ‘An bhfuil a dhath le ní agat?’”

“’Inniu!’ arsa mé féin. ‘Seo lá Nollag. Nach ndéanfaidh sé gnaithe amárach?’”

“’Ní maith liom rudaí salacha a bheith ina luí thart,’ arsa sí agus thosaigh sí ag carnadh suas a raibh d’éadach ar urlár an tseomra.”

“’Tá sé chomh maith agat a bheith i do shuí anois ó tharla tú muscailte,’ ar sí agus dhruid sí an doras.”

Ní thabharfadh sé de shásamh di éirí ar an toirt ach bhí a fhios aige nach raibh maith dó luí leis nó go ndéanfadh sí an oiread sin trup agus nach bhfaigheadh sé lá suaimhnis cibé. Chaith sé a dhá chois amach ar an urlár agus shín sé síos fá choinne a phéire bríste ach, ar ndóighe, bhí siad sciobtha aici féin agus ní raibh a dhath fána choinne ach péire glan a chuardach.

Seo isteach sa tseomra arís í.

“A Mhamaí!” arsa Aindí.

“Orú cén faitíos atá ort? Níl a dhath agat nach bhfaca mé roimhe,” ar sí. “Seo do bhronntanas. Tá mé á thabhairt duit anois nó b’fhéidir gur mhaith leat tú féin a chóiriú mar athrach.” Agus amach léi arís.

Thit croí Aindí. Stróic sé an páipéar den bhronntanas agus ina luí roimhe bhí péire brístí liatha agus léine a bhí chomh bléascach sin go lasfadh sí seomra dorcha.

“Fliúc,” arsa Aindí. “Cad é faoi Dhia a dhéanfas mé anois?” Ach nuair a bhí gach ball éadaí dá raibh aige sa níochán aici, chaithfeadh sé iad a chur air. D’amharc sé air féin sa ghloine agus ní dhearna sé ach a cheann a chroitheadh.

“Tá súil agam nach dtig Críostaí beo chun an tí seo inniu nó beidh mé náirithe glan.”

“Ní raibh sé ina shuí ag tábla an dinnéara i gceart nuair a tháinig Frank agus Úna.

“Dia sa teach,” arsa an bheirt acu. “Níl muid ag suí. Isteach agus amach go díreach.”

Tuigim daoibh,” arsa Aindí agus rinne sé iarracht é féin a fhollú ar chúl iris teilifíse.

“Cén deifre atá oraibh?” arsa an mháthair. “Tarraingigí isteach cathaoir agus suígí bomaite agus bíodh bhur gcomhrá agaibh. Níl faill suí ná seasamh ag daoine óga an lae inniu.”

“Bhuel, bomaite,” arsa Úna agus bhí a súil sáite in Aindí. D’amharc sí ar an léine agus ansin ar an bhríste agus ansin d’amharc sí ar Frank. Bhí a lámh lena bhéal ag Frank agus bhí a fhios ag Úna go maith go raibh an gáire ag briseadh air.

“Chím,” arsa Úna, “go dtáinig Santaidh chuig Aindí.”

“Tháinig. Shiúil mé an baile ag cuartú an léine sin,” arsa an mháthair. “Bím tinn ag amharc air ag liúisteáil thart ansin agus achan lá mar a bheadh lá tórraimh aige. Ní bhíonn a dhath thuas ar a dhroim ach dubh.

“Tá sin ina athrú aige cinnte,” arsa Frank. “Beidh sé ábalta a chaitheamh chuig an damhsa san oíche amárach.”

Bhuail Aindí cic ar Frank faoin tábla agus dúirt sé leis: “Shíl mé go raibh deifre oraibh. Níor mhaith linn sibh a choinnéail.”

“Éist leisean,” arsa an mháthair. “Ná corraigí anois go ndéanfaidh mé cupa tae.” Agus d’éirigh sí agus chuir sí síos an ciotal.

“Má luann tú an diabhal léine seo uair amháin eile,” arsa Aindí, “dhéanfaidh mé luíochán ort agus beidh tú nimhneach mí.”

“Tá an ceart aige,” arsa Úna. “Níl an magadh maith. Is iomaí Nollaig a fágadh mise agus culaith nó geansaí agam nach gcuirfinn suas ar mo dhroim a choíche ach amháin gur cheannaigh mo mháthair domh é.”

“Cad é sin?” arsa an mháthair agus í ag cur síos na gcupaí tae.

“Óch, ag déanamh a mhór do bhronntanas Aindí atá muid,” arsa Frank. “Nach maith a bhí a fhios agat cad é a mbeadh dúil aige ann.”

Rinne Nuala comhbhrón le hAindí agus dúirt Aindí nach raibh ansin ach an tús, go raibh dinnéar na Nollag le caitheamh, tráthnóna mór fada rompu agus na daoine muinteartha uilig amach agus isteach i rith an lae.

“Bheadh muid anseo an lá ar fad dá dtabharfainn an scéal uilig duit,” arsa Aindí. “Ach tá mionna amháin déanta agamsa don bhliain úr.”

“Cad é sin?” arsa Nuala.

“Ní chaithfidh mé Nollaig amháin eile mar sin,” ar sé.

“Cad é a dhéanfas tú nó cá bhfuil do thriall ar an bhliain seo chugainn?” ar sí.

“Maracó,” arsa Aindí.

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.seanod.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.