CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Tábhacht na réamhscolaíochta don Ghaeltacht

Ní féidir labhairt na Gaeilge a chothú i measc pháistí óga na Gaeltachta gan córas ceart réamhscolaíochta a fhorbairt. Ba cheart go mbeadh sé seo mar thosaíocht ag an Rialtas.

Tá An Bille Comhionannais Teanga agus Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta foilsithe. Tá mórán stró curtha ag daoine orthu féin ag ullmhú agus ag cur le chéile an dá cháipéis seo ach an bhfuil sé chomh deacair sin tosaíocht éigin a aimsiú le todhchaí na Gaeltachta a chinntiú?

Inár dtuairimne, tá cinneadh amháin bunúsach le déanamh ag an Rialtas agus ag na húdaráis chuí! Níl an dara rogha ag an Stát, má tá sé dáiríre faoi shlánú na Gaeilge, ach infheistíocht shubstaintiúil a dhéanamh sa chóras réamhscolaíochta agus i naíonraí na Gaeltachta.

Seo an t-aon dóigh gur féidir a chinntiú go rachaidh an Ghaeilge ó ghlúin go glúin. Caithfear a chinntiú go sealbhóidh páistí na Gaeltachta ach go háirithe an teanga sula dtéann siad chun na bunscoile.

Caithfear airgead a chaitheamh ar struchtúr leathan naíonraí le háiseanna maithe agus stiúrthóirí oilte ar phá tarraingteach. Má bhíonn naíonraí ar ardchaighdeán againn, ansin thig linn a bheith cinnte go ndéanfar nós dearfach teanga a fhorbairt i measc an aosa óig.

Ní bheidh leithscéal níos mó ag na múinteoirí bunscoile sa Ghaeltacht a deir nach mbíonn an Ghaeilge ag na páistí agus iad ag teacht chun na scoile. Beidh an Ghaeilge ag na páistí agus iad ag siúl isteach i dteach na scoile - ní bheidh le déanamh ag na múinteoirí ach a gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtach. Is ceart go mbeadh an córas naíonra seo neamhspleách ar na bunscoileanna agus ag feidhmiú lasmuigh den chóras sin.

Buntáiste eile, dár ndóigh, ná go mbeadh teagmháil rialta ag tuismitheoirí na bpáistí a bheadh páirteach sa chóras nua seo leis an Ghaeilge agus bheadh deiseanna ann imeachtaí ar leith i nGaeilge a eagrú dóibh go minic. Is cinnte go dtabharfadh sé seo spreagadh dóibh agus go gcuirfeadh sé ar a súile dóibh gur féidir leo cinneadh teanga a dhéanamh.

Caithfear beart dearfach a dhéanamh go luath ar son na teanga. Caithfear tosú in áit éigin, agus níl áit níos fearr ná ag leibhéal na réamhscolaíochta.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.