CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Tá sé tábhachtach vóta a chaitheamh

Is minic a bhítear ag gearán faoi na polaiteoirí in Éirinn ach is faoi na vótálaithe féin atá sé iarrthóirí a roghnú a bheas níos ionraice agus níos radaicí ná iad siúd a bhfuil an chumhacht acu faoi láthair.

I gceann cúig bliana eile, sa bhliain 2007, beidh toghchán eile againn, muna dtiteann an rialtas a thiocfaidh i gcumhacht an samhradh seo níos luaithe ná sin. Is féidir a bheith cinnte de go mbeidh daoine fós ina gcodladh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, Luimnigh, na Gaillimhe agus Chorcaí. Beidh na mangairí drugaí fós i mbun gnó i gcúinní dorcha fá shráideanna na gcathracha. Beidh ar inimircigh fós seasamh i scuainí ar feadh an lae ag lorg ceada fanacht sa tír. Beidh an lucht taistil ar thaobh an bhealaigh mhóir agus beidh liosta feithimh na n-ospidéal níos faide ná riamh.

Is beag athrú a thiocfaidh ar chúrsaí sna cúig bliana atá romhainn.

Is léir gur seo an dearcadh atá ag tromlach na ndaoine a bhfuil cead acu vótail i dtoghchán na míosa seo. Caithfidh daoine a vóta ach gan mórán dóchais acu go dtiocfaidh aon mhórathruithe. Is cuma cé acu Bertie Ahern nó Michael Noonan a cheapfar ina Thaoiseach. Is cuma cé acu Fianna Fáil nó Fine Gael a bheas i mbun rialtais agus is cuma cé na páirtnéirí a bheas acu, bíodh sin an Lucht Oibre, an Comhaontas Glas nó an Páirtí Daonlathach.

Sin an fáth nach rachaidh, meastar, ach 65% den phobal amach ag vótáil - creideann an 35% eile nach dtarlóidh aon athrú radaiceach.

Is deacair a rá go díreach cén fáth nach dtagann na hathruithe sóisialta is mian le mórán daoine a fheiceáil. Tá cúiseanna ann gan amhras agus is againne féin réiteach na faidhbe.

Beidh go leor againn ag vótáil do pháirtithe agus do pholaiteoirí a thuigtear dúinn a bheith coimeádach agus a fhágfaidh rudaí mar atá. Tá seo á dhéanamh againn mar go bhfuil muid féin ar ár sáimhín só agus níor mhaith linn ár gcompord agus ár gcaighdeán maireachtála a roinnt leo siúd atá faoi mhíbhuntáiste. Fhad is go bhfuil árachas sláinte agus gluaisteán deas againn, tá muid ar nós cuma liom faoi dhaoine eile.

Cé go bhfuil go leor d’ár bpolaiteoirí, cuid acu a bhí sa Dáil dheireanach, anois faoi scamall, beidh muid fós ag vótáil dá gcomhghleacaithe nó dóibh féin gan aon mhachnamh ceart a dhéanamh. Cé go bhfuil daoine maithe eile, cuid acu ina neamhspleáigh, ag teacht chun tosaigh is beag seans atá acu dul isteach doirse na Dála. Tá an córas polaitiúil faoi smacht na bpáirtithe móra polaitúla. Má tá baint agat le páirtí ar leith agus iad sa Rialtas beidh an pull agat agus sin mar atá sé.

Tá slí ann chun an scéal seo a athrú, áfach. Tá slí ann leis an bhrú a chur ar na polaiteoirí proifisiúnta a bheith díreach agus ionraic.

Is é an tslí sin ná cinneadh a dhéanamh dul amach lá an olltoghcháin agus vóta a chaitheamh don iarrthóir is ionraice agus is measúla ar an liosta. Fág as an áireamh na polaiteoirí a sheas siar agus a dhruid a súile cé go raibh a fhios acu go raibh gaimbíneachas i gceist agus go raibh socruithe mídhleathacha á ndéanamh ag a gcairde.

Tá teachtaí Dála in iomaíocht sa toghchán a raibh a fhios acu go raibh caimiléireacht ar siúl ag Burke, Haughey, O’Keefe, Foley, Lowry, Flynn, Cooper-Flynn agus Lawlor.

Ná tabhair vóta dóibh. Is linne an Dáil agus daonlathas na tíre seo. Ní thiocfaidh athrú muna mbíonn tusa féin sásta seasamh a thógáil!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.