AR NA SAOLTA SEO/FACHTNA
Tadhg an dá thaobh?
Fachtna Ó Drisceoil Fachtna Ó Drisceoil Fachtna Ó Drisceoil

Tá Fachtna Ó Drisceoil den tuairim nach bhfuil an straitéis cheart roghnaithe ag Lucht Oibre don chéad olltoghchán eile agus go mbeidh an páirtí féin agus an daonlathas thíos leis seo.

Íomhá
Íomhá
Ruairí Quinn, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre

Chonacthas don Lucht Oibre gur rogha an dá dhíogha a bhí acu. D’fhéadfaidís a fhógairt don phobal nach rachaidís isteach i gcomhrialtas le Fianna Fáil i ndiaidh an chéad olltoghcháin eile pé rud a tharlódh. Ach dá ndéanfaidís é sin, ní bheadh aon chumhacht mhargáintíochta acu nuair a rachaidís ag caint le Fine Gael i ndiaidh an olltoghcháin - ag glacadh leis go mbeadh go leor suíochán ag an dá pháirtí agus b’fhéidir ag an bPáirtí Glas le rialtas a bhunú. Agus sa chás nach mbeadh go leor suíochán ag na trí pháirtí sin, bheadh ar an Lucht Oibre fanacht sa bhfreasúra. Tá a fhios acu go maith nach maithfeadh an pobal dóibh é dá rachaidís isteach i rialtas le Fianna Fáil tar éis geallúint a thabhairt nach ndéanfaidís amhlaidh.

Ar an dtaobh eile den scéal d’fhéadfaidís a roghanna a choimeád oscailte. An baol a bheadh leis an straitéis sin ná go bhféadfadh an chuma a bheith ar an scéal go raibh siad sásta dul isteach sa leaba le páirtí ar bith ar mhaithe leis na Mercanna Aireachta a fháil. Freisin, d’fhéadfadh sé tacaíocht a chailliúint ón sciar mór den phobal a bhaineann leis an dearcadh “Duine ar bith ach Fianna Fáil.” Mar a tharla, chinneadar ar an dara rogha. Ach rinneadar iarracht an baol a bhaineann leis a mhaolú trí tabhairt le fios go mb’fhearr leo a bheith i bpáirt le Fine Gael ná le Fianna Fáil dá mbeadh an rogha acu.

Muna raibh acu ach an dá rogha sin, níl aon amhras ach go ndearnadar an rogha cheart ó thaobh leas an Lucht Oibre sa ghearrthéarma. B’ionann an chéad rogha agus seic glan a scríobh d’Fhine Gael. Tugann an dara rogha deis níos fearr dóibh a bheith mar chuid láidir den chéad rialtas eile.

Rogha eile

=======

Ach tá rogha eile ann, rogha nár pléadh ar chor ar bith. Is é sin dul i mbun cainte anois roimh an olltoghchán le Fine Gael agus leis an bPáirtí Glas maidir le malairt rialtais a thairiscint do na vótóirí. Bheadh go leor buntáistí aige seo.

Dá rachadh an Lucht Oibre chun cainte le Fine Gael anois bheadh cumhacht mhaith mhargáintíochta acu. Muna mbeadh Fine Gael flaithiúil leo, d’fhéadfaidís éirí as na cainteanna agus filleadh ar an status quo. Ach sé is dóichí go mbeadh Fine Gael flaithiúil ag an bpointe seo mar thuigfeadh siad gurbh é an seans is fearr a bheadh acu féin a bheith i gcumhacht i ndiaidh an olltoghcháin. Dár ndóigh, ní fhéadfaí gach uile ní a shocrú toisc nach bhféadfaí a thuar cé mhéid suíochán a bheadh ag na páirtithe i ndiaidh an olltoghcáin. Ach d’fhéadfaí na rudaí is tábhachtaí a shocrú - clár toghcháin aontaithe agus cé a gheobhadh an aireacht airgeadais agus cúpla móraireacht eile.

Neartódh an comhaontas na trí pháirtí - b’fhearr le go leor daoine vótáil do pháirtithe a bhfuil seans maith acu a bheith sa rialtas. Mhéadódh an leibhéal aistriúcháin idir na páirtithe. Chomh maith leis sin, vótálfadh roinnt frith-Fhianna Fáilithe don Lucht Oibre nach vótálfadh dóibh dá gceapfaidís go raibh seans ann go rachadh siad i bpáirt le Fianna Fáil. D’fheicfí go raibh an Lucht Oibre ag tabhairt teachtaireacht shoiléir don phobal agus ní fhéadfaí Tadhg an dá thaobhachas a chur ina leith.

Rogha níos soiléire

Ach bheadh buntáiste níos fadtéarmaí ag baint leis an straitéis seo don Lucht Oibre. Bíonn an páirtí i gcónaí ag gearán nach reáchtáiltear polaitíocht na tíre seo ar bhonn deas-clé mar a dhéantar i dtíortha eile. Is é an leigheas atá ag an Lucht Oibre air seo ná go n-aontódh Fianna Fáil agus Fine Gael le chéile. Tá a fhios ag madraí na sráide nach dtarlóidh sé seo. Ach dá rachadh an Lucht Oibre i bpáirt anois le Fine Gael agus an Comhaontas Glas, chuirfeadh sin rogha níos soiléire deas-clé ar fáil don phobal ná mar a bhí acu riamh cheana.

Tá Fine Gael tar éis bogadh ar chlé cheana féin chun an Lucht Oibre a mhealladh. Tá an Páirtí Daonlathach tar éis claonadh na heite deise a thabhairt don Chomhrialtas FF/PD. Chuirfeadh an deighilt idé-eolaíoch seo idir an dá bhloc na ceisteanna ar mian leis an Lucht Oibre a bheith ag caint fúthu i gcroílár an fheachtais toghcháin, ceisteanna ar nós: “Cánacha níos ísle nó seirbhísí poiblí níos fearr?”.

Ach tá cúis níos tábhachtaí fós gur chóir don Lucht Oibre iarracht a dhéanamh rialtas gan Fianna Fáil ann a thairiscint don phobal. Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá an chuma ar an scéal go bhféadfadh Fianna Fáil a bheith i gcumhacht go ceann tamaill fhada le cúnamh an Lucht Oibre nó pé dream eile a d’oirfeadh ag an am. Níl sé go maith don daonlathas go mbeadh páirtí amháin i gcumhacht rófhada. Ní bheadh Fianna Fáil ábalta é seo a dhéanamh murach go raibh an Lucht Oibre ann gach uair go raibh gá leo chun na figiúirí a dhéanamh suas.

Gan amhras is é an straitéis atá roghnaithe ag an Lucht Oibre anois an ceann is fearr chun cumhacht a bhaint amach i ndiaidh an olltoghcháin. Ach ní hé an straitéis is fearr do leas fadtéarmach an pháirtí. Agus ní hé an straitéis is fearr do leas fadtéarmach an chórais pholaitiúil.

Is as Baile Átha Cliath é Fachtna Ó Drisceoil. Is saoririseoir agus craoltóir é. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis ag dubhros@iolfree.ie.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.